Cuireann Bord Uisce Éireann (“an Bord”) Tuarascáil an Bhoird don bhliain airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2025 i láthair.
Corpraíodh Uisce Éireann (“an Cuideachta”) i mí Iúil 2013 de bhun an Achta Seirbhísí Uisce 2013. Is Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe é Uisce Éireann faoi theorainn scaireanna le Bunreacht (Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais) i gcomhréir le hAcht na gCuideachtaí 2014. Is áirgiúlacht rialaithe é Uisce Éireann, atá á rialú go heacnamaíoch ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus á rialú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Tar éis fhógra an Rialtais in 2018, go mbeadh Uisce Éireann ina fhóntas neamhspleách, faoi úinéireacht phoiblí, tráchtála agus rialáilte agus nach mbeadh sé ina fhochuideachta de chuid Ghrúpa Ervia a thuilleadh, scar Uisce Éireann go dlíthiúil ó Ervia le héifeacht ón 01 Eanáir 2023.
Le linn 2025, chomhlíon Uisce Éireann forálacha an Chóid Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (“an Cód Cleachtais”), mar a bhaineann sé le heintitis stát-tionscanta tráchtála. De réir fhoráil 1.9 de na Riachtanais um Thuairisciú Gnó agus Airgeadais arna leagan amach sa Chód, cuireann Uisce Éireann tuarascálacha ar fáil don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (“an tAire”) maidir leis an gCód Cleachtais a chomhlíonadh.
Ráiteas Comhlíontachta na Stiúrthóirí
Déanann an Bord a dhearbhú gurb é an Bord atá freagrach as a dhéanamh cinnte de go bhfuil a cuid oibleagáidí ábhartha de réir Alt 225 in Acht na gCuideachtaí 2014 á gcomhlíonadh ag an gCuideachta.
Tá an Bord den tuairim go bhfuil na beartais, struchtúir agus socruithe atá i bhfeidhm ag an gCuideachta oiriúnach lena chur ar chumas na Cuideachta, a hoibleagáidí bainteacha a chomhlíonadh go hábhartha. Tá “oibleagáidí bainteacha” na Cuideachta sainaitheanta sa Ráiteas Beartais um Chomhlíontacht agus sa Mhaitrís Chomhlíontachta ghaolmhar, ina n-aithnítear na príomhghníomhartha agus seiceálacha nach mór a bheith i bhfeidhm. Tá an Ráiteas Beartais um Chomhlíontacht seo curtha in iúl do bhainisteoirí sinsearacha uile na Cuideachta chun comhlíonadh leanúnach agus láidir a chinntiú. Rinne an Bord athbhreithniú i lár agus ag deireadh na bliana airgeadais ar na socruithe agus struchtúir a bhí ann don bhliain 2025 chun a chinntiú go raibh an Chuideachta ag comhlíonadh a hoibleagáidí bainteacha go hábhartha.
Mar gheall gur próiseas dinimiciúil é an comhlíonadh a mbíonn an-chuid beartas agus nósanna imeachta mar chuid de, chomh maith le tiomantas ón mBord agus ón mbainistíocht shinsearach, chomh maith le tacaíocht ó na fostaithe, na conraitheoirí agus na gníomhairí go léir. Is gá na gnéithe sin go léir a bheith ann ionas go mbeidh éifeacht leis an mbeartas. Tá an Bord tiomanta do thimpeallacht a chothú ag leibhéal an Bhoird agus ar fud na Cuideachta, ina n-ardófar feasacht ar aidhmeanna an Ráitis Bheartais um Chomhlíontacht, ina léireofar meas air agus ina chuirfear a aidhmeanna chun cinn.
Ról agus freagrachtaí an Bhoird
Is é ról an Bhoird ceannaireacht agus treoir a sholáthar don Chuideachta agus dea-rialachas a chinntiú ar fud Uisce Éireann laistigh de chreatlach rialaithe atá stuama agus éifeachtach. Déanann an Bord, le tacaíocht óna cheithre Choiste, an tasc seo trí dhúshlán a thabhairt d’fheidhmíocht ar bhealach tairbheach agus trí thacú le moltaí a fhorbairt maidir le straitéis. Leagann an Creat Rialachais amach sceideal fhoirmiúil na nithe atá forchoimeádta do Bhord Uisce Éireann (a bhfuil cuid acu faoi réir fhaomhadh an Aire).
Is é/í an Fheidhmeannach Gnó a dhéanann riarachán laethúil na cuideachta, faoi bhainistíocht an POF, i comhréir leis na spriocanna straitéiseacha agus na doiciméid beartais atá faofa ag an mBord agus laistigh de thimpeallacht rialaithe stuama agus éifeachtach. Déantar cinntí oibriúcháin agus airgeadais agus aird á tabhairt ar na spriocanna atá socraithe ag an mBord a bhaint amach, ag féachaint d’oibleagáidí reachtúla Uisce Éireann agus ionchais na scairshealbhóirí.
Áirítear an méid seo a leanas le Sceideal na nithe atá forchoimeádta maidir le faomhadh an Bhoird mar atá leagtha amach i gCreat Rialachais Uisce Éireann: |
Áirítear an méid seo a leanas leis na nithe |
|
|
Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí don Tuarascáil Bhliantúil agus do na Ráitis Airgeadais
Tá an Bord freagrach as Tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Acht na gCuideachtaí 2014 agus na rialachán is infheidhme. Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus sláine na faisnéise corparáidí agus airgeadais atá ar shuíomh gréasáin na Cuideachta www.water.ie. Tá an reachtaíocht in Éirinn maidir le ullmhúchán agus scaipeadh Ráitis Airgeadais éagsúil ón reachtaíocht i ndlínsí eile.
Ceanglaíonn dlí cuideachtaí na hÉireann ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú maidir le gach uile bhliain airgeadais. Tá cinneadh déanta ag na Stiúrthóirí faoin dlí, na ráitis airgeadais a ullmhú de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, mar atá glactha ag an Aontas Eorpach (“creat ábhartha um thuairisciú airgeadais”). Faoi dhlí na gcuideachtaí, níl cead ag na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh go dtí go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas ceart agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na Cuideachta amhail ar dháta dheireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús nó caillteanas na Cuideachta sa bhliain airgeadais, agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le Acht na gCuideachtaí 2014.
Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú, tá sé de dhualgas ar na Stiúrthóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú do ráitis airgeadais na Cuideachta agus iad a chur i bhfeidhm go seasta.
- Breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá stuama réasúnta.
- A lua cé acu ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a aithint, agus aird a thabhairt ar chúiseanna imeachta ábhartha ar bith ó na caighdeáin sin agus aon tionchar gaolmhar a bhí aige.
- Na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Chuideachta i mbun gnó.
Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinníonn an Chuideachta taifid chuntasaíochta leordhóthanacha nó a chur faoi deara go gcoinnítear iad, ina mínítear agus ina dtaifeadtar idirbhearta na Cuideachta i gceart, agus a éascú ag am ar bith go ndeimhneofar sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús/caillteanas na Cuideachta go réasúnta cruinn, agus a chuireann ar chumas na Cuideachta a chinntiú go gcloíonn na ráitis airgeadais le hAcht na gCuideachtaí 2014, agus gur féidir na ráitis airgeadais a iniúchadh. Tá siad freagrach chomh maith as sócmhainní na Cuideachta a chosaint agus as bearta réasúnta a dhéanamh dá bharr chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.
Forbhreathnú an Bhoird
Comhdhéanamh, ceapadh agus atoghadh an Bhoird
Tá struchtúr an Bhoird forordaithe de réir reachta, dá bhforáiltear in Alt 6A den Acht um Sheirbhísí Uisce 2013. Líontar folúntais Boird i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit. Téann an Cathaoirleach i dteagmháil leis an Aire roimh phróiseas cheapacháin an Bhoird faoi na sainscileanna agus éagsúlacht a éilíonn an Bord.
Foráiltear an méid seo a leanas le hAlt 6A den Acht um Sheirbhísí Uisce 2013:
- Beidh níos mó ná cúigear ach nach mó ná deichniúr Comhaltaí ar an mBord.
- Ceapann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Comhaltaí Boird le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.
- Ainmneoidh Comhdháil na gCeardchumann Comhalta Boird amháin.
- Beidh an POF mar Chomhalta Boird de bhrí oifige den Chuideachta.
Is féidir breathnú ar phróifílí iomlána bhaill reatha an Bhoird sa rannóg Bord Uisce Éireann.
D’éirigh an Comhalta Boird Paul Reid as a phost le héifeacht ón 8 Iúil 2025 agus tháinig deireadh le téarma oifige an Chomhalta Boird Gerard Britchfield ar an 31 Nollaig 2025. I mí Feabhra 2025, ceapadh Orlagh Nevin agus Rena O’Sullivan ina gComhaltaí Boird.
Mar Chathaoirleach an Bhoird, tá Jerry Grant freagrach as an mBord a threorú agus as éifeachtacht agus rannpháirtíocht iomlán gach Comhalta Boird a chinntiú.
Tá Rúnaí na Cuideachta, Richard O’Sullivan, freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar nósanna imeachta an Bhoird agus as comhairle a chur ar an mBord, tríd an gCathaoirleach, faoi chúrsaí rialachais i gcoitinne.
Tá cothromaíocht chuí scileanna, taithí agus eolais ag an mBord ar an gCuideachta le gur féidir leis a chuid dualgas agus freagrachtaí a chomhlíonadh go héifeachtach. Tá sé mór go leor le déanamh cinnte gur féidir leas a bhaint mar is cuí as an gcothromaíocht scileanna agus an taithí sin agus gur féidir athruithe ar bhallraíocht an Bhoird a láimhseáil gan cur isteach iomarcach a chruthú.
Is faoin Aire atá sé ceapacháin a dhéanamh sa Bhord agus déantar iad tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ionduchtú agus forbairt Stiúrthóirí nua
Nuair a cheaptar iad, faigheann Comhaltaí Boird doiciméid mhionsonraithe faisnéise, chomh maith le heolas rialachais, airgeadais agus oibriúcháin, agus an deis faisnéis a fháil ón bhfoireann Feidhmiúcháin maidir le gnéithe éagsúla ghnó na Cuideachta. Téann Rúnaí na Cuideachta i dteagmháil le Comhaltaí an Bhoird maidir lena riachtanais shainiúla, amhail freastal ar chomhdhálacha, ar chúrsaí agus ar sheimineáir ghréasáin a bhaineann leis an ngnó nó ar chruinnithe faisnéise ón mbainistíocht maidir le hábhair ar leith.
Neamhspleáchas
Tá naoi Stiúrthóir Neamh-fheidhmiúcháin neamhspleácha agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin ar Bhord Uisce Éireann.
Ceanglaítear ar Chomhaltaí Boird, i gcomhréir le forálacha an Chóid Cleachtais, aon leas ábhartha a chur in iúl agus chun fanacht ar shiúl ó phléití an Bhoird i gcás ina bhfuil leas díreach nó indíreach acu.
Luach saothair, costais agus tinreamh an Bhoird
Tá Comhaltaí Neamhfheidhmiúcháin an Bhoird i dteideal táillí, ar scála arna chinneadh ag an Aire. Tá luach saothair POF Uisce Éireann leagtha amach don bhliain 2025 i nóta 3 de na ráitis airgeadais. Tá achoimre ar sceideal tinrimh do na cruinnithe Boird agus Coistí a bhí ar siúl in 2025 thíos.
