17. Oibleagáidí Sochair Scoir

Oibríonn an Chuideachta dhá scéim sochair shainithe agus scéim ranníocaíochta sainithe.

(a) Scéimeanna pinsin sochair shainithe de chuid Uisce Éireann

Feidhmíonn an Chuideachta scéim ranníocach le sochar sainithe (“Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann”) mar a éilítear faoi ailt 19 agus 27 den Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2) 2013 maidir le fostaithe na Cuideachta, a bhí ag obair roimhe sin do na hÚdaráis Áitiúla nó don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Bunaíodh an scéim seo ar an 27 Eanáir 2017. Feidhmíonn an Chuideachta scéim ranníocach sochair shainithe (“Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia)”) le haghaidh fostaithe a ghlac páirt i scéim pinsin sochair shainithe Ervia go dtí an scaradh dlíthiúil ó Ervia. Ar an 1 Eanáir 2023, ghlac Uisce Éireann an oibleagáid sochair scoir maidir le costas seirbhíse fostaithe cuí amach anseo a d’aistrigh go hUisce Éireann ó Ervia nuair a scaradh iad go dlíthiúil. Bunaíodh an scéim seo ar an 1 Eanáir 2023. Soláthraíonn an dá scéim sochair scoir bunaithe ar thuarastal inphinsin deiridh agus tuarastal glan inphinsin i dtaca le seirbhís inphinsin amach anseo, chomh maith le “gné thimfhillteach” a choimeádann an nasc tuarastail deiridh maidir le seirbhís inphinsin roimhe seo a thugtar chun críche roimh pháirt a ghlacadh le hUisce Éireann.

Is é an Bord Iontaobhaithe ar a bhfuil ionadaithe baill agus fostóra a riarann na scéimeanna sochair shainithe. Tá an Bord Iontaobhaithe faoi seach freagrach as na scéimeanna a bhainistiú agus a rialú, rud a chuimsíonn comhlíonadh na ndlíthe agus na rialachán ábhartha go léir. Coimeádtar sócmhainní na scéimeanna as féin amach ó shócmhainní na Cuideachta i gcistí arna riar ag iontaobhaithe. Rinne achtúire cáilithe an luacháil ba dheireanaí ar Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann ar an 1 Aibreán 2025. Is é an dáta éifeachtach don chéad luacháil achtúireach eile an 1 Aibreán 2028. Rinne achtúire cáilithe an luacháil ba dheireanaí ar Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia) ar an 1 Aibreán 2023. Is é an dáta éifeachtach don chéad luacháil achtúireach eile ná 1 Aibreán 2026.

Mar gheall ar na scéimeanna, tá an Chuideachta neamhchosanta ar roinnt rioscaí, seo a leanas na cinn is suntasaí:

Luaineacht sócmhainne

Déantar na dliteanais a ríomh ag úsáid ráta lascaine atá socraithe le tagairt do thorthaí bannaí. Mura bhfuil sócmhainní ag déanamh chomh maith agus a léireodh an toradh seo, d’fhéadfadh sé sin easnamh ní ba mhó a chruthú. Tá cuid shuntasach de shócmhainní fáis (gnáthscaireanna) ag na scéimeanna agus cé go bhfuiltear ag súil le go bhfeidhmeoidh siad níos fearr ná bannaí corparáide san fhadtéarma, cruthaíonn siad luaineacht agus riosca breise sa ghearrthéarma.

Athruithe ar thorthaí bannaí

Má thagann laghdú ar thorthaí bannaí corparáideacha, tiocfaidh ardú ar an luach a chuirtear ar dhliteanais chun críocha cuntasaíochta, cé go ndéanfaidh ardú ar luach aon ghabháltais bannaí ag na scéimeanna an t-ardú sin a fhritháireamh i bpáirt.

Boilsciú tuarastail

Ós rud é gur scéim tuarastail deiridh atá i gceist, tá nochtadh i leith sochair mhéadaithe ann mar gheall ar mhéaduithe airde ar thuarastail ná mar a rinneadh foráil dóibh sna toimhdí. Déanann na toimhdí a úsáidtear chun an tuarastal deiridh a fhortheilgean ionchorprú ar chomhpháirt a bhaineann le haois chomh maith le bun-ráta bunúsach mar liúntas le haghaidh incrimintí agus arduithe céime. Ciallaíonn comhpháirt timfhillte an deartha sochair (is é sin, ceangal na seirbhíse inphinsin a cuireadh i gcrích le comhlacht roimhe seo) go bhfuil na dliteanais fhabhraithe íogair go leor maidir le fás tuarastail atá níos airde ná a cheaptar.

Boilsciú

Tá oibleagáidí sochair shainithe na scéimeanna nasctha le boilsciú (tá na sochair nasctha le harduithe ar thuarastal do chomhaltaí gníomhacha, agus tá na sochair choinnithe nasctha ar bhonn lánroghnach le harduithe a thugtar ar phinsean iarscoir do chomhaltaí iarchurtha nó ar athluacháil reachtúil). Beidh dliteanais níos airde mar thoradh ar bhoilsciú atá níos airde ná mar atáthar ag súil leis. Tá thart ar cheathrú cuid den chiste infheistithe i mbannaí bhoilsciúnasctha mar chomhoiriúint ar fhíordhliteanais den sórt sin.

Riosca ionchais saoil

Tá formhór oibleagáidí na scéimeanna ann le sochair a chur ar fáil do shaol an bhaill (agus a chleithiúnaithe), agus tiocfaidh ardú ar na dliteanais mar thoradh ar arduithe ar an ionchas saoil.

Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann

Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia)

31-Noll-25

€’000

31-Noll-24

€’000

31-Noll-25

€’000

31-Noll-24

€’000

Infheistíochtaí luaite i margaí gníomhacha:

Gnáthscaireanna

38,397

35,559

20,344

16,246

– margaí forbartha

38,397

35,559

20,344

16,246

Bannaí

19,590

9,187

5,278

4,256

- nasctha le boilsciú

19,590

9,187

5,278

4,256

Airgead

3,094

2,588

687

917

Infheistíochtaí neamhluaite:

Réadmhaoin/foraoiseacht

5,150

2,431

1,367

1,118

Luach cóir sócmhainní plean

66,231

49,765

27,676

22,537

Oibleagáid sochar sainithe

(76,465)

(74,333)

(22,032)

(23,031)

Sócmhainn (oibleagáid)/glansochair shainithe

(10,234)

(24,568)

5,644

(494)

Straitéis Infheistíochta

Tá straitéis infheistíochta tosaigh atá dírithe ar fhás comhaontaithe ag an gCuideachta agus na hIontaobhaithe (Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann: Fás 70% / meaitseáil dliteanais 30%; Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia): Fás 80% / meaitseáil dliteanais 20%).

Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann

Gluaiseacht i nglan(dliteanas) sochair shainithe

Dliteanas sochair shainithe

Luach cóir sócmhainní plean

Glansochar sainithe (oibleagáid)

2025

€’000

2024

€’000

2025

€’000

2024

€’000

2025

€’000

2024

€’000

Ar an 1 Eanáir

(74,333)

(64,658)

49,764

36,004

(24,569)

(28,654)

Ráiteas Ioncaim:

Costas seirbhíse reatha

(7,968)

(6,754)

-

-

(7,968)

(6,754)

Ús ar dhliteanais agus sócmhainní

(2,554)

(2,121)

1,951

1,333

(603)

(788)

Speansais riaracháin

-

-

(3)

(2)

(3)

(2)

(10,522)

(8,875)

1,948

1,331

(8,574)

(7,544)

Ioncam Cuimsitheach eile:

Brabús ar shócmhainní plean, ioncam úis as an áireamh

-

-

959

3,631

959

3,631

Caillteanais ó thaithí ar dhliteanais

(11,216)

(4,595)

-

-

(11,216)

(4,595)

Athruithe ar thoimhdí achtúireacha

20,602

4,709

-

-

20,602

4,709

Athruithe ar thoimhdí déimeagrafacha

361

-

-

-

361

-

9,747

114

959

3,631

10,706

3,745

Ranníocaíochtaí na bhfostóirí

-

-

12,203

7,884

12,203

7,884

Ranníocaíochtaí na gcomhaltaí

(1,982)

(1,298)

1,982

1,298

-

-

Sochair a íocadh

625

384

(625)

(384)

-

-

(1,357)

(914)

13,560

8,798

12,203

7,884

Ar an 31 Nollaig

(76,465)

(74,333)

66,231

49,764

(10,234)

(24,569)

Ba í meántréimhse ualaithe na hoibleagáide sochair shainithe Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann ar an 31 Nollaig 2025 ná thart ar 23 bliain (2024: 25 bliain). Tá an Chuideachta ag súil le go ranníocfaidh sí €16.7 milliún lena plean pinsin sa bhliain 2026.

Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia)

Gluaiseacht i nglansócmhainn/(glandliteanas) sochair shainithe

Dliteanas sochair shainithe

Luach cóir sócmhainní plean

Sócmhainn (oibleagáid)/glansochair shainithe

2025

€’000

2024

€’000

2025

€’000

2024

€’000

2025

€’000

2024

€’000

Ar an 1 Eanáir

(23,031)

(20,068)

22,538

16,374

(493)

(3,694)

Ráiteas Ioncaim:

Costas seirbhíse reatha

(3,102)

(3,447)

-

-

(3,102)

(3,447)

Ús ar dhliteanais agus sócmhainní

(794)

(661)

840

600

46

(61)

Speansais riaracháin

-

-

(2)

(2)

(2)

(2)

(3,896)

(4,108)

838

598

(3,058)

(3,510)

Ioncam Cuimsitheach eile:

Brabús ar shócmhainní plean, ioncam úis as an áireamh

-

-

680

1,959

680

1,959

Caillteanais ó thaithí ar dhliteanais

(162)

606

-

-

(162)

606

Athruithe ar thoimhdí achtúireacha

6,163

1,628

-

-

6,163

1,628

Athruithe ar thoimhdí déimeagrafacha

-

-

-

-

-

-

6,001

2,234

680

1,959

6,681

4,193

Ranníocaíochtaí na bhfostóirí

-

-

2,514

2,518

2,514

2,518

Ranníocaíochtaí na gcomhaltaí

(1,131)

(1,125)

1,131

1,125

-

-

Sochair a íocadh

25

36

(25)

(36)

-

-

(1,106)

(1,089)

3,620

3,607

2,514

2,518

Ar an 31 Nollaig

(22,032)

(23,031)

27,676

22,538

5,644

(493)

Ba í meántréimhse ualaithe na hoibleagáide sochair shainithe Scéim Aoisliúntais de chuid Uisce Éireann (ex-Ervia) an 31 Nollaig 2025 ná thart ar 23 bliain (2024: 26 bliain). Tá an Chuideachta ag súil le go ranníocfaidh sí €2.5 milliún lena plean pinsin sa bhliain 2026.

B’ionann na príomh-thoimhdí achtúireacha a úsáideadh don Chiste Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann (le haghaidh 2024 agus 2025) agus don Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia) (le haghaidh 2024 agus 2025) agus an méid seo a leanas:

2025

2024

Ráta lascaine

4.45%

3.45%

Toimhde maidir le boilsciú

2.20%

2.25%

Ráta an mhéadaithe ar thuarastail*

2.70%

2.75%

Ráta méadaithe ar íocaíocht pinsin

2.20%

2.25%

* Móide scála tuarastail le harduithe ardú céime a cheadú

Seo a leanas an meánionchas saoil don todhchaí a tógadh san áireamh sa luacháil, bunaithe ar dhul ar scor ag 65 bliain d’aois, le haghaidh fostaithe atá ar scor faoi láthair agus a rachaidh ar scor amach anseo:

Mortlaíocht

Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann

Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann
(ex-Ervia)

Ionchas Saoil do dhaoine a bheidh ag dul ar scor amach anseo

2025

2024

2025

2024

Ag dul ar scor inniu

Mná

24.9

25.0

25.0

24.9

Fir

22.9

23.2

23.1

23.0

Dul ar scor i 25 bliain

Mná

27.1

27.2

27.1

27.0

Fir

25.0

25.3

25.2

25.1

Anailís íogaireachta do na toimhdí a úsáideadh go príomha chun dliteanais na scéime a thomhas

Tá éiginnteachtaí nádúrtha ag baint leis na toimhdí airgeadais agus déimeagrafacha a glacadh chun luach achtúireach oibleagáidí sochair shainithe na Cuideachta a ríomh. Déanann an tábla seo a leanas anailís ar an tionchar measta a bheadh ar dhliteanais scéime ag athruithe ar phríomhthoimhdí achtúireacha.

Toimhde

Athrú ar thoimhde

Tionchar ar dhliteanais Scéim Aoisliúntais le Sochar Sainithe de chuid Uisce Éireann

Tionchar ar dhliteanais Scéim Aoisliúntais Uisce Éireann (ex-Ervia)

Ráta lascaine

Méadú/laghdú 0.25%

Laghdú 5.2%/méadú 5.6%

Laghdú 5.3%/méadú 5.7%

Boilsciú Praghsanna

Méadú/laghdú 0.25%

Méadú 5.7%/laghdú 5.4%

Méadú 5.8%/laghdú 5.4%

Tuarastal

Méadú/laghdú 0.25%

Méadú 7.1%/laghdú 6.9%

Méadú 9.8%/laghdú 9.5%

Mortlaíocht

Méadú/laghdú aon bhliain amháin

Méadú 2.0%/laghdú 2.0%

Méadú 1.9%/laghdú 1.9%

(b) Scéim pinsin ranníocaíochta sainithe

Déanann an Chuideachta ranníocaíochtaí le Scéim Ranníocaíochta Sainithe Uisce Éireann thar ceann a fostaithe. Gearrtar na costais seo ar an ráiteas ioncaim agus nochtar iad i nóta 4.