Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid freagrach as uisce glan agus sábháilte a chur ar fáil do na milliúin duine ar fud na hÉireann. Oibrímid agus déanaimid cothabháil ar bhonneagar uisce agus fuíolluisce lena n-áirítear na mílte ionad cóireála agus sócmhainn, chomh maith leis na mílte ciliméadar de líonra píobáin.
Cuirimid soláthar uisce óil sábháilte agus iontaofa ar fáil dár gcustaiméirí agus déanaimid a bhfuíolluisce a bhailiú ar bhealach freagrach, a chóireáil agus a chur ar ais ar bhealach sábháilte sa timpeallacht. Cuirimid na seirbhísí ríthábhachtacha sin ar fáil chun sláinte an phobail a chosaint, an comhshaol a chosaint, agus chun taca a chur faoin bhfás sóisialta agus eacnamaíoch do ghlúnta na linne seo agus do na glúnta atá le teacht.
