Bord Uisce Éireann
Jerry Grant
Cathaoirleach
Ceapachán:
16 Iúil 2024
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus Comhairleoir Straitéiseach Gnó ag a bhfuil taithí é Jerry sna hearnálacha bonneagair agus fóntais. Ina ghairm bheatha mar chomhairleoir seirbhísí uisce, d’oibrigh Jerry ar thionscadail ar fud na hÉireann, lena n-áirítear mórthionscadail straitéiseacha uisce agus fuíolluisce i gceantar Bhaile Átha Cliath. Idir na bliana 2002 agus 2012, bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar RPS Consulting Engineers. In 2013, ghlac Jerry le ról Ceannaire Bainistíochta Sócmhainní ag Uisce Éireann agus bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ón mbliain 2016 go Meán Fómhair 2018. Ó d’éirigh sé as Uisce Éireann, tá poist neamhfheidhmiúcháin aige, lena n-áirítear mar Bhall de Bhord Rialaithe TU Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Spórt Éireann, agus róil san earnáil phríobháideach agus san earnáil charthanachta. Tá Jerry ina Chathaoirleach ar Chomhlacht Chalafort Átha Cliath faoi láthair agus is ball é de Ghrúpa Comhairleach na Mórthionscadal sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin.
Tá Céim Chéad Onóracha ag Jerry san Innealtóireacht Shibhialta agus Dioplóma i nDlí Conartha agus Eadrána ó COBÁC, tá sé ina Chomhalta d'Innealtóirí Éireann, ina Chomhalta d'Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus ina Bhall d'Institiúid na Stiúrthóirí. Fuair sé Gradam an Uachtaráin ón ACEI in 2017 le haghaidh Seirbhísí don Innealtóireacht in Éirinn agus, in 2018, fuair sé Duais Chomhshaoil na hÉireann ó CIWEM (Brainse Phoblacht na hÉireann), Dámhachtain Sár-Ghnóthachtála ó ICE (Brainse Phoblacht na hÉireann) agus Dámhachtain Conraitheora Innealtóireachta Sibhialta as seirbhísí don tionscal.
Ceapacháin sheachtracha:
Cathaoirleach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath agus ball den Ghrúpa Comhairleach um Mórthionscadail ag DEPNDPNR, Stiúrthóir Jerry Grant & Associates Ltd.
Niall Gleeson
POF
Ceapachán:
1 Eanáir 2023
Tionacht:
Comhthráthach le ré an róil mar Phríomhfheidhmeannach Uisce Éireann
Taithí gairme:
Tá taithí shuntasach innealtóireachta, bonneagair, airgeadais agus ceannaireachta straitéisí ag Niall. Bhí sé i gceannas ar choimisiúnú agus ar thógáil mórthionscadal bonneagair, sna hearnálacha iompair agus fóntais, ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hÁise. Bhí roinnt róil shinsearacha ceannaireachta aige le roinnt de na cuideachtaí bonneagair is fearr ar domhan lena n-áirítear ‘General Electric agus Shanahan Engineering’. Is iar-Stiúrthóir Bainistíochta é freisin do ‘Veolia Ireland’ agus ‘Alstom Ireland’. Tá céim san innealtóireacht ag Niall ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus is Comhalta Oinigh d’Innealtóirí Éireann é. Is comhalta é freisin de Chomhairle Náisiúnta IBEC, is comhalta é den Rialtas faoi stiúir an Tascfhórsa um Luathú Bonneagair agus den Ghrúpa Seachadta um Ghníomhachtú Tithíochta.
Patricia King
Comhalta Boird
Ceapachán:
1 Eanáir 2023
Tionacht:
Ceithre bliana
Taithí gairme:
Is iar-Ard-Rúnaí ar an ICTU agus iar-Leas-Uachtarán ar CSTGT í Patricia agus d’fheidhmigh sí freisin mar cheann de bheirt Leas-Uachtarán na Comhdhála. Bhí sí ina hoifigeach lánaimseartha le CSTGT le breis agus 25 bliain, agus ba í an chéad bhean a d’fheidhmigh mar oifigeach náisiúnta den cheardchumann nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán í in 2010. Rinne sí ionadaíocht ar oibrithe i ngach réimse den gheilleagar, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Is comhalta í Patricia den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, den Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil, den Údarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir a Chlárú go hUathoibríoch agus tá sí ina Cathaoirleach freisin ar Chomhlacht Maoirseachta Seachtraí na bhFórsaí Cosanta.
Ceapacháin sheachtracha:
Bord na Seirbhíse Cúirteanna, an Chomhairle Phrintíseachta, an Coimisiún Tithíochta, an Bord Comhairleach um Athrú Aeráide, an Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil, an tÚdarás Náisiúnta um Choigilteas Scoir a Chlárú go hUathoibríoch, Comhlacht Maoirseachta Seachtraí na bhFórsaí Cosanta.
Eileen Maher
Comhalta Boird
Ceapachán:
1 Eanáir 2023
Tionacht:
Ceithre bliana
Taithí gairme:
Is comhairleoir straitéiseach í Eileen ag a bhfuil taithí agus a bhfuil saineolas aici ar thráchtáil, ar athrú, ar rialú agus ar dhlí. Tá Céim Bhaitsiléara Tráchtála agus MBA aici ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh agus tá sí ina ball d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn. Tá teist aici maidir le tionscadail bhonneagair straitéisigh a fhorbairt agus a chur i gcrích, chomh maith le hidirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhfhiontair, comhpháirtíochtaí agus éadálacha tráchtála. D’oibrigh sí sa tionscal teileachumarsáide ar feadh 30 bliain agus faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar an bhFóram um Thionscal na Cumarsáide Núise agus ina Cathaoirleach ar Fhóram Rannpháirtíochta an Tionscail Teileachumarsáide. Is ball í Eileen de Bhord an GNBS. Is iarbhall í freisin de Bhord Eirgrid agus de Choiste Comhlíonta Údarás Craolacháin na hÉireann. Bhí sí ina Stiúrthóir Straitéise agus Gnóthaí Seachtracha ag Vodafone agus ina ball de Bhord Feidhmiúcháin Vodafone Ireland.
Cathy Mannion
Comhalta Boird
Ceapachán:
1 Eanáir 2023
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Tá taithí ag Cathy sa rialachán eacnamaíoch mar gheall go mbaineann sé leis an eitlíocht, uisce, leictreachas agus gás. Faoi láthair, is comhalta den Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta í; ag tabhairt cúnamh don Choimisiún Eorpach chun feidhmíocht na soláthróirí monaplachta seirbhísí aerloingseoireachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit a rialáil agus a dhreasú. Bhí Cathy ina Coimisinéir um Rialáil Eitlíochta in Éirinn, agus ina hÚdarás Maoirseachta Náisiúnta um rialáil eacnamaíoch na seirbhísí aerloingseoireachta go dtí deireadh 2021. D’oibrigh Cathy roimhe seo sa Choimisiún um Rialáil Fóntais agus bhí sí freagrach as creat rialála eacnamaíoch a bhunú do sheirbhísí uisce agus as beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le roinnt mhaith gnéithe de mhargaí fuinnimh na hÉireann, lena n-áirítear taraifí agus rialáil eacnamaíoch líonraí leictreachais agus gáis. Tá BA Mod (Hons) aici san Eacnamaíocht agus Riarachán Gnó ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chomh maith le MBA ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Dioplóma sa Rialachas Corparáideach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Ceapacháin sheachtracha:
An Bord Athbhreithnithe Feidhmíochta
Douglas Millican
Comhalta Boird
Ceapachán:
12 Deireadh Fómhair 2024
Tionacht:
Trí bliana
Taithí gairme:
Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é Douglas le heagraíochtaí a dhíríonn ar shochar poiblí nó pobail a sheachadadh nuair a thugann sé a thaithí ar cheannaireacht, rialachas, bainistíocht straitéiseach airgeadais, inbhuanaitheacht comhshaoil, agus athrú i dtimpeallachtaí atá dírithe ar an gcustaiméir agus i dtimpeallachtaí ard-rialaithe. D’oibrigh Douglas san earnáil uisce in Albain ar feadh 27 bliain, agus bhí ról lárnach aige ina athrú chun feabhais. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Scottish Water ar feadh breis agus 10 mbliana go dtí an bhliain 2023 tar éis dó a bheith ina Stiúrthóir Airgeadais agus Rialála roimhe sin ó cruthaíodh Scottish Water in 2002.
Is cathaoirleach é Douglas ar World Vision UK, tá sé mar Chomalta Cúirte ar Ollscoil Dhún Éideann, áit a bhfuil sé ina chathaoirleach ar an gCoiste um Iniúchóireacht agus Riosca, is comhalta tuata é den General Medical Council sa Ríocht Aontaithe agus is Comhalta Boird é de Bhord na Straitéise Náisiúnta um Athrú Eacnamaíochta Chun Feabhais a Sheachadadh de chuid Rialtas na hAlban.
Is céimí de chuid Ollscoil Dhún Éideann é Douglas agus is comhalta é den Institute of Chartered Accountants of Scotland.
Ceapacháin sheachtracha:
Ollscoil Dhún Éideann, General Medical Council, World Vision UK, Bord na Straitéise Náisiúnta um Athrú Eacnamaíochta Chun Feabhais a Sheachadadh de chuid Rialtas na hAlban.
Orlagh Nevin
Comhalta Boird
Ceapachán:
3 Feabhra 2026
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Is ceannaire sinsearach tráchtála agus bunathraitheach í Orlagh ag a bhfuil taithí os cionn 30 bliain ar thimpeallachtaí corparáideacha, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, agus is Comhalta Boird í den Bhord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus tá sí ina Cathaoirleach ar an bhfochoiste um Straitéis Dhigiteach TFC agus Éabhlóid Bhranda. I measc a cúlra tá róil cheannaireachta feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin a chuimsíonn teileachumarsáid, árachas agus gnólachtaí digiteacha agus tá taithí chuimsitheach aici ar dhíolacháin agus ar mhargaíocht, bunathrú ar mhórscála, eispéireas custaiméirí agus timpeallachtaí rialáilte. Tá dearcadh láidir ag Orlagh faoi stiúir custaiméirí, cumas rialachais fónta agus cur chuige comhoibríoch maidir le maoirseacht straitéiseach agus seachadadh.
Michael Nolan
Comhalta Boird
Ceapachán:
20 Eanáir 2024
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Ceapadh Michael ar Bhord Uisce Éireann i mí Eanáir 2024. Roimhe sin, ba é an Príomhfheidhmeannach ar Bhonneagar Iompair Éireann ó 2015 go 2020, agus bhí róil shinsearacha aige roimhe sin san Údarás um Bóithre Náisiúnta, lena n-áirítear Ceann na Mórthionscadal agus na gClár Caipitil. Ina ghairmréim roimhe seo bhí poist shinsearacha aige in údaráis áitiúla, ina raibh sé freagrach as mórthionscadail mótarbhealaigh idiruirbeacha a sheachadadh. I measc na gceapachán seachtrach a bhí ag Michael bhí Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ESB Networks DAC, Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh um Mórthionscadail (GCMT) agus Comhalta Seachtrach de Bhord Chlár BusConnects. Is comhalta ex-officio é den Tascfhórsa um Dlús a chur leis an mBonneagar freisin.
Iarchéimí innealtóir sibhialta de chuid Ollscoil na Gaillimhe is ea Michael agus tá MSc aige i mBainistíocht Clár Mór ó Ollscoil Oxford. Is Innealtóir Cairte agus Comhalta d’Innealtóirí na hÉireann é.
Ceapacháin sheachtracha:
Líonraí BSL DAC
Rena O’Sullivan
Comhalta Boird
Ceapachán:
3 Feabhra 2026
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Is feidhmeannach cumasach í Rena a bhfuil taithí fhairsing aici ar fhás inbhuanaithe a spreagadh agus rialachas a neartú ar fud earnálacha éagsúla, lena n-áirítear miondíol, réadmhaoin, díolacháin agus déantúsaíocht. Tá saineolas domhain ag Rena maidir le tionscadail chasta um bunathrú a stiúradh le cur chuige atá dírithe ar an gcustaiméir. Ina theannta sin, áirítear lena saineolas infheistíocht sócmhainní tráchtála, bainistiú punainne straitéisí, agus leithdháileadh caipitil a bharrfheabhsú chun luach fadtéarmach a chruthú. D’fhóin Rena mar chomhairleoir boird do ghrúpa miondíola ilnáisiúnta agus ba chomhalta í den choiste iniúchóireachta. Tá Rena ina Cathaoirleach ar chuideachta bainistíochta réadmhaoine agus tá róil stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin aici san earnáil oideachais agus neamhbhrabúis, chomh maith le taithí roimhe seo ar sheirbhísí fóillíochta agus ballraíochta. Is Comhalta de ACCA í Rena agus tá cáilíochtaí iarchéime aici ó COBÁC.
Michael Walsh
Comhalta Boird
Ceapachán:
1 Eanáir 2023
Tionacht:
Cúig bliana
Taithí gairme:
Tá taithí os cionn 35 bliana ag Michael mar stiúrthóir neamh-fheidhmiúcháin, feidhmiúchán sinsearach agus dlíodóir tráchtála sa tionscal léasaithe agus maoinithe eitleán. Ina theannta sin, ó 2003 go 2005, bhí sé ina Phríomhoifigeach Dlí ar Bhord Gais Éireann. Ó 1986 go 1989, bhí Michael ina thaidhleoir i Seirbhísí Taidhleoireachta na hÉireann. Tá Michael ina Chathaoirleach de Chomhlacht Chuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge agus mar stiúrthóir neamh-feidhmiúcháin faoi láthair le AerCap Holdings N.V., an ceannaire tionscail sa léas eitlíochta, atá liostaithe ar Stocmhalartán Nua-Eabhrac. Is comhalta é Michael den Choiste Feidhmiúcháin Iontaobhas cathartha freisin agus bhí sé ina stiúrthóir neamh-feidhmiúcháin roimhe sin, lena n-áirítear cathaoirleach roinnt cuideachtaí a mhaoiníonn agus a léasaíonn eitleáin agus traenacha ar fud an domhain. Is Abhcóide agus céimí dlí é Michael ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Ceapacháin sheachtracha:
AerCap Holdings N.V.and Shannon Foynes Port Company
