Skip to main content

Infheistíocht chun soláthar uisce a neartú in Ard an Rátha

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Cuirfidh Uisce Éireann tús le hoibreacha riachtanacha in Ard an Rátha an tseachtain seo chun 175 méadar de shean-phríomhphíobáin uisce in Ard Chonaill a athsholáthar. Tá an t-uasghrádú seo le déanamh mar chuid den Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite, agus cuideoidh sé leis an soláthar uisce sa cheantar a dhéanamh níos iontaofa agus le sceitheadh a laghdú.

Déanfar ceangail nua seirbhíse uisce a shuiteáil mar chuid den tionscadal freisin, agus dá bharr sin beidh baol níos lú ann go bpléascfaidh píobáin, beidh an brú uisce níos rialta agus is annamh a bheidh bristeacha sa soláthar uisce chuig tithe agus gnólachtaí.

Dúirt Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, Patricia Lowry, go rachadh na hoibreacha chun tairbhe fhadtéarmach do mhuintir na háite: “Tá Uisce Éireann tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar uisce áitiúil chun tacú le pobail agus chun soláthairtí a chosaint don am atá le teacht. Beidh líonra uisce Ard Chonaill níos seasmhaí de thoradh na n-oibreacha seo. Oibreoidh ár bhfoirne go dian dícheallach chun an tionscadal a chur i gcrích chomh gasta agus is féidir, agus gabhaimid ár mbuíochas leis an bpobal as ucht a gcuid foighne agus comhoibrithe agus na hoibreacha bunriachtanacha seo á ndéanamh.”

Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm chun sábháilteacht na bhfoirne agus na n-úsáideoirí bóithre a chinntiú, agus beidh rochtain áitiúil agus rochtain éigeandála ann an t-am ar fad.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt bristeacha gearrthéarmacha sa soláthar uisce. Tabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad do chustaiméirí sula mbeidh aon bhriseadh pleanáilte sa soláthar uisce.

Is é Farrans Construction a dhéanfaidh na hoibreacha tionscadail thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh siad curtha i gcrích go luath sa samhradh.

Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt. 

Cuireann Uisce Éireann seirbhís téacs saor in aisce ar fáil a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna áitiúla. Féadann custaiméirí clárú leis lena nÉirchód agus lena n-uimhir fóin póca ar an leathanach foláirimh téacs

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú. 

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.