Is ann i gcónaí don Fhógra Fiuchta Uisce ar Oileán Ghabhla
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Is mian le hUisce Éireann a mheabhrú do chustaiméirí ar Oileán Ghabhla gurb ann i gcónaí don Fhógra Fiuchta Uisce ar an oileán ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint.
Eisíodh an fógra seo i mí Aibreáin agus tá feidhm leis i gcónaí chun go gcosnófaí sláinte custaiméirí, a bhfuil isteach le amach le 95 acu, fad is atá soláthar uisce eatramhach á chur ar fáil.
Tá oibreacha riachtanacha ar siúd faoi láthair a dhéanfaidh éascaíocht d’aisghabháil shábháilte an naisc píblíne bhuain fo-thoinn, ar oibreacha iad sin nach mór iad a chríochnú sula bhféadfaí an fógra a chur ar ceal.
Tá measúnuithe pleanála agus teicniúla ar siúl faoi láthair chun tacú leis na hoibreacha sin. Obair chasta atá inti, agus braitheann sí ar choinníollacha fabhracha.
Bhí an méid seo le rá ag Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann: “Tá ár gcuid foirne ag obair leo ar na measúnuithe agus ar an bpleanáil atá de dhíth chun an phíblíne faoi thoinn chuig an oileán a aisghabháil go sábháilte, agus tacaíocht á fáil acu ó speisialtoirí mara agus teicniúla. Oibreacha casta iad seo a bhfuil trealamh speisialta i gceist leo agus a dteastaíonn na coinníollacha cearta chun tabhairt fúthu. Tá soláthar malartach á choinneáil go dtí an t-oileán san idirthréimhse. Tá an t-uisce sábháilte le hól tar éis dó a bheith bruite, agus cuirfear an fógra ar ceal a luaithe is a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh agus tar éis comhaontú an FSS a fháil. Is mór againn tacaíocht leanúnach phobal an oileáin agus muid ag obair i dtreo an fhógra seo a chur ar ceal agus soláthar buan a chur ar fáil arís dár gcustaiméirí.”
An tosaíocht is mó atá ag Uisce Éireann sláinte an phobail a chosaint. Tá sé sábháilte an t-uisce a ól ach é a bheith bruite de réir comhairle an FSS.
Is féidir le custaiméirí a sheiceáil an bhfuil a maoin san áireamh trí chuairt a thabhairt ar an rannán Cáilíocht Uisce ar ár suíomh Gréasáin agus a n-Eircode a iontráil, nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Cúraim Chustaiméirí 24/7 Uisce Éireann ar 1800 278 278. Tá léarscáil den limistéar lena mbaineann ar fáil le feiceáil freisin sa rannán Soláthair agus Seirbhísí ar ár suíomh Gréasáin.
Tá dianchaighdeáin i bhfeidhm ag Uisce Éireann maidir le huisce óil, de réir rialacháin Uisce Óil an AE, agus tá lamhálacha earráide leathan i gceist leo. Sa chás go n-aithnítear rioscaí do chaighdeán an uisce trí chlár tástála agus monatóireachta Uisce Éireann, téitear i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus eisítear Fógraí Fiuchta Uisce chun sláinte an phobail a chosaint. Téitear i mbun gnímh láithreach i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar údar na faidhbe le go gcuirfear an fógra ar ceal a luaithe agus is féidir déanamh amhlaidh go sábháilte agus i gcomhaontú leis an FSS.
Seoltar cumarsáid dhíreach maidir le Fógra Fiuchta Uisce chuig custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól tar éis dó a bheith bruite.
Ní mór an t-uisce fhiuchadh:
- Lena ól;
- Le haghaidh deochanna a dhéantar le huisce;
- Chun sailéid agus bianna comhchosúla a ullmhú, nach ndéantar a chócaráil sula n-itear siad;
- Chun fiacla a ní;
- Chun oighear a dhéanamh - caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.
Cad iad na bearta ba chóir a dhéanamh:
- Úsáid uisce a ullmhaíodh lena ól agus tú ag ullmhú bianna nach mbeidh cócaráilte (e.g. sailéid a ní);
- Is féidir uisce a úsáid le haghaidh sláinteachas pearsanta, folctha agus sruthlú leithris ach ní chun fiacla a ní nó chun do bhéal a fholcadh;
- Fiuch uisce trína chur ar fiuchadh rollach láidir (e.g. le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fhuar é. Níl uisce ón sconna te sábháilte lena ól. Ní fhágfaidh scagairí go bhfuil uisce tí sábháilte lena ól;
- Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiú nach slogfaidh siad an t-uisce folctha;
- Ag Ullmhú Bainne Foirmle Do Naíonáin: Nuair atá Fógra Fiuchta Uisce i bhfeidhm, is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna a cuireadh ar fiuchadh é uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus gur ligeadh dó fuarú roimh ré. Is féidir bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce buidéil. Déantar gach uisce i mbuidéil, seachas uisce mianraí nádúrtha, a rialú ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéil a bhfuil lipéad mar ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ air a úsáid mar go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé gur annamh a bhíonn. Is féidir ‘Uisce Mianra Nádúrtha’ a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, ar feadh tréimhse ama chomh gearr agus is féidir, mar tá sé tábhachtach go bhfuil a ndóthain le hól ag leanaí. Má úsáidtear uisce i mbuidéil chun bainne foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint freisin as foirmle réidh-le-húsáid nár ghá a thuilleadh uisce a chur isteach ann.
Ba chóir a bheith an-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalladh a sheachaint mar is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe le páistí.
Tá nuashonruithe ar fáil ar ár rannán Nuashonruithe Soláthair Uisce ar ár suíomh Gréasáin., ar X @IWCare agus trínár líne cabhrach 24/7 cúram custaiméirí ar 1800 278 278.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.