Ráiteas Tosaigh an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin

Ba bhliain chinniúnach í an bhliain 2025 d’Uisce Éireann

Niall Gleeson

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Niall Gleeson, POF Uisce Éireann

I mbun Seachadta ar son na hÉireann: Acmhainn á Forbairt, Fás á Chumasú, agus Tús Áite á Thabhairt do Dhaoine

Ba bhliain chinniúnach í an bhliain 2025 d’Uisce Éireann, arna sainmhíniú ag ár dtiomantas daingean do sheirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do phobail agus do ghnólachtaí na hÉireann. Níl aon amhras faoinár gcuspóir: fás náisiúnta a éascú, tacú le spriocanna tithíochta an Rialtais, an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint, agus ár luachanna á gcoinneáil againn gach aon lá.

Tithíocht agus Fás: Uaillmhianta Náisiúnta a Bhaint Amach

De réir mar a fhreagróimid ar an dúshlán a bhaineann le seirbhísí uisce sábháilte agus iontaofa a bhaint amach ar fud na tíre, táimid fós ag tacú le fás tithíochta agus eacnamaíoch na hÉireann mar chuid lárnach dár straitéis. Leagtar amach i bPlean Cistiúcháin Straitéisigh Uisce Éireann (2025-2029) an riachtanas infheistíochta €10.3 billiún (i dtéarmaí ainmniúla) i mbonneagar caipitil agus infheistíocht imfhálaithe €2 bhilliún sa bhreis (2025-2030, €1.7 billiún 2025-2029 á shonrú) faoin bPlean Forbartha Náisiúnta nuashonraithe agus leasaithe maidir le seachadadh bonneagair chun spriocanna uaillmhianacha tithíochta agus fáis an Rialtais a éascú.

Cuirimid fáilte mhór roimh na struchtúir a bunaíodh le déanaí atá dírithe ar na baic ar sheachadadh bonneagair a shainaithint, réitigh a aimsiú chun fáil réidh leo agus comhoibriú éifeachtach a chinntiú chun an acmhainn bhonneagair atá ann cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith ann a úsáid chun tacú le soláthar tithíochta, lena n-áirítear an Tascfhórsa agus an Sainghrúpa um Luathú Bonneagair agus an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta, agus táimid ag glacadh páirt go gníomhach iontu.

Bonneagar Straitéiseach agus Dúshláin Acmhainne

I mbliana, bhaineamar amach garspriocanna móra i ndul chun cinn agus seachadadh tionscadal nach dtarlaíonn ach uair amháin sa saol.

  • Tionscadal Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath (DMBÁC) – Fuarthas cead pleanála, rud a chuireann acmhainn cóireála fuíolluisce amach anseo ar fáil do choibhéis leath mhilliún duine atá ina gcónaí agus ag obair i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Déanfar an tsláinte phoiblí a chosaint, an comhshaol a fheabhsú agus a chosaint agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar tithíochta sa cheantar seo tríd an tionscadal seo. In 2026, tá próisis soláthair ag dul chun cinn le hoibreacha cumasúcháin le tosú in 2027.
  • Tionscadal Soláthair Uisce (Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre) – Cuireadh isteach an t-iarratas pleanála um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh agus an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh gaolmhar i mí na Nollag, i ndiaidh comhairliúchán poiblí mór agus chur i gcrích na measúnuithe teicniúla agus comhshaoil go léir. In 2026, tá na próisis soláthair ag dul chun cinn taobh leis an bpróiseas pleanála chun ullmhacht don chéim sheachadta a chinntiú.
  • Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne – I ndiaidh chur i gcrích an raoin feidhme maidir le hacmhainn agus comhlíonadh ar an tionscadal, anois is féidir leis an Rinn freastal ar choibhéis daonra 2.4 milliún, lena gcinntítear comhlíonadh na Treorach um Chóireáil Fuíolluisce agus athléimneacht maidir leis an tsaoráid chóireála is mó in Éirinn.
  • Tionscadal Príomhdhraenála Bhaile Átha Luain – Infheistíocht €114 milliún chun an bonneagar fuíolluisce a nuachóiriú agus abhantrach na Sionainne a chosaint agus cuirfear i gcrích é go luath in 2026.
  • Ionad Cóireála Fuíolluisce an Inbhir Mhóir – Cur chun críche an tionscadail seo sé mhí chun tosaigh ar an sceideal agus laistigh den bhuiséad agus anois tá deireadh iomlán le sceiteadh camrais neamhchóireáilte san Abhóca, lenar cuireadh deireadh leis na blianta d’fhuíolluisce neamhchóireáilte ag dul isteach sa chomhshaol.

“Is é ár gcuspóir an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint, fás náisiúnta a éascú, tacú le spriocanna tithíochta an Rialtais, agus ár luachanna á gcoinneáil againn gach aon lá.”

Dlúth-amharc de lámh le lámhainn ag cur feadán tástála lipéadaithe isteach i seastán saotharlainne gorm, agus feadáin shamplacha bhreise le feiceáil i suíomh geal cliniciúil sa tsaotharlann.

Cáilíocht Uisce agus Barr Feabhais Eolaíochta

Tugaimid tús áite i gcónaí do sholáthar uisce óil atá sábháilte agus glan fós. In 2025, lean soláthairtí uisce poiblí na hÉireann le caighdeáin den scoth a bhaint amach, ag comhlíonadh 99.8% maidir leis na Rialacháin maidir le hUisce Óil (de réir Cáilíocht Uisce Óil i Soláthairtí Poiblí 2024 de chuid GCC a foilsíodh in 2025). Léirítear leis an bhfeidhmíocht sin tiomantas na bhfoirne agus neart ár gcóras monatóireachta. Ba gharsprioc mhór na bliana í oscailt ár Saotharlainne Náisiúnta i Luimneach i mí Lúnasa 2025, lena gcuirtear go mór lenár n-acmhainn eolaíoch agus theicniúil. Leis an tsaoráid den scoth sin, tacófar le tástáil, taighde agus nuálaíocht ardleibhéil ar cháilíocht an uisce lena gcinntítear go bhfuil Uisce Éireann chun cinn i gcónaí i dtaca leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus ceanglais rialála a chomhlíonadh sna blianta atá amach romhainn.

Cultúr Sábháilteachta agus Earcaíocht: Infheistiú i nDaoine

Is mór an tairbhe dúinn ár ndaoine. Tá aistriú bhaill foirne na seirbhísí uisce ó hÚdaráis Áitiúla go hUisce Éireann ina bhunchloch dár n-athrú ó bhonn, agus táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár gcomhghleacaithe ar fad tríd an tréimhse athraithe sin. Tá earcaíocht agus comhtháthú daoine nua, taobh le hinfheistíocht sa teicneolaíocht agus san oiliúint ag cur le neartú ár n-eagraíochta agus lenár gcumas déanamh de réir ár mbriathair do chustaiméirí agus do phobail. Tharla bristeacha fairsinge cumhachta agus cumarsáide ar fud na hÉireann mar gheall ar Stoirm Éowyn, ceann de na stoirmeacha ba dhéine i ngeimhreadh 2024/25, agus cuireadh brú suntasach ar an mbonneagar criticiúil náisiúnta, agus táim bródúil as an gcaoi a d’fhreagair ár n-eagraíocht. Trí ullmhacht láidir, pleanáil réamhghníomhach agus tiomantas ár bhfoirne, choinníomar leanúnachas soláthair ar bun do na céadta mílte custaiméirí in ainneoin bristeacha fairsinge cumhachta. Bhí úsáid réamhchoisctheach giniúna cúltaca agus comhordú náisiúnta 24/7 trínár nIonad Náisiúnta Bainistíochta Oibríochtaí lárnach sa fhreagairt sin. Bhí ár ndaoine ag obair gan stad gan staonadh i ndálaí dúshlánacha chun an t sláinte phoiblí a chosaint agus na seirbhísí a thabhairt ar ais go sábháilte. I ndiaidh an eispéiris sin, treisíodh an luach maidir le hinfheistíocht leanúnach in athléimneacht agus adhaimsir ag tarlú níos minice anois.

Is croíluach dúinn é go gcoinneoimid a chéile sábháilte. Creidimid nach bhfuil aon ghníomh chomh tábhachtach nó chomh práinneach sin nach féidir é a dhéanamh ar bhealach sábháilte. Cuirimid ar chumas fostaithe agus ár gcomhpháirtithe seachadta tríú páirtí obair a stopadh má cheapann siad nach bhfuil sé sábháilte leanúint ar aghaidh. Is í an tsábháilteacht an rud is tábhachtaí. Go tragóideach, fuair dhá dhuine bás i mbliana ar láithreáin seachadta tríú páirtí faoi rialú comhpháirtithe. Ar an 18 Meán Fómhair 2025, tharla timpiste marfach do dhuine a bhí ag obair ar son duine dár gcomhpháirtithe seachadta tríú páirtí le linn oibreacha ag Baile Choitín i gCorcaigh. Tharla teagmhas marfach ar leith ar an Satharn, an 29 Samhain a bhain le duine a bhí ag obair do dhuine dár gcomhpháirtithe soláthair tríú páirtí ar thionscadal seachadta d’uasghrádú bonneagair i Maigh Eo. Tá an dá theagmhas á bhfiosrú faoi láthair leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. In 2026, leanfaimid dár bhfócas ar oideachas agus ar oiliúint feasachta maidir leis na rioscaí agus na contúirtí a bhaineann le gníomhaíocht tógála.

Deiseanna a Chruthú

In ainneoin dul chun cinn suntasach, tá dúshláin nach beag ós comhair Uisce Éireann go fóill. Bíonn cothabháil mhór, uasghráduithe nó athsholáthar de dhíth ar go leor sócmhainní chun freastail ar riachtanais nua-aimseartha agus ar éileamh amach anseo. Tugtar tús áite fós do sheanfhadhbanna amhail dídhathú uisce agus an Bonneagar arna Sholáthar ag an bhForbróir (BSF), agus tá infheistíocht leanúnach agus nuálaíocht de dhíth chun seirbhísí uisce sábháilte agus iontaofa a chinntiú do gach pobal. Tá aistriú leanúnach bhaill foirne sheirbhísí uisce na nÚdarás Áitiúil go hUisce Éireann casta, agus is é an sprioc comhtháthú iomlán faoi dheireadh 2026. Trí mheán an aistrithe sin, cuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil chun fóntas náisiúnta aonair a chruthú ach éilítear pleanáil chúramach agus caidreamh gníomhach chun tacú le comhghleacaithe le linn an aistrithe.

Déanann Uisce Éireann rannpháirtíocht shuntasach go díreach le hionadaithe tofa agus le hionadaithe poiblí trí bhealaí díreacha gutháin agus ríomhphoist, ceardlanna, cruinnithe, agus seisiúin eolais do Chomhairleoirí, do TDanna, agus do Sheanadóirí, agus caidreamh gníomhach aghaidh ar aghaidh le hionadaithe ón Rialtas agus ón bhFreasúra. Mar sin féin, sainaithnímid an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a mbainistímid na hidirghníomhaíochtaí sin agus chun feabhas a chur ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil. In 2026, déanfaidh an eagraíocht athbhreithniú foirmiúil ar ár gcaidreamh gníomhach le hionchur ón ngnólacht ar fad agus le béim ar leith ar an gcaoi is féidir an tseirbhís thábhachtach agus seoladh faisnéise faoina ngníomhaíochtaí agus faoina n-oibríochtaí ar fud Éireann a fheabhsú.

Roimhe seo, mar gheall ar phróisis pleanála agus rialála, cuireadh moilleanna do-ghlactha ar sheachadadh bonneagair chriticiúil, lenar cuireadh bac ar aon dul chun cinn ar feadh an iomarca ama. Táim meáite air go sáróimid na baic sin, agus táim bródúil as ionadaíocht a dhéanamh ar son Uisce Éireann ar an gCoiste Stiúrtha do Thascfhórsa um Luathú Bonneagair an Rialtais, a bunaíodh chun dul i ngleic leis na dúshláin chórasacha maidir le seachadadh an bhonneagair náisiúnta. Chuidigh Uisce Éireann go gníomhach leis an obair sin, lena n-áirítear saineolaithe ag a bhfuil taithí a fháil ar iasacht chun tacú le comhoibriú tras-rialtais. D’fhoilsigh an Tascfhórsa Plean Gníomhaíochta 30 pointe i mí na Nollag 2025, ina leagtar amach athchóirithe spriocdhírithe chun an phleanáil, an ceadú agus an seachadadh maidir le bonneagar a luathú ar fud an Stáit. Trí mheán na hoibre sin leis an Rialtas agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, tá cur chun feidhme á spreagadh againn go tapa chun a chinntiú nach saineofar ár dtodhchaí leis na moilleanna a tharla san am atá thart.

Tá an-tábhacht ag baint leis na baic sin a bhaint chun fás tithíochta a chruthú agus chun líonraí uisce agus fuíolluisce na hÉireann a éascú chun freastal ar riachtanais amach anseo. Tá maoiniú ilbhliantúil faighte i bpáirt againn trí Dhréachtchinneadh ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais don Rialú Ioncaim 4 (RC4) lena gcuirtear cinnteacht éigin ar fáil maidir le cláir uaillmhianacha a sholáthar, ach meastar go mbeidh infheistíocht fhadtéarmach €60 billiún sa chéad 25 bliain eile (de réir théarmaí 2022), de dhíth chun seirbhísí uisce na hÉireann a athrú ó bhonn i ndáiríre.

Ag Féachaint ar Aghaidh

De réir mar a bhogaimid ar aghaidh, tá ár dtosaíochtaí soiléir: seachadadh bonneagair uisce agus fuíolluisce a luathú, aghaidh a thabhairt ar acmhainn agus seandúshláin, ár gcultúr láidir sábháilteachta a choinneáil ar bun, comhtháthú agus earcú ball foirne a chur chun cinn, agus tacú le hathrú ó bhonn chun tacú le spriocanna fáis agus inbhuanaitheachta na hÉireann.

Ba mhian liom buíochas a ghabháil leis an mBord, leis an bhfoireann Feidhmiúcháin, le gach ball foirne in Uisce Éireann, lenár gcomhpháirtithe seachadta, agus lenár gcomhghleacaithe sna hÚdaráis Áitiúla as a dtiomantas le linn 2025. Tá todhchaí inbhuanaithe á forbairt againn d’Éirinn, le chéile, agus seirbhísí uisce á soláthar lena gcumasaítear do phobail a bheith faoi bhláth.

Niall Gleeson

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin