Cnoc Firinne Athsholáthar Príomhlíonra Uisce
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tá Uisce Éireann chun oibreacha laghdú sceitheadh a dhéanamh i gCnoc Fírinne, Baile an Gharraí, Co. Luimnigh chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil agus leibhéil arda sceithe a laghdú.
Áirítear leis na hoibreacha níos mó ná 2.1 ciliméadar de phríomhlíonra uisce atá ag éirí sean a athsholáthar agus píopaí nua comhaimseartha a chur ina n-áit. Cuirfear tús leis an gclár chun an príomhlíonra uisce i gCnoc Fírinne, Baile an Gharraí a athsholáthar i lár mhí Meithimh 2025 Táthar ag tabhairt faoi na hoibreacha seo mar chuid de Chlár Laghdaithe Sceite Náisiúnta de chuid Uisce Éireann.
Beidh an chuid de na hoibreacha ar siúl gar do Shiúlóid an Ghorta Mhóir feadh an L-1209 The Commons, Baile an Gharraí.
Is é Ward and Burke Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go mbeidh siad críochnaithe faoi mhí Meán Fómhair 2025.
Cad iad tairbhí na n-oibreacha?
Áirítear na nithe a leanas le tairbhí na n-oibreacha laghdaithe sceite:
- Soláthar Uisce Iontaofa –Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar níos iontaofa uisce do chustaiméirí agus
do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar. - Sceití Laghdaithe – Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse cuirfear deireadh leis na sceití atá ann agus laghdófar méid an uisce óil a chailltear sa talamh.
- Oibriú Feabhsaithe agus Cothabháil Fheabhsaithe – Soláthrófar coigilteas costais leis na hoibreacha sin trí oibriú feabhsaithe an líonra uisce óna dteastóidh cothabháil níos lú sa todhchaí.
An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?
Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm ag an am sin, i bhfoirm Córas Soilse Tráchta uathoibrithe, chomh maith le Dúnadh Bóthair ar an L-1209 The Commons, Baile an Gharraí. Beidh an dúnadh bóthair i bhfeidhm ón 23 Meitheamh ar feadh tréimhse 4 seachtaine le bealach atreoraithe i bhfeidhm feadh an R158. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí.
D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uaire ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.