Skip to main content

Tionscadal Cuíchóirithe Áth Dara

Dul chun cinn déanta ag Uisce Éireann ar oibreacha ar thionscadal Cuíchóirithe Áth Dara chun soláthar uisce níos sábháilte agus níos iontaofa a chur ar fáil agus chun freastal ar fhás agus ar fhorbairt in Áth Dara, Co. Luimnigh, amach anseo.

Tá Uisce Éireann ag cur oibreacha chun cinn ar uasghrádú an líonra uisce atá ann in Áth Dara chun soláthar uisce níos sábháilte agus níos iontaofa a chur ar fáil agus chun freastal ar fhás agus ar fhorbairt an cheantair amach anseo.

Tá céim thosaigh na n-oibreacha críochnaithe anois, lena raibh tógáil thart ar dhá chiliméadar de phríomhphíobán uisce i gceist ó thaiscumar Áth Dara feadh an N21 agus feadh bhóthar réigiúnach R519 ó Áth Dara go Baile an Gharraí.

Tá Uisce Éireann ag dul ar aghaidh le céim na n-oibreacha atá fós le cur i gcrích. Is é a bheidh i gceist leis an dara céim sin de na hoibreacha ná 7.1 ciliméadar den phríomhphíobán uisce atá fágtha a thógáil, lena nascfar Líonra Áth Dara le Crios Soláthair Chathair Luimnigh agus a Ceantair Mhórthimpeall. Leagfar an príomhphíobán uisce feadh an L8022, an L4120, an L8060 agus an N20 chuig an bpointe ceangail. Is é Ward and Burke Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe faoi R3 2026.

Location
Limerick
Status
In progress
Type
Water

An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?

  • Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. Chun an tionscadal a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtach, beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm i bhfoirm dúnadh sealadach bóithre, córas tráchta stop/gluais agus córais tráchta dhá bhealach.
  • Teastaíonn dúnadh bóthair feadh an L8022 ón Droichead Tarsna go Caisleán Riobaird óna acomhal le Bóthar R519 Bhaile an Gharraí ag Droichead Tarsna/Béabas chuig an acomhal leis an L1420 ag Caisleán Riobaird/Baile an Fhainínigh.  Dúnfar an bóthar ón 8 Meán Fómhair 2025 go dtí an 19 Nollaig 2025. Athosclófar an bóthar ar bhonn sealadach ach beidh sé riachtanach é a dhúnadh arís chun na hoibreacha atá fágtha a chríochnú.
  • D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe.
  • Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach agus déanfaidh na buíonta oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú.
     

Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach agus déanfaidh na buíonta oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú.

View all projects and plans

Visit our Projects section to find out what's happening.