Caidreamh Gníomhach Straitéiseach le Páirtithe Leasmhara 2025

Tugann Uisce Éireann tús áite go fóill do rannpháirtíocht ghníomhach le páirtithe leasmhara. In 2025, leanamar orainn le bheith rannpháirteach go réamhghníomhach agus go trédhearcach lenár gcustaiméirí agus lenár bpáirtithe leasmhara, lena sainaithnítear an ról ríthábhachtach atá acu maidir le tionchar a imirt ar ár seirbhísí agus ar ár straitéis. Tá ár sásraí aiseolais agus comhpháirtíochtaí comhoibríocha neartaithe tuilleadh againn chun a chinntiú go mbímid freagrúil do riachtanais agus d’ionchais atá ag athrú.

Príomhchaidreamh

Fostaithe

Beirt (2) oibritheoirí ionaid cóireála fuíolluisce, fear agus bean, i mbun plé faoin sreabhadh uisce in aice le píobáin dhearga iontógála

Ár rannpháirtíocht in 2025

I mbliana, luathaíomar ár n-athrú ó bhonn eagraíochtúil, lena dtacaítear le comhtháthú bhaill foirne na nÚdarás Áitiúil agus bhíomar i mbun rannpháirtíochta trínár Struchtúr Eagraíochta um Oibríochtaí Sócmhainní náisiúnta.

Chuireamar lenár rannpháirtíocht le fostaithe agus le tionscnaimh folláine, agus béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do bhaill foirne le linn athraithe.

Cuireadh le raon feidhme na Comhairle Éagsúlachta, Cothromais agus Cuimsithe, agus leanamar orainn le cultúr sábháilteachta réamhghníomhach agus dearfach a chothú trínár gclár “Áit Oibre Sábháilte, Baile Sábháilte”. Bhí an rannpháirtíocht le haontais agus ionadaithe na mball foirne ina thosaíocht go fóill, go háirithe i gcomhthéacs aistriú leanúnach bhaill foirne Sheirbhísí Uisce na nÚdarás Áitiúil faoi Chreat an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC). Thugamar uirlisí teachtaireachta agus ábhar dár gcomhghleacaithe chomh maith chun iad a chumasú mar ionadaí ar son obair lena ngabhann tábhacht náisiúnta.

Tosaíochtaí

  • Sábháilteacht agus Folláine
  • Feidhmíocht Eagraíochtúil
  • Éagsúlacht, Cothromas agus Cuimsiú
  • Athrú ó bhonn agus Bainistiú Athruithe

Custaiméirí agus Pobail

Radharc caifé - barista ag tabhairt faoi mheaisín caife a oibriú

Ár rannpháirtíocht in 2025:

Leanamar orainn le custaiméirí agus pobail a chur i gcroílár ár n-oibríochtaí. Láimhseáladh na líonta glaonna is mó riamh, go háirithe le linn mórtheagmhas amhail Stoirm Éowyn, inár n-ionad teagmhála custaiméirí 24/7. Leathnaíomar ár seirbhísí foláirimh téacs agus cumarsáide digití, lena gcinntítear nuashonruithe tráthúla le linn bristeacha agus oibreacha beartaithe. Cuireadh tuilleadh le comhairliúcháin phoiblí, le feachtais faisnéise agus le himeachtaí gníomhacha áitiúla chun tacú le trédhearcacht agus le hiontaoibh.

Tosaíochtaí

  • Seirbhísí Custaiméirlárnacha
  • Seirbhísí Uisce atá Slán Sábháilte
  • Cosaint an Chomhshaoil
  • Athléimneacht le linn Briste

Ionadaithe Tofa, Scairshealbhóirí agus Rialtóirí

Fostaithe eolaíochta, riaracháin agus ón gclár laghdaithe sceite ina s(h)easamh le chéile, agus meangadh gáire orthu, ag éirí na gréine

Ár rannpháirtíocht in 2025:

Oibrímid leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dtaca le maoiniú, beartas agus seachadadh. Cuirimid faisnéis ar fáil chomh maith don Taoiseach, don Tánaiste, agus d’Airí mar fhreagra ar shaincheisteanna faoi sheirbhísí uisce poiblí a luadh faoi ghnó an Oireachtais amhail ceisteanna parlaiminte, ceisteanna ó cheannairí, díospóidí ar shaincheisteanna tráthúla agus ceisteanna tosaigh feidhme.

Tá seirbhís gutháin agus ríomhphoist eisiach á cur ar fáil ag ár seirbhís teagmhála tiomnaithe d’ionadaithe tofa ar fud na tíre. Trí mheán na seirbhíse sin, pléitear le thart ar 13,000 fiosrú ar bhealach éifeachtach go bliantúil agus déantar rannpháirtíocht réamhghníomhach le hionadaithe tofa maidir le fiosruithe, lena léirítear an bhéim phoiblí agus pholaitiúil mhéadaithe ar an mbonneagar uisce. Cuirimid nuashonruithe rialta ar fáil maidir le tionscadail straitéiseacha, bearta athléimneachta agus tosaíochtaí infheistíochta, agus leanamar orainn le rannpháirtíocht dhíreach a bheith againn leis an Oireachtas agus leis na húdaráis áitiúla trí éisteacht choiste, clinicí agus seisiúin eolais réigiúnacha. Sainaithnímid an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a mbainistímid na hidirghníomhaíochtaí sin agus an chaoi is féidir feabhas a chur ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn.

D’fhreastalaíomar ar an Oireachtas trí huaire ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí, ag an gComhchoiste Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus ag an gComhchoiste Bonneagair agus Sheachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta. Ghlacamar, chomh maith, le tacaíocht a thabhairt trí eolas a chur ar fáil do naonúr Aire Rialtas a ceapadh (nó a athcheapadh) le déanaí agus iad ag dul i mbun oifige i réimsí amhail Airgeadas, Tithíocht, Pleanáil agus Bonneagar, mar aon le daoine eile trí Fhochoistí Comh-aireacht gaolmhara.

Bhí ár gcaidreamh leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) agus leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) láidir go fóill, agus tuairisciú rialta agus idirphlé ar fheidhmíocht, comhlíonadh agus rialú praghais eadrainn. Forbraíodh agus ceadaíodh an Plean Cistiúcháin Straitéisigh 2025–2029 i ndlúthchomhairle lenár rialtóirí agus páirtithe leasmhara an Rialtais.

Tosaíochtaí

  • Athléimneacht agus Sábháilteacht Seirbhísí Uisce
  • Abhcóideacht ar son Infheistíochta
  • Tionscadal um Rannpháirtíocht Áitiúil agus Náisiúnta
  • Beartas agus Cur Chun Feidhme
  • Comhlíonadh Rialála
  • Oibríochtaí Éifeachtúla agus Trédhearcacha

Comhpháirtithe Soláthair Seirbhíse

Tiománaí flít Uisce Éireann, ar a bhfuil meangadh gáire, suite i veain ar a bhfuil an branda

Ár rannpháirtíocht in 2025:

Neartaíomar an comhoibriú le conraitheoirí agus tríú páirtithe, go háirithe i gcomhthéacs sheachadadh na dtionscadal mór caipitil amhail an Tionscadal Soláthair Uisce agus Draenáil Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Neartaíodh ár bpróisis soláthair tuilleadh chun trédhearcacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht inár slabhra soláthair a chinntiú.

Tosaíochtaí

  • Sábháilteacht agus Comhlíonadh
  • Luach ar Airgead
  • Soláthar Inbhuanaithe

Grúpaí Ionadaíocha Foirmiúla na bPáirtithe Leasmhara

Mná ón bhfoireann riaracháin i seomra cruinnithe agus plé ar bun acu

Ár rannpháirtíocht in 2025:

Choinníomar sampla ionadaíoch leathan de pháirtithe leasmhara ar an eolas faoi roinnt saincheisteanna trí Chruinnithe Fhóram Náisiúnta na bPáirtithe Leasmhara agus trí Chruinnithe an Fhóraim Uisce (An Fóram Náisiúnta Uisce) ar bhonn ráithiúil. Leanamar orainn lenár rannpháirtíocht le grúpaí amhail Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus ENRanna comhshaoil chomh maith, trí nuashonruithe rialta ar phleananna agus ar thionscadail a chur ar fáil. Tacaíodh le cinnteoireacht eolasach agus cothaíodh cultúr trédhearcachta trí idirphlé dhá threo agus sainseisiúin eolais.

Tosaíochtaí

  • Cáilíocht Acmhainní Uisce agus Sábháilteacht
  • Tionchar ar an gComhshaol agus ar an bPobal
  • Abhcóideacht ar son Infheistíochta
  • Tionscadal um Rannpháirtíocht Náisiúnta
  • Beartas agus Cur Chun Feidhme
  • Seirbhísí Custaiméirlárnacha

Grúpaí Ionadaíocha Gnó

Beirt (2) fhear ón bhfoireann riaracháin i seomra cruinnithe agus ríomhaire glúine acu

Ár rannpháirtíocht in 2025:

D’éirigh an rannpháirtíoch le IBEC, Chambers Ireland, Tionscal Foirgníochta na hÉireann, Innealtóirí na hÉireann agus comhlachtaí ionadaíocha eile níos déine in 2025, agus béim á cur ar ról an bhonneagair uisce athléimnigh náisiúnta chun tacú le fás eacnamaíoch agus iomaíochas na hÉireann agus aghaidh á tabhairt ar na príomhábhair imní do ghnólachtaí na hÉireann – amhail an acmhainn tithíochta. D’oibríomar chun a chinntiú go raibh na seirbhísí uisce fós ina dtosaíocht i mbeartas agus i dtacaíocht ghnó, go háirithe maidir le príomh-gharspriocanna le linn na bliana, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus Pleananna Earnála, Buiséad 2026, Tithe a Sheachadadh agus Pobail a Chruthú agus cur chun feidhme an Achta um Pleanáil agus Forbairt.

Tosaíochtaí

  • Athléimneacht Seirbhísí Uisce
  • Tacaíocht na Forbartha Eacnamaíche
  • Abhcóideacht ar son Infheistíochta
  • Tionscadal um Rannpháirtíocht Náisiúnta
  • Beartas agus Cur Chun Feidhme

Conas a bhímid rannpháirteach

Ba é cumarsáid leanúnach, fhreagrúil agus dhá bhealach cur chuige Uisce Éireann i dtaca leis an rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara in 2025. D’úsáideamar meascán d’ardáin dhigiteacha, na meáin, cruinnithe aghaidh ar aghaidh, imeachtaí faisnéise, agus ionaid teagmhála shaincheaptha chun a chinntiú go raibh an fhaisnéis so-aimsithe, fiúntach agus cuntasach. Tá ár dtiomantas do chomhairliúchán oscailte agus cumarsáid thrédhearcach daingean, agus mar bhonn faoinár n-iarrachtaí chun déanamh de réir ár mbriathair do na páirtithe leasmhara go léir i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú go tapa.