Skip to main content

Tionscadail Uisce Éireann

Féach ar ár tionscadail timpeall na hÉireann le fáil amach faoi na bhfeabhsúcháin atá muid ag déanamh i do cheantar.

Tionscadail Bonneagair Uisce agus Fuíolluisce ríthábhachtacha ar fud na hÉireann

Tá tionscadail uisce agus fuíolluisce atá ar siúl ar fud na tíre le feiceáil ar ár léarscáil tionscadal áitiúil. Cinntíonn tionscadail uisce go bhfuil uisce ardchaighdeáin agat inniu agus sa todhchaí. Baineann tionscadail fuíolluisce le cóireáil agus urscaoileadh sábháilte séarachais.

Icon

Pleanáilte

Trí thionscadal uisce nó fuíolluisce a phleanáil, is féidir rioscaí a aithint go luath agus torthaí sláinte, eacnamaíocha agus comhshaoil níos fearr a bhaint amach san fhadtéarma. Tá roinnt tionscadal le tosú sna míonna amach romhainn.

Icon

Tosaithe

Tá leathanach tionscadail ar leith ag gabháil le gach tionscadal ar ár léarscáil tionscadal áitiúil. Foilsítear nuashonruithe rialta ar dhul chun cinn gach tionscadail ar na leathanaigh seo.

Icon

Críochnaithe

Cuireann tionscadail chríochnaithe rochtain iontaofa ar uisce glan agus sábháilte ar fáil do phobail, rud a fheabhsaíonn sláinte an phobail agus cáilíocht na beatha i gcoitinne. Tacaíonn sé freisin le forbairt eacnamaíoch, agus neartaíonn sé fás agus athléimneacht an phobail.

Comhairliúcháin

Cuirimid fáilte roimh aighneachtaí uile maidir lenár gcomhairliúcháin oscailte. Trí fhreagra a thabhairt ar chomhairliúcháin phoiblí, cuideoidh tú le seachadadh seirbhísí uisce a mhúnlú do na glúnta le teacht.