Skip to main content

Seolann Uisce Éireann comhairliúchán poiblí ar an Dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní

Sheol Uisce Éireann comhairliúchán poiblí ocht seachtaine inniu ar an Dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, ina leagtar amach fís fhadtéarmach do bhainistíocht inbhuanaithe sloda fuíolluisce in Éirinn.

Leagtar amach sa Straitéis cur chuige fadtéarmach Uisce Éireann i leith bainistíocht inbhuanaithe agus éifeachtúil bithacmhainní – an fotháirge cóireáilte de chóireáil fuíolluisce – d’fhonn an comhshaol a chosaint, cur leis an ngeilleagar ciorclach agus astaíochtaí a laghdú.

Agus é sin á dhéanamh aige, tacaíonn sé le cuspóirí Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (WSSP 2050) Uisce Éireann agus cinntíonn sé go gcomhlíontar ceanglais rialála agus caighdeáin cháilíochta ar leibhéal an AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na heagraíochta.

Dúirt Sean Laffey, an Stiúrthóir Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta: "Leagtar amach sa dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ár bhfís maidir le bainistíocht inbhuanaithe sloda fuíolluisce agus bithacmhainní sna 25 bliain atá amach romhainn. Cuireann sé cuspóirí straitéiseacha soiléire i láthair agus leagann sé amach conas a bheartaímid iad a bhaint amach i gcomhthéacs na ndeiseanna agus na ndúshlán is dócha a bheidh romhainn, lena n-áirítear fás daonra agus geilleagrach.

Cuireann an Straitéis ár riachtanais amach anseo san áireamh agus sainaithníonn sí na riachtanais infheistíochta caipitil chun í a chur i bhfeidhm”. 

Cuirtear an tírdhreach atá ag athrú ina bhfeidhmíonn Uisce Éireann agus an chaoi a bhféadfadh sé seo athrú a spreagadh sa chaoi a mbainistítear sloda fuíolluisce agus bithacmhainní amach anseo san áireamh sa Straitéis freisin. Tugann an comhairliúchán poiblí seo deis do gach duine dul i dteagmháil le hUisce Éireann maidir le forbairt ár Straitéise Náisiúnta um Bithacmhainní. 

Dúirt Aoife Kyne, Bainisteoir Bithacmhainní Pleanála Sócmhainní: “Tá dul chun cinn sa taighde, sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht ag méadú na hacmhainneachta chun fuinneamh agus acmhainní luachmhara a athshlánú ó phróisis chóireála sloda fuíolluisce. Scrúdaíonn an dréacht-Straitéis an chaoi is féidir leis na forbairtí seo cuir chuige nua agus mhalartacha a sholáthar maidir le bainistíocht inbhuanaithe bithacmhainní in Éirinn, tacú leis an mbithgheilleagar agus ár lorg carbóin foriomlán a laghdú”.

Is doiciméad straitéiseach ríthábhachtach é an Dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní. Déantar athbhreithniú agus nuashonrú léi ar an bPlean Náisiúnta um Bainistíocht Sloda Fuíolluisce (NWSMP) de chuid Uisce Éireann atá ann cheana féin, a foilsíodh in 2016, agus ar deireadh thiar cuirfear í in ionad an NWSMP a luaithe agus a ghlacfar léi. Tá an Tuarascáil ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus an Ráiteas Tionchair Natura (NIS) ag gabháil leis an doiciméad straitéise a foilsíodh inniu. 

Cuir do Smaointí i Láthair 

Fáiltíonn Uisce Éireann roimh aiseolas ar an dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní agus iarrann sé ar pháirtithe leasmhara aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán poiblí. Is féidir féachaint ar na doiciméid chomhairliúcháin agus iad a íoslódáil ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh suas go dtí Dé Máirt, an 21 Iúil 2026, trí na bealaí seo a leanas:

  • Ar líne: consult.water.ie
  • Ar ríomhphost: nbios@water.ie
  • Tríd an bpost: An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, F/Ch. Tetra Tech Ireland, Campas Gnó na Cé Thiar, Seanbhóthar Dhún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, A92 N6T7

Reáchtálfar seimineár gréasáin faisnéise poiblí Dé Máirt, an 23 Meitheamh, ag 12:00in ina dtabharfaidh foireann an tionscadail forbhreathnú ar an dréacht-Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, na measúnachtaí timpeallachta gaolmhara agus an próiseas comhairliúcháin. Chun clárú, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin dréacht-Bithacmhainní Náisiúnta nó seol ríomhphost chugainn ag nbios@water.ie

Déanfar athbhreithniú agus breithniú ar an aiseolas go léir a gheofar sula gcuirfear an Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní i gcrích agus sula nglacfaidh bord Uisce Éireann léi. Foilseofar an Straitéis deiridh níos déanaí in 2026.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.