An Clár Laghdaithe Sceite
Tá oibreacha laghdaithe sceite á ndéanamh ag Uisce Éireann in Eadargóil chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil don phobal, agus sceitheadh agus pléascthaí príomhlíonra a laghdú ag an am céanna.
Is éard a bheidh i gceist leis na hoibreacha ná 2,467 méadar de shean-phríomhlíonra uisce a bhfuil damáiste déanta dó agus é de nós aige pléascadh a bhaint amach agus píobáin nua chomhaimseartha a chur ina n-áit. Tosóidh an clár chun an príomhlíonra uisce in Eadargóil a athsholáthar ag deireadh mhí Aibreáin. Táthar ag tabhairt faoi na hoibreacha seo mar chuid den Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite de chuid Uisce Éireann.
Beidh an chuid seo de na hoibreacha ar siúl feadh Dhroichead Eadargóil an R574 go dtí an tIonad Cóireála Uisce agus an Taiscumar.
Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí.
Is é Ward and Burke Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh siad curtha i gcrích faoi mhí Iúil 2026
Cad iad na buntáistí a bhaineann leis na hoibreacha?
Áirítear na nithe a leanas le tairbhí na n-oibreacha laghdaithe sceite:
- Soláthar Uisce Iontaofa –Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar níos iontaofa uisce do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar.
- Sceití Laghdaithe – Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse cuirfear deireadh leis na sceití atá ann agus laghdófar méid an uisce óil a chailltear sa talamh.
- Oibriú Feabhsaithe agus Cothabháil Fheabhsaithe – Soláthrófar coigiltí costais leis na hoibreacha sin trí oibriú feabhsaithe an líonra uisce óna dteastóidh cothabháil níos lú sa todhchaí.
An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?
Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm ag an am seo, i bhfoirm chóras stop/gluais agus dúnadh bóthair. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí, áfach.
Fad is a bheidh an príomhlíonra nua á nascadh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le roinnt cur isteach gearrthéarmach ar an uisce a phleanálfar roimh ré. Coimeádfaidh foireann an tionscadail custaiméirí ar an eolas trí fhógra a thabhairt dóibh ar a laghad 48 uair an chloig roimh ré.
Chun tacú leis an gceantar máguaird, déanfar cuid den obair istoíche, rud a chuirfidh teorainn leis an tionchar ar ghníomhaíochtaí laethúla agus ar shreabhadh tráchta.
Tuigimid go bhféadfadh obair den chineál sin a bheith mí-áisiúil agus déanfaidh criúnna a seacht ndícheall aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú .