Skip to main content

Alternative water supplies for Tír an Fhia customers affected by potential water disruptions

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Cuirfear soláthairtí uisce malartacha ar fáil do chustaiméirí a bhfuil freastal á dhéanamh orthu ag Ionad Cóireála Uisce Thír an Fhia in Iarthar na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo toisc go bhféadfadh go mbeadh cur isteach ar an soláthar.  

Tá deacrachtaí teicniúla ag an ionad tar éis cur isteach ar an bpróiseas cóireála uisce agus de thoradh é sin, tá an baol ann go mbeidh laghdú ar an mbrú uisce nó go mbeadh cur isteach eadrannach ar an solathar sna laethanta amach romhainn do chustaiméirí i dTír an Fhia, i Leitir Mealláin agus i Leitir Mór.

Dúirt Tony Kelly, Bainisteoir Oibríochtaí Líonra Uisce de chuid Uisce Éireann, go bhfuil gach iarracht á déanamh chun an t-ionad a chur ina cheart agus gnáthoibríochtaí a chur ar siúl ann a luaithe agus is féidir é.

“Tuigimid an mhíchaoithiúlacht atá i gceist dár gcustaiméirí mar gheall ar an gcur isteach ar an soláthar agus is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis na custaiméirí sin as a bheith foighneach agus sinn i mbun oibre chun na fadhbanna a réiteach agus gnáthsholáthar a chur ar fáil arís.”

Tá soláthairtí malartacha uisce á gcur ar fáil ag Uisce Éireann le tancaeir do chustaiméirí a rachaidh an cur isteach ar an soláthar i bhfeidhm orthu. Beidh na tancaeir lonnaithe ag;
•    Carrchlós Theach Phobal Leitir Mór
•    Croiminne
•    Gabhal Leitir Calaidh
•    Malartán Eircom Thír an Fhia
 

Iarrtar ar chustaiméirí a soithí féin a thabhairt leo chun uisce a bhailiú ó na tancaeir agus an t-uisce a fhiuchadh sula n-úsáidfear é, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Tá seirbhís téacs saor in aisce ag Uisce Éireann, agus cuirtear eolas chun dáta ar fáil i bhfíor-am i ndáil le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú lena nÉirchód agus le huimhir an ghutháin póca ar an leathanach text alerts.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt le do thoil ar Supply and Service Updates ar an láithreán gréasáin. Tá líne chabhrach na gcustaiméirí de chuid Uisce Éireann ar oscailt 24/7 agus is féidir le custaiméirí glaoch a chur orainn ar 1800 278 278 agus teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWCare.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil poiblí agus seirbhísí fuíolluisce a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chumasú chun dul chun cinn a dhéanamh trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach rud a thacóidh le fás agus le forbairt inbhuanaithe agus ina theannta sin táimid tiomanta d’ uisce óil sábháilte a sholáthar mar aon le feabhas a chur ar an timpeallacht. Chun tuilleadh eolais a fháil. Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Uisce Éireann.
 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.