Athbhreithniú airgeadais

Bhí feidhmíocht airgeadais láidir ag Uisce Éireann i rith 2025.

Chris McCarthy

Príomhoifigeach Airgeadais

Chris McCarthy, príomhoifigeach airgeadais Uisce Éireann

Bhí gníomhaíochtaí infheistíochta caipitil Uisce Éireann fós ina spreagthach eacnamaíoch suntasach le linn 2025. Ina theannta sin, sholáthair a chuid clár oibriúcháin agus cothabhála fós fostaíocht dhíreach agus indíreach agus tairbhí eacnamaíocha eile ar fud gheilleagar na hÉireann.

Rinneadh barrachas/ brabús a shaothraigh Uisce Éireann maille le tacaíocht a raibh géarghá leis ón Rialtas i bhfoirm ranníocaíochtaí caipitil de €801m, a infheistiú i dtionscadail bonneagair chriticiúil agus bhíothas in ann clár infheistíochta caipitil ar fiú €1,431m é a sheachadadh in 2025 dá bharr. Mar gheall air sin, bhíomar ábalta feabhas a chur ar cháilíocht ár soláthair uisce, feabhas a chur ar chomhlíonadh ár gcaighdeán agus acmhainn tithíochta agus forbartha a mhéadú chun tacú le fás eacnamaíoch.

Príomh-bhuaicphointí 2025

Ioncam

€1,837m

2024: €1,606m

TRÚCDA

€649m

2024: €550m

Barrachas/brabús roimh cháin ioncaim

€396m

2024: €321m

Caiteachas caipitil

€1,431m

2024: €1,372m

Sócmhainní iomlána

€10,150m

2024: €8,752m

Glanfhiachas

€647m

2024: €597m

Déantar barrachas/brabús Uisce Éireann a ath-infheistiú chun tionscadail príomhbhonneagair a mhaoiniú.

Ráiteas Achomair Ioncaim

2025

€milliúin

2024

€milliúin

Ioncam

1,837

1,606

  • Ioncam tráchtála

595

467

  • Fóirdheontas rialtais

1,243

1,139

Costais oibriúcháin

(1,188)

(1,056)

TRÚCDA

649

550

Dímheas agus amúchadh

(242)

(217)

Glanchostais airgeadais

(11)

(11)

Barrachas/brabús roimh cháin ioncaim

396

321

Ioncam

Bhí ioncam €1,837m don bhliain go dtí an 31 Nollaig 2025, €231m níos airde i gcomparáid le 2024. Bhí ioncam fóirdheontas ón Rialtas de €1,243m maidir le billeáil uisce neamhbhaile €104m níos airde ná an bhliain roimhe sin. B’ionann an t-ioncam tráchtála agus €595m, €128m níos airde ná 2024, mar gheall ar ioncam neamhbhaile €61m a bhí níos airde, agus ioncam níos airde ó nasc custaiméirí de €67m.

Tá an méadú €61m ar ioncam neamhbhaile mar gheall ar tharaifí níos airde mar thoradh ar an gcinneadh ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí, maidir le taraifí nua uisce agus fuíolluisce.

Faightear táillí ceangail custaiméirí roimh ré, aithnítear iad mar ioncam iarchurtha nuair a fhaightear iad agus aithnítear iad mar ioncam de réir mar a chomhlíonfar an oibleagáid feidhmíochta. Bhí ardú €67m in 2025 ar ioncam ó naisc nua á spreagadh ag gníomhaíocht mhéadaithe sa mhargadh seachtrach.

Costais oibriúcháin

Bhí méadú €132m ar na costais oibriúcháin €1,188m i gcomparáid le 2024, agus é sin ag teacht le fás agus ceanglais chomhlíonta de réir mar a athraímid ár n-oibriúcháin ó bhonn faoin gcreat chun seirbhísí uisce a sholáthar amach anseo.

I measc na méaduithe costais in 2025 bhí;

  • costais phárolla níos airde mar gheall ar meánlíon méadaithe na ndaoine bliain ar bhliain de réir mar a cuireadh an t-athrú ó bhonn chun cinn,
  • costais oibriúcháin mhéadaithe mar gheall ar fhreagairt Uisce Éireann i dtaca le Stoirm Éowyn agus tarluithe eile,
  • costais comhlíonta mhéadaithe, lena n-áirítear leibhéil níos airde samplála, ceadúnas oscailte agus athchóirithe bóthair,
  • táillí agus rátaí rialála méadaithe, arna spreagadh ag próiseas luachála réadmhaoine cúig bliana,
  • costais leictreachais mhéadaithe arna spreagadh ag praghsanna margaidh, agus éileamh méadaithe ag ionaid chóireála,
  • costas níos airde i dtaca le bonn sócmhainní atá ag méadú a sheirbhísiú agus a choinneáil ar bun, agus
  • tuilleadh gníomhaíochta de dhíth chun eagraíocht atá ag dul i méid a choinneáil ar bun.

Fritháiríodh na méaduithe sin le laghdú ar chostais maidir le comhaontú na nÚdarás Áitiúil agus daoine agus seirbhísí á n-aistriú go hUisce Éireann mar chuid de chur chun feidhme an chreat maidir le seirbhísí uisce a sholáthar amach anseo.

Bainistíodh na costais oibriúcháin trí mheascán de bhearta suntasacha teorannaithe costas, trí straitéis láidir fálaithe, trí idirbheartaíocht maidir le conarthaí tráchtála agus trí chláir éifeachtúlachta.

Achoimre ar Chostais Oibriúcháin

2025

€milliúin

2024

€milliúin

Costais fostaithe

(222)

(159)

Costais as comhaontú le húdaráis áitiúla

(103)

(138)

Seirbhísí fruilithe agus ar conradh

(359)

(336)

Ábhair agus costais oibriúcháin

(136)

(111)

Fóntais

(144)

(136)

Rátaí, tobhaigh rialála, árachas agus costais bhunaithe

(104)

(79)

Costais oibriúcháin TF agus teileachumarsáid

(55)

(57)

Cur isteach ar infháltais trádála

(32)

(20)

Dí-aithint sócmhainní

(0)

(0)

Costais oibriúcháin eile

(32)

(22)

Iomlán

(1,188)

(1,056)

Dímheas

Tá méadú tagtha ar an dímheas agus ar an amúchadh de €242m i gcomparáid leis an mbliain roimhe mar gheall ar an méadú ar infheistíocht chaipitil.

Barrachas/brabús roimh cháin ioncaim

Mhéadaigh barrachas/brabús roimh cháin €75m go €396m le haghaidh 2025 mar gheall ar TRÚCDA níos airde de €100m, a cúitíodh i bpáirt le muirir dhímheasa níos airde de €25m. Déantar barrachas/brabús Uisce Éireann a ath-infheistiú chun tionscadail príomhbhonneagair a mhaoiniú.

Clár Comhardaithe Achomair

2025
€milliún

2024

€milliúin

Sócmhainní bonneagair

9,330

8,127

Sócmhainní eile

820

626

Sócmhainní iomlána

10,150

8,752

Iasachtaí agus fiachas eile

(1,024)

(1,013)

Dliteanais phinsin

(10)

(25)

Dliteanais eile

(1,518)

(1,278)

Dliteanais iomlána

(2,552)

(2,316)

Glansócmhainní

7,597

6,436

Glanfhiachas

(647)

(597)

Sócmhainní bonneagair agus caiteachas caipitil

In 2025, rinne Uisce Éireann an leibhéal infheistíochta b’airde a sholáthar i seirbhísí uisce agus fuíolluisce arbh fhiú €1,431m san iomlán é, i gcomparáid le €1,372m in 2024. Cuireann an leibhéal infheistíochta seo ar chumas Uisce Éireann feabhsuithe riachtanacha ilghlúineacha a dhéanamh ar bhonneagar uisce agus fuíolluisce. Tá sé dírithe ar shláinte agus ar cháilíocht na beatha a fheabhsú, an comhshaol a chosaint, chun leasa pobail agus tá sé ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt ar fud na hÉireann.

Caiteachas caipitil (%)

% den Chaiteachas Caipitil de réir Théama RBSU á léiriú i gcairt taoschnó lena léirítear deighilt chatagóire ina bhfuil Infhaighteacht agus Iontaofacht ag 47%, Sábháilteacht agus Cáilíocht ag 34%, agus Inbhuanaitheacht ag 19%

An chaoi ar úsáideadh airgead tirim in 2025 (€m)

An t-airgead tirim a úsáideadh á léiriú i gcairt Chascáide lena léirítear gluaiseacht in airgead tirim ó iarmhéid tosaigh €417m go iarmhéid deiridh €377m in 2025, agus eis-sreafaí ó chaiteachas caipitil (€1,328m) agus insreabhadh ó ranníocaíocht chaipitil an rialtais (€801m) agus airgead tirim ó oibriúcháin (€685m).

Glanfhiachas agus sreafaí airgid

Ba é suíomh an ghlanfhiachais ar an 31 Nollaig 2025 ná €647m (iomlán na n-iasachtaí agus na bhfiach eile de €1,024m, lúide airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim €377m), i gcomparáid le €597m sa bhliain roimhe.

In 2025, comhlíonadh i bpáirt an maoiniú ranníocaíochta caipitil €801m a fuarthas ón Rialtas na ceanglais maidir le maoiniú infheistíochta caipitil (€1,328m i dtéarmaí eisíocaíochta airgid thirim), rud a d'fhág go raibh ceanglas maoinithe infheistíochta caipitil iarmharach €527m ann. Úsáideadh na sreafaí airgid oibriúcháin dearfacha de €685m chun ceanglas maoinithe caipitil iarmharach a chomhlíonadh.

Baineann taiscí airgeadais glanghluaiseachta airgid de €199m go príomha le €160m i dtaca le taiscí téarma sheasta agus glanghluaiseacht airgid €39m i dtaobh comhthaobhacht tríú páirtí. Trí bhainistíocht éifeachtach airgid thirim, chuir Uisce Éireann €160m dá chistí féin i dtaisce ar feadh tréimhsí níos faide ná trí mhí, ag baint leas as a sheasamh leachtachta láidir agus rátaí úis méadaithe, ag cinntiú go raibh ceanglais leachtachta ghearrthéarmacha á gcomhlíonadh ag an am céanna.

De thoradh air sin, bhí €377m in airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim deiridh ag deireadh na bliana.

Acmhainní caipitil

Ar an 31 Nollaig 2025 bhí na nithe seo a leanas i seilbh Uisce Éireann;

  • iomlán na n-iasachtaí tarraingthe de €999m (gan dliteanais léasa €26m san áireamh),
  • saoráid caipitil oibre €350m neamhtharraingthe Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), agus
  • €377m d'airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim, agus
  • €160m de thaiscí téarma sheasta.

Amhail an 31 Nollaig 2025, chuir an tAire Airgeadais €999m de shaoráidí iasachta Stáit ar fáil le haghaidh caiteachas caipitil is inchurtha i leith na hearnála tráchtála. Tá na saoráidí sin tarraingthe anuas go hiomlán anois.

I mBuiséad 2025 an Rialtais, fógraíodh go mbeadh maoiniú €1bn curtha ar fáil ag an Aire Airgeadais chun tacú leis an infheistíocht chaipitil in Plean Cistiúcháin Straitéisigh faofa 2025-2029. In 2025, cuireadh €514m ar fáil chun infheistíocht chaipitil a mhaoiniú, agus tá iarmhéid €486m le cur ar fáil thar an tréimhse 2026-2028.

In Iúil 2025, d’fhoilsigh an Rialtas a Phlean Forbartha Náisiúnta do 2026-2030 ina bhfuil an leithdháileadh maoinithe caipitil is mó riamh de €11.7bn d’Uisce Éireann. Tá an €486m sa bhreis air sin, rud a fhágann go bhfuil leithdháileadh maoinithe caipitil iomlán an Státchiste cothrom le €12.2bn thar an tréimhse. Soláthraítear leis an bPlean Forbartha Náisiúnta cinnteacht mhaoinithe ilbhliantúil gan fásach, agus tá cistí €4.5bn ar fáil Uisce Éireann arna iarraidh sin dó. 

Gheall Uisce Éireann go bhféachfar chuige nach mbeidh an tsaoráid caipitil oibre de chuid Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta tarraingthe ar an 31 Nollaig gach bliain féilire, ach amháin má fhaigheann Uisce Éireann cead ón Aire roimh ré leas a bhaint as an tsaoráid. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an tsaoráid in aibíocht i mí Dheireadh Fómhair 2026, agus cuireadh tús le comhráite leis an GBCN maidir lena hathnuachan. Tá saoráid rótharraingthe neamhbhuan €10m ag Uisce Éireann chun cabhair a thabhairt lena riachtanais bhainc laethúla a bhainistiú.

Ar an 31 Nollaig 2025, ba é an meánráta úis ualaithe ar phunann iasachtaí gan íoc na Cuideachta ná 1.83% (2024: 1.83%) agus ba é meánaibíocht a cuid fiachais ná 6.61 bliain (2024: 7.61 bliana).

Rialachas cisteáin

Is é an Bord atá freagrach as an ngníomhaíocht ciste agus a feidhmíocht, agus comhlíonann sé an fhreagracht sin trí hathbhreithniú rialta. Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca maoirsiú ar an timpeallacht riosca agus rialaithe thar ceann an Bhoird. Chomhlíon Uisce Éireann ceanglais agus coinníollacha an Aire Airgeadais faoin Acht um Idirbhearta Airgeadais Cuideachtaí Áirithe agus Comhlachtaí Eile, 1992. Ní oibrítear feidhm chisteáin Uisce Éireann mar ionad brabúis agus déantar bainistíocht ar staideanna cisteáin ar bhealach atá drogallach roimh rioscaí. Tá cúis bhailí bhunúsach ghnó taobh thiar de gach idirbheart cisteáin agus tá diantoirmeasc ar sheasaimh amhantracha. Tá sonraí breise ar ár mbeartais bainistíochta riosca airgeadais um rialachas cisteáin leagtha amach i nóta 22 sna Ráitis Airgeadais.

Rialáil eacnamaíoch

Eisíodh dréachtchinneadh an CRF don Rialú Ioncaim 4 (RC4) i mí na Samhna 2025, agus tá sé faoi réir ag próiseas comhairliúcháin phoiblí. D’fhreagair Uisce Éireann don chomhairliúchán sin. Táthar ag tnúth go bhfoilseofar an cinneadh críochnaitheach ar RC4 in R2 2026.