Bonneagar Athléimneach Uisce a Fhorbairt do na Glúnta Amach Anseo
Cuireadh de chúram ar Uisce Éireann seirbhísí uisce poiblí atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hÉireann. Lenár seirbhísí, cumasaítear pobail chun déanamh go maith agus chun taca a chur faoin bhfás inbhuanaithe eacnamaíoch.
Cheadaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Brown TD, Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050) de chuid Uisce Éireann, agus ghlac Bord Uisce Éireann go foirmiúil é in Iúil 2025. Forbraíodh an plean de réir Acht na Seirbhísí Uisce (2), 2013 agus leagtar amach ann ár dtreoir straitéiseach fhadtéarmach agus na príomhghníomhartha a nglacfaimid chun seirbhísí uisce poiblí inbhuanaithe agus athléimneacha a chur ar fáil d’Éirinn. Tá sé ann in ionad an PSSU bunaidh, a foilsíodh in 2015, lenar cuireadh creat straitéiseach ar fáil go dtí 2040.
Tá seirbhísí uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe bunúsach don tsláinte phoiblí, do sholáthar tithíochta nua, d’fhorbairt eacnamaíoch agus chun ár gcomhshaol agus ár n-acmhainní luachmhara uisce a chosaint. Tá na freagrachtaí sin i gcroílár ár misean.
Agus muid ag féachaint ar aghaidh go 2050, tá an deis againn tionchar fadtéarmach agus dearfach a imirt, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin le diongbháilteacht agus glacadh leis na deiseanna a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí níos láidre agus níos inbhuanaithe do na pobail ar ar bhfreastalaímid. Tá ár straitéis 25 bliain, PSSU 2050, lárnach don fhís sin, lena dtreoraítear an chaoi a ndéanfaimid seirbhísí riachtanacha uisce agus fuíolluisce a sheachadadh d’Éirinn sna mblianta amach romhainn.
In 2025, chuireamar fáilte roimh thiomantas an Rialtais d’infheistíocht straitéiseach fhadtéarmach sa bhonneagar uisce trí mheán an Phlean Forbartha Náisiúnta nuashonraithe. Léirítear leis sin garsprioc shuntasach i dtaca le dul i ngleic le méid an athraithe ó bhonn atá de dhíth chun riachtanais tithíochta agus uaillmhianta comhshaoil na hÉireann a chomhlíonadh, agus sainaithnítear ann na seirbhísí uisce mar thosaíocht náisiúnta bhonneagair. Táimid ag obair go dlúth leis an Rialtas chun a chinntiú go gcoinneoidh acmhainn na seirbhísí uisce suas le fás na hÉireann, lena n-áirítear an uaillmhian 300,000 teach nua a chur ar fáil faoi 2030. Éilítear cur chuige comhordaithe ar fud an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.
I rith na bliana, leanamar orainn lenár gcaidreamh gníomhach fiúntach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta Plean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe, leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO), agus lenár gcomhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla chun a chinntiú go bhfuil ról lárnach ag na seirbhísí uisce i dtaca le soláthar tithíochta ar scála agus ar luas.
In ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an mbonneagar, daonra agus geilleagar atá ag dul i méid, agus éileamh gan choinne ar sheirbhísí uisce, tá tionscadail bhunathraitheacha curtha i gcrích agus curtha chun cinn againn i mbliana. Áirítear leis sin an dul chun cinn ar dhá thionscadal náisiúnta ríthábhachtacha chun soláthar tithíochta a éascú agus chun infheistíocht a mhealladh chun tacú le daonra na hÉireann atá ag dul i méid sna chéad 30 bliain eile agus i ndiaidh sin: an Tionscadal Soláthair Uisce do Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre agus Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cinnteofar, leis an dá thionscadal náisiúnta ríthábhachtacha bonneagair, athléimneacht fhadtéarmach sna seirbhísí uisce agus fuíolluisce, lena n-éascófar soláthar tithíochta, fás eacnamaíoch, agus cosaint an chomhshaoil atá de dhíth go géar in Éirinn. I measc na mbuaicphointí suntasacha eile tá, cuir i gcrích 12 ionad cóireála fuíolluisce nua agus uasghrádaithe, agus 27 ionad cóireála uisce. Tacaítear leis an gcomhlíonadh comhshaoil leis na tionscadail sin agus cuirtear acmhainn ar fáil atá ag teastáil ó thithíocht, a bhfuil géarghá léi, i bpobail ar fud na tíre. Léirítear leo an méid is féidir a bhaint amach trí mheán comhoibrithe agus nuálaíochta.
Tá tuilleadh le déanamh againn, áfach. Tá baic ar sheachadadh bonneagair go fóill, agus cuirimid fáilte roimh thiomantas an Rialtais i dtaca le hathchóirithe, agus táimid ag glacadh páirt go gníomhach sna struchtúir a bunaíodh le déanaí atá dírithe ar na baic ar sheachadadh a shainaithint, réitigh a aimsiú chun fáil réidh leis na baic agus comhoibriú éifeachtach a chinntiú chun an acmhainn bhonneagair atá ann cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith ann a úsáid chun tacú le soláthar tithíochta, lena n-áirítear an Tascfhórsa agus an Sainghrúpa um Luathú Bonneagair agus an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta. Ní mór go leanfar leis an infheistíocht straitéiseach má táimid chun athléimneacht a chur i seirbhísí uisce na hÉireann, chun an tsláinte phoiblí a chosaint, agus chun a chur ar cumas pobal forbairt agus déanamh go maith. Níl aon amhras faoinár bhfócas: oibriú i gcomhar leis an Rialtas, chun fáil réidh leis na baic ar sheachadadh, chun na hacmhainní atá de dhíth a fháil, agus chun seirbhísí uisce den scoth a chur ar fáil do na glúnta amach anseo.
“Tá seirbhísí uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe bunúsach don tsláinte phoiblí, do sholáthar tithíochta nua, d’fhorbairt eacnamaíoch agus chun ár gcomhshaol agus ár n-acmhainní luachmhara uisce a chosaint”
An Creat um Sheachadadh Seirbhísí Uisce sa Todhchaí a chur chun feidhme
D’éirigh leis na 31 Údarás Áitiúil go léir an fhreagracht oibríochtúil as seirbhísí uisce a aistriú go hUisce Éireann, lena gcinntítear leanúnachas seirbhíse i gcónaí. Tá an Struchtúr Eagraíochta Náisiúnta um Oibriúchán Sócmhainní ar fud gach réigiúin agus rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le nuachóiriú oibríochtaí, lena n-áirítear cianbhainistiú sócmhainní agus ionaid rialaithe oiriúnaithigh, lena laghdaítear riosca agus lena gcuirtear leis an gcothromaíocht oibre is saol d’fhoirne tosaigh. Tá na tionscnaimh sin mar chuid den Tionscadal Náisiúnta Bainistíochta Oibríochtaí, a bheidh ag leanúint ar aghaidh le linn 2026. Is é an 31 Nollaig 2026 an dáta deiridh do bhaill foirne na nÚdarás Áitiúil maidir leis an gcinneadh faoi theacht isteach in Uisce Éireann. Tá eagraíocht fíor-náisiúnta á cruthú ag Uisce Éireann, lena gcomhtháthaítear saineolas áitiúil chun seirbhísí uisce níos éifeachtaí a chur ar fáil, lena dtacaítear le tithíocht, le fás eacnamaíoch, agus le cosaint an chomhshaoil ar fud Éireann.
Rath á Aithint
In 2025, tugadh aitheantas náisiúnta d’Uisce Éireann mar gheall ar bharr feabhais agus bhuaigh siad gradaim i dtaca le hinbhuanaitheacht, nuálaíocht, agus éagsúlacht. I measc na mbuaicphointí tá Gradam an Uachtaráin ó Institiúid Pleanála na hÉireann i dtaca le hIonad Cóireála Fuíolluisce an Inbhir Mhóir, an Gradam Inbhuanaitheachta ó Chumann Innealtóirí Comhairleacha na hÉireann (ACEI) i dtaca leis an tSaotharlann Náisiúnta Uisce arna dearadh ag RPS Group, an Gradam don eispéireas Saoránaigh/ Custaiméara is Fearr agus Gradam do Thionscadal Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) na bliana ag Gradaim Aistrithe Dhigitigh na hEarnála Poiblí, agus bronnadh creidiúnú airgid agus cré-umha ón Ionad um Éagsúlacht na hÉireann air chomh maith.
Freagairt ar Ghéarchéimeanna
Tháinig Stoirm Éowyn, cioclón ríthrópaiceach, i dtír ar an 24 Eanáir 2025, agus tharla cur isteach forleathan ar fud Éireann mar thoradh air, ag fágáil beagnach aon mhilliún duine gan chumhacht. Ag buaicphointe an teagmhais, bhí 130,000 custaiméir gan uisce, agus sainaithníodh go raibh 750,000 custaiméir eile i mbaol. Thóg sé roinnt laethanta chun na seirbhísí a chur ar ais ina n-iomlán sna ceantair ba mhó buailte, agus bhí brú laghdaithe, soláthar eadrannach nó spleáchas sealadach ar sholáthar uisce malartach ag custaiméirí. Á bhuí le tiomantas ár mball foirne, chuireamar na seirbhísí ar ais go tapa agus chuireamar soláthar ar fáil do 146,000 réadmhaoin trí mheán gineadóirí cúltaca a chur ar fáil go réamhchoisctheach, ina measc bhí 420 gineadóir buan cúltaca agus breis agus 300 gineadóir soghluaiste a cuireadh ar fáil le linn an imeachta. Bhí foirne oibriúcháin ag obair go leanúnach le linn agus i ndiaidh na stoirme chun sócmhainní a dheisiú, soláthairtí uisce éigeandála a eagrú, tacú le custaiméirí leochaileacha agus seirbhísí a chur ar ais chomh tapa agus chomh sábháilte agus ab fhéidir. I ndiaidh athbhreithniú cuimsitheach iartheagmhais, tá clár beart, a dearadh chun athléimneacht an líonra náisiúnta uisce agus fuíolluisce a neartú le linn tarluithe adhaimsire amach anseo, curtha chun cinn ag Uisce Éireann.
Cultúr Sábháilteachta
Gach lá, bíonn daoine ag obair ar son nó thar ceann Uisce Éireann ar fud na tíre – i láithreáin, in oifigí, in ionaid oibriúcháin, agus laistigh dár bpobail chun seirbhísí uisce a sholáthar, ár gclár oibreacha caipitil a chur chun cinn, agus chun tacú le hoibriúchán ár líonraí. Tá an tsábháilteacht bunúsach san iarracht sin agus lárnach sa mhéid a dhéanaimid. Go tragóideach, fuair dhá dhuine bás i mbliana ar láithreáin seachadta tríú páirtí faoi rialú comhpháirtithe. Ar an 18 Meán Fómhair 2025, tharla timpiste marfach do dhuine a bhí ag obair ar son duine dár gcomhpháirtithe seachadta tríú páirtí le linn oibreacha ag Baile Choitín i gCorcaigh. Tharla teagmhas marfach ar leith ar an Satharn, an 29 Samhain a bhain le duine a bhí ag obair do dhuine dár gcomhpháirtithe soláthair tríú páirtí ar thionscadal seachadta d’uasghrádú bonneagair i Maigh Eo. Tá an dá theagmhas á bhfiosrú faoi láthair leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Leanfaimid dár bhfócas ar shábháilteacht mar bhreithniú ríthábhachtach i ngach rud a dhéanaimid, agus an tsábháilteacht á neadú trí oideachas agus oiliúint feasachta maidir le rioscaí agus contúirtí a bhaineann le gníomhaíocht tógála. Tá tuilleadh sonraí ar fáil i rannán na Sábháilteachta.
Rialachas
I rith 2025, choinnigh an Bord béim láidir ar an rialachas corparáideach, chun comhlíonadh dea-chleachtais agus trédhearcachta a chinntiú. Mar chathaoirleach, tá muinín agam go bhfuil rialuithe inmheánacha láidre i bhfeidhm agus ag oibriú go héifeachtach chun gach ceanglas rialachais a chomhlíonadh. Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa Ráiteas Rialachais.
Tá méadú tagtha ar an riosca airgeadais agus oibriúcháin laistigh den eagraíocht mar gheall ar an gcoimhlint a tosaíodh san Iaráin. Trí mheán ár gcreata riosca fiontraíochta, leanaimid orainn le monatóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sin agus déanaimid gníomh nuair is gá.
Conclúid
Bhí bliain ghnóthach agus fhiúntach ag Uisce Éireann, agus baineadh go torthaí dearfacha amach lena léirítear an dul chun cinn atá á dhéanamh againn i dtreo fóntas uisce náisiúnta arna athrú ó bhonn go hiomlán a fhorbairt d’Éirinn. Agus mé i mbun oibre go dlúth le Niall Gleeson agus leis an bhfoireann ceannaireachta, tá mo chomhghleacaithe Boird agus mé féin fós tiomanta dár dtaithí choiteann a úsáid chun an eagraíocht a chur chun cinn, an fheidhmíocht seirbhíse a fheabhsú go leanúnach trí infheistíocht leanúnach a dhéanamh inár mbonneagar uisce agus fuíolluisce agus trí mhaoirseacht shaineolach a dhéanamh air. Ár bhfócas leantach chun bonneagar riachtanach lena bhfreastalaítear ar riachtanais ár bpobal inniu agus do na nglúnta amach anseo a fhorbairt. Cinnteofar leis sin go mbeidh Uisce Éireann ina eintiteas athléimneach atá réidh don todhchaí agus in ann tacú le tithíocht, le fás eacnamaíoch, agus le hinbhuanaitheacht comhshaoil ar fud Éireann.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire agus lena oifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a thacaíonn, in éineacht le NewERA, le cláir infheistíochta Uisce Éireann ar bhonn náisiúnta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí Boird, Paul Reid agus Gerry Britchfield, a d’éirigh as in 2025 as a gcomhairle agus as a seirbhís. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na comhaltaí nua Boird Orlagh Nevin, Rena O’Sullivan agus gabhaim buíochas leo as a n-ionchur.
Ar deireadh, ba mhian liom aitheantas a thabhairt do Niall Gleeson agus don fhoireann Feidhmiúcháin as a gceannaireacht agus as a ngairmiúlacht, agus thar ceann an Bhoird, ba mhian liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus saineolas ár ndaoine go léir, na comhghleacaithe ón na hÚdaráis Áitiúla agus na comhpháirtithe seachadta tríú páirtí a chuireann seirbhísí uisce ar fáil gach lá thar ceann Uisce Éireann.
Jerry Grant
Cathaoirleach
“Tá eagraíocht fíor-náisiúnta á cruthú ag Uisce Éireann, lena gcomhtháthaítear saineolas áitiúil chun seirbhísí uisce níos éifeachtaí a chur ar fáil, lena dtacaítear le tithíocht, le fás eacnamaíoch, agus le cosaint an chomhshaoil ar fud Éireann.”
