Mar fhóntas náisiúnta uisce, beidh Uisce Éireann ag bailiú airgid agus ag déanamh cinntí infheistíochta ar bhonn náisiúnta. Cinnteofar leis seo go mbeidh córas uisce ann atá in ann freastal ar éilimh sa todhchaí.

Is acmhainn luachmhar é uisce, ach tá sé costasach le seachadadh. Tá costas de €1.2 billiún i gceist gach bliain leis an gcóras uisce poiblí a choinneáil ag gabháil, agus €1 billiún den mhaoiniú seo ag teacht ón Státchiste. Níl an tsamhail mhaoinithe reatha seo inbhuanaithe a thuilleadh.

Ina theannta sin, tá infheistíocht ag teastáil ónár n-infreastruchtúr le héilimh mhéadaithe a chomhlíonadh agus le cinntiú go leantar ar aghaidh le huisce ardchaighdeán a sholáthar sa todhchaí.
Beidh seirbhísí uisce feabhsaithe agus níos sábháilte ann de thairbhe na hinfheistíochta méadaithe.

In ainneoin dea-obair na nÚdarás Áitiúil, tá laigí in infreastruchtúr an chórais uisce de bharr easpa infheistíochta agus, mar thoradh air sin, tá ardrátaí sceite, caighdeáin cháilíochta éagsúla agus cur isteach ar an soláthar. Cinnteofar leis an tsamhail mhaoinithe nua, bunaithe ar bhailiú ioncaim agus ar athinfheistiocht, gur féidir leis an gcóras uisce poiblí freastal ar dhúshláin na todhchaí agus na caighdeáin a bhféadfaidh muid a bheith bródúil astu a sheachadadh.

Mar chuid dár gcur chuige nua fadtéarmach le hacmhainní uisce ríthábhachtacha na hÉireann a bhainistiú, beidh Uisce Éireann ag tabhairt méadrú uisce isteach i dtithe ar fud na tíre. Cuirfidh an fhaisnéis a fhaigheann Uisce Éireann agus a chuid custaiméirí ó sholáthar uisce méadraithe, ar chumas an bheirt acu dul i dtaithí ar bhainistíocht uisce níos inbhuanaithe.

Chomh maith leis sin, leis an éileamh domhanda ar uisce le hardú le 40% laistigh de 20 bliain, beidh Éire suite go maith chun infheistíocht choigríche agus dúchasach a mhealladh, agus mar sin de fíorphoitéinseal le haghaidh post laistigh den tír a chruthú.

Back to the top