Skip to main content

An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní

Tá Uisce Éireann ag iarraidh aiseolais uait ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi.

Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí Dé Máirt an 22 Iúil 2026.

Tabhair cuairt ar ár n-ardán comhairliúcháin chun aighneacht a dhéanamh.

Is doiciméad í an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ina leagtar amach cur chuige straitéiseach, fadtéarma Uisce Éireann maidir le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a bhainistiú. Áirítear ceithre chuspóir straitéiseacha sa doiciméad mar aon leis an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn iad a bhaint amach.

Teastaíonn bainistíocht inbhuanaithe agus éifeachtúil sloda fuíolluisce agus bithacmhainní chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • Tacaíocht a thabhairt dár ndaonra atá ag fás agus dár ngeilleagar
  • Sláinte dhaonna agus ár dtimpeallacht a chosaint, agus
  • Cur le geilleagar ciorclach agus le huaillmhianta maidir le neodracht ó thaobh carbóin de.

Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní déantar machnamh ar ár riachtanais amach anseo agus sainaithnítear riachtanais um infheistíocht chaipitiúil ar feadh na 25 bliana le teacht i gcomhthéacs na ndeiseanna agus na ndúshlán araon is dócha a bheidh amach romhainn.

Comhairliúchán Poiblí

Táimid ag iarraidh aiseolais ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi. Tugaimid cuireadh duit aighneacht a chur isteach chuig an gcomhairliúchán poiblí trí chuairt a thabhairt ar ár n-ardán comhairliúcháin.

Seimineár Gréasáin

Beidh seimineár gréasáin faisnéise poiblí ar siúl ag 12:00in an 23 Meitheamh 2026 nuair a thabharfaidh foireann an tionscadail forbhreathnú ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, ar na measúnuithe timpeallachta agus ar an bpróiseas comhairliúcháin. Beidh foireann an tionscadail ar fáil freisin chun ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.

Chun clárú don seimineár gréasáin, comhlánaigh an fhoirm seo ó seol ríomhphost chugainn ag nbios@water.ie

Féach ar dhoiciméid an chomhairliúcháin agus déan iad a íoslódáil

Cén fáth a bhfuil an Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ag teastáil?

Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní   agus tar éis do Bhord Uisce Éireann í a ghlacadh, déanfar an méid a leanas tríd an Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní:

  • Leagfar amach cur chuige caighdeánaithe náisiúnta maidir le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe.
  • Cinnteofar go gcomhlíontar riachtanais reachtaíochta agus rialála lena n-áirítear an Treoir athmhúnlaithe um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh (rUWWTD), an Treoir um   Shloda Camrais (SSD) agus an Cód Dea-chleachtais maidir le Bithsholaid a úsáid i dTalmhaíocht.
  • Tabharfar tacaíocht do chuspóirí Phlean Straitéiseach Seirbhísí Uisce (WSSP) Uisce Éireann 2050.
  • Déanfar eolas do ghníomhaíochtaí caipitil agus oibríochtúla amach anseo maidir le bainistíocht inbhuanaithe bithacmhainní in Éirinn.
  • Tabharfar tacaíocht d’acmhainneacht amach anseo agus cuirfear gníomhaíochtaí chun cinn chun modhanna nua agus malartacha a chur i bhfeidhm maidir le sloda   fuíolluisce agus bithacmhainní a bhainistiú.
A man and woman, wearing an Uisce Éireann hi-vis jacket holding up a glass of Wastewater sludge at a treatement plant

Tacaíocht a thabhairt don bhithgheilleagar

Is féidir cur leis an mbithgheilleagar trí chóireáil sloda fuíolluisce mar thoradh ar na bithacmhainní a dhéantar a aisghabháil trí phróisis chóireála. Áirítear leo sin:

Icon

Giniúint Fuinnimh Inathnue

Trí na próisis a úsáidtear chun sloda fuíolluisce a chóireáil gintear bithghás le neart meatáin ar féidir é a thiontú ina fhuinneamh agus ina theas.

Icon

Aisghabháil Acmhainní

Tá go leor eilimintí i sloda fuíolluisce atá thar a bheith luachmhar amhail ábhar orgánach agus cothaithigh ar féidir iad a aisghabháil agus a athúsáid mar amhábhair in earnálacha eile.

Icon

Our carbon footprint

Trí bhithacmhainní a úsáid laghdaítear ár lorg carbóin foriomlán agus tá sé mar aidhm sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní leas a bhaint as na deiseanna sin chun cuidiú lenár n-uaillmhianta a bhaint amach maidir le neodracht ó thaobh carbóin de.

Cad atá san áireamh sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní?

Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní sainaithnítear ceithre chuspóir straitéiseacha. Tá trí aidhm straitéiseacha déag ag gabháil leis na cuspóirí sin a chuideoidh linn tabhairt faoinár riachtanais infheistíochta is ríthábhachtaí, freagairt a dhéanamh ar athruithe beartais agus rialála atá ag teacht chun cinn agus bheith ag teacht lenár gcroíphrionsabail um gheilleagar ciorclach, neodracht ó thaobh fuinnimh de, neodracht ó thaobh carbóin de agus inbhuanaitheacht. 

Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní (NBioS) cuirtear 35 bheart i láthair lena leagtar amach an dóigh a bhfuil sé molta againn ár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach.

National Bioresources Aims and Objectives graphic in Irish

Ag féachaint ar aghaidh

Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní táthar ag féachaint ar aghaidh agus breithnítear an tírdhreach atá ag athrú ina n-oibrímid agus conas a d’fhéadfadh sé sin an dóigh a mbainistítear sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a athrú.

Rinneamar machnamh ar na dúshláin fhoriomlána atá roimh Uisce Éireann, amhail athrú aeráide, daonra atá ag dul i méid agus an geilleagar, géarchéimeanna comhshaoil agus bithéagsúlachta, bonneagar atá ag dul in aois, reachtaíocht, agus dálaí eacnamaíocha. Chuireamar dúshláin san áireamh freisin a bhaineann go sainiúil le sloda fuíolluisce agus le bithacmhainní, lena n-áirítear:

Icon

Athruithe Reachtaíochta agus Rialála

Icon

Uaillmhianta Inbhuanaith

Icon

Stóráil

Icon

Lóistíocht Iompair

Icon

Truailleáin atá ag teacht chun cinn

Icon

Sonraí agus Tuairisciú

Na Chéad Chéimeanna Eile

Cuirfear aighneachtaí agus barúlacha uile a gheofar le linn an chomhairliúcháin phoiblí sin san áireamh agus déanfar iad a thaifeadadh i dTuarascáil an Chomhairliúcháin Phoiblí.

A luaithe agus a bheidh sí glactha ag bord Uisce Éireann, foilseofar an leagan deiridh den Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní in éineacht leis an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), agus Cinneadh AA (Measúnú Cuí) i Ráithe 4 de 2026.

Déanfar athbhreithniú rialta ar an leagan deiridh den Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní gach cúig bliana ar a laghad, nó de réir mar a éilítear ag an reachtaíocht. Trí mheán an athbhreithnithe sin, ligfear dúinn dul in oiriúint do dháil nó do riachtanas athraitheach ar bith. Déanfar eolas do nuashonruithe ar an leagan deiridh den Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ag athruithe ar bith amach anseo ar reachtaíocht ábhartha nó ar bheartas an rialtais.

National Bioresources Strategy Roadmap Graphic in irish

Conas páirt a ghlacadh ann

Tabhair cuairt ar ár n-ardán comhairliúcháin chun ceisteanna faoin gcomhairliúchán a fheiceáil agus chun aighneacht a chur isteach ar líne.

Má tá ceisteanna ar bith agat don fhoireann tionscadail nó más maith leat aighneacht i scríbhinn a chur isteach, is féidir leat na nithe a leanas a dhéanamh:

  • Seol ríomhphost chuig: https://consult.water.ie
  • Ríomhphost: nbios@water.ie
     
  • Scríobh chugainn ag:

    An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní
    F/Ch. Tetra Tech Ireland
    Campas Gnó na Cé Thiar
    Seanbhóthar Dhún Laoghaire
    Co. Bhaile Átha Cliath
    A92 N6T