Bíodh teach agus áiléar teolaí agat

Is féidir le teas a chosaint i gcoinne phíobáin reoite. Bíodh an córas teasa in úsáid agat do thréimhsí níos faide ar shocraithe níos ísle, fiú agus tú imithe. Lig teas isteach san áilear tríd an gcomhla thógála a fhágail ar oscailt nó trí sholas a lasadh istigh ann.

Bíodh teach agus áiléar teolaí agat

Socraigh soláthar uisce inólta atá úr

Ba chóir duit soláthar uisce inólta atá scartha ón bpríomhchóras a bheith agat ar d’áitreabh ar eagla go reofadh do phíobán uisce nó dá bpléascfadh sé le linn teochtaí fuara.

Socraigh soláthar uisce inólta atá úr

Laghdaigh siorraí

Cinntigh go bhfuil bearnaí faoi dhoirse agus thart ar fhuinneoga clúdaithe mar d’fhéadfadh aer fuar na píobáin laistigh de do theach a reo.

Laghdaigh siorraí

Ná fág do sconnaí ar siúl

Ná fág do sconnaí ar siúl, le píobáin reoite a sheachaint. D’fhéadfadh sé seo na draenacha a reo agus cuireann sé an-bhrú ar sholáthar uisce an líonra.

Ná fág do sconnaí ar siúl

Cinntigh do dtéann aer te timpeall an tí

Ba chóir duit doirse a oscailt agus ligint d’aer te dul timpeall na seomraí nach dtéitear. Is féidir leis seo umair agus píobáin reoite a sheachaint nuair a bhíonn an aimsir fuar.

Cinntigh do dtéann aer te timpeall an tí

Déan seiceáil ar do chomhla stoptha laistigh

Aimsigh do chomhla stoptha laistigh, a bhfuil smacht ar do sholáthar uisce aici. Déan cinnte gur féidir leat í a oscailt agus í a dhunadh i gcás sceite. Má tá tú ag dul ar saoire, ba chóir duit an chomhla stoptha a chasadh as agus an córas a dhraenáil ionas nach mbeadh uisce le reo sna píobáin.

Déan seiceáil ar do chomhla stoptha laistigh

Deisigh sconnaí seachtracha atá á sileadh

Molaimid go ndéanfaidh tú deisiúcháin ar aon sconna atá á sileadh, cinn seachtracha le linn an gheimhridh ach go háirithe. D’fhéadfadh uisce ó sconna atá á sileadh reo ar an talamh agus tá baol ann go sleamhnódh duine agus é/í féin a ghortú.

Deisigh sconnaí seachtracha atá á sileadh

Déan seirbhís ar do choire

Ní mór duit seirbhís rialta a fháil do do choire, seirbhís ó phluiméir creidiúnaithe le cinntiú go n-oibríonn do choire go héifeachtúil chun do theach nó gnó a choimeád teolaí. Mura ndéanann tú amhlaidh, d’fhéadfadh sceitheanna reo agus tá baol ann go mbeadh ort íoc as deisiúcháin chostasacha mar thoradh.

 

Déan seirbhís ar do choire

Déan insliú ar umair agus píobáin uisce

Ba chóir go mbeadh gach píobán atá nochta, píobáin san áiléar san áireamh a bheith inslithe. Déan insliú ar sconnaí seachtracha, nó cuir tuáille timpeall orthu.

Déan insliú ar umair agus píobáin uisce

Múch an soláthar uisce agus tú ag imeacht ar feadh tréimhse

Ba chóir duit soláthar uisce d’áitribh a mhúchadh sa chás nach mbeidh éinne i d’áitreabh ar feadh tamaill. Is féidir libh é seo a dhéanamh ón mbuacaire seachtrach. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil aon áiseanna nó fearais a mbíonn uisce ag teastáil uathu múchta chomh maith.

Tá dallán seaca curtha i ngach bosca méadar uisce atá suiteáilte ag Uisce Éireann, le reo an mhéadair agus reo an bhuacaire a sheachaint.

Mura bhfuil méadar suiteáilte ag Uisce Éireann agus tá bhfuil tú buartha go reofadh an buacaire, oscail an buacaire agus bain aon uisce atá laistigh de. Líon an buacaire le hábhar atá neamhshúiteach. Ná húsáid ábhar atá súiteach, mar reofadh sé nuair atá sé fliuch.

Níl sna leideanna seo ach treoracha. Téigh go www.winterready.ie le tuilleadh eolas a fháil.

An bhfuil píobáin agat atá pléasctha nó reoite? Réiteach na faidbhe

Back to the top