Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce Chora Chaitlín agus Píobán Sceite a Athlonnú
Tá Uisce Éireann ag cur tús le hoibreacha chun Ionad Cóireála Fuíolluisce Chora Chaitlín a uasghrádú agus príomhphíobán nua a chur ar fáil d’Abhainn na Reanna i gContae an Chláir.
Tá Uisce Éireann ag cur tús le hoibreacha chun Ionad Cóireála Fuíolluisce (ICFU) Chora Chaitlín a uasghrádú chun tacú le fás daonra agus eacnamaíoch reatha agus amach anseo, tar éis infheistiú de bhreis agus €14 milliún a fháil.
Tá acmhainneacht deartha de 5,000 CD ag ICFU Chora Chaitlín, atá 6km ó Bhaile Shionainne.
Sceitheann an t-ionad cóireála fuíolluisce i gCora Chaitlín i Loch Gais an Turlaigh.
Cinnteoidh na hoibreacha seo go gcóireáiltear an fuíolluisce go cuí anois agus amach anseo, le suíomh príomhphíobán nua in Abhainn na Reanna. Tacóidh an t-uasghrádú seo le fás daonra agus eacnamaíoch i gCora Chaitlín, agus sláinte agus sláine na timpeallachta a fheabhsú freisin.
Cuirfear tús leis na hoibreacha i mí Feabhra 2026 agus táthar ag súil go gcuirfear na hoibreacha sin i gcrích i 2028. Tá Glanua ag tabhairt faoi na hoibreacha seo thar ceann Uisce Éireann.
Cad atá i gceist leis an tionscadal seo?
Áireofar leis na hoibreacha:
- An t-ionad cóireála fuíolluisce atá ann cheana a uasghrádú
- Príomhphíobán nua a thógáil d’Abhainn na Reanna
- Píblíne nua 4.4km a thógáil
- Stáisiún caidéalúcháin Eisilteach Cóireáilte Deiridh faoi thalamh nua a thógáil
- Umar stórála stoirme nua a thógáil
- Uasghráduithe ar ardphróisis chóireála
An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?
Mar chuid den uasghrádú seo, áireofar le hoibreacha píblíne tuairim is 4.4km a thógáil ó ionad cóireála fuíolluisce Chora Chaitlín atá ann cheana, trí chuid de Pháirc Chill Átha na Súileach agus feadh Bhóthar Réigiúnach R458 go dtí an príomhphíobán go dtí an abhainn ag Leatún Thuaidh.
Beimid ag obair i stráicí gearra, ionas nach gcuirfidh siad isteach go mór ar ár gcustaiméirí. Chun an tionscadal a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtach, beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm i bhfoirm chóras stop agus gluais, soilse tráchta agus dúnadh lána shingil.
Beidh dúnadh lána i bhfeidhm ag na suíomhanna oibreacha éagsúla feadh an R458 ó Acomhal L3202 Pháirc Chill Átha na Súileach go dtí Timpeallán Dhrom Ólainn Thoir ó lár mhí Feabhra go dtí Iúil 2026.
Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm freisin i roinnt áiteanna i bPáirc Chill Átha na Súileach le linn na n-oibreacha seo ag an suíomh sin.
Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an tionscadal seo?
- Feidhmíocht ionad cóireála fuíolluisce atá ann cheana a nuachóiriú agus a fheabhsú
- Sláinte agus sláine na timpeallachta a fheabhsú
- Cáilíocht uisce agus gnáthóga caomhnaithe in Abhainn na Reanna agus i Loch Gais a chosaint.
- Acmhainneacht leordhóthanach a chur ar fáil chun fás daonra agus tionsclaíoch amach anseo a éascú
- Comhlíonadh reachtaíocht na hÉireann agus an AE a chinntiú anois agus amach anseo
- Comhlíonadh rialachán náisiúnta agus AE a chinntiú a bhaineann le cóireáil fuíolluisce.