Is é seo a leanas an próiseas maidir le do mhéadar uisce a shuiteáil:
• Dhá sheachtain ar a laghad roimh an tsuiteáil, gheobhaidh tú paca eolais ina míneofar suiteáil an mhéadair uisce.
• Dhá lá ar a laghad roimh an tsuiteáil gheobhaidh tú teachtaireacht eile ina ndeimhneofar fráma ama an dáta ar a ndéanfar an méadar uisce a shuiteáil.
• De ghnáth, déanfar bosca méadair a fheistiú sa chosán poiblí taobh amuigh de d'áit chónaithe.
• Coimeádáin phlaisteacha is ea na boscaí méadair, agus an barr le feiceáil ar leibhéal na talún. Is iontu a bheidh an méadar agus an buacaire i gcomhair d'áite cónaithe.
• Ansin suiteálfar an méadar uisce laistigh den bhosca méadair.
• Agus an bosca méadair á shuiteáil, rud a d'fhéadfadh suas le dhá uair an chloig a thógáil, cuirfear isteach ar do sholáthar uisce ó am go chéile.
• In ainneoin do mhéadar a bheith suiteáilte, ní thosóidh Uisce Éireann ag gearradh airgid ort gan fógra roimh ré i scríbhinn.

I gcomhair tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.water.ie/metering
 

 

 

Back to the top