Skip to main content

Torthaí cháilíocht an uisce óil

Achoimre ar na torthaí do do Chrios Soláthair Uisce (CSU)

Cad is brí le do thorthaí

Cuideoidh na mínithe seo leat na torthaí a thuiscint atá inár dtuarascálacha cáilíochta uisce.

Paraiméadair

Is iad paraiméadair na nithe a chuardaímid agus ar a ndéanaimid tomhas nuair a dhéanaimid samplaí uisce a thástáil.

Rialacháin Uisce Óil an Aontais Eorpaigh I.R. Uimh. 99/2023

  • na paraiméadair uisce óil nach mór dúinn tástáil a dhéanamh ina leith
  • cé chomh minic agus a bhíonn orainn tástáil a dhéanamh ina leith
  • na teorainneacha inghlactha maidir le gach paraiméadar

Sáruithe

Nuair a bhíonn leibhéil paraiméadar i sampla uisce atá níos airde ná mar a cheadaítear sna rialacháin, tugtar sárú orthu. Nuair a tharlaíonn sé sin, déanann Uisce Éireann measúnú riosca. Má bhíonn sláinte phoiblí i mbaol, téimid i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). In éineacht le chéile, comhaontaímid na chéad chéimeanna eile, lena n-áireofaí an pobal a chur ar an eolas.

Learn more about how we test drinking water

An liosta um ghníomhú leasúcháin

Seo liosta soláthairtí uisce óil phoiblí a mheastar le bheith ‘i mbaol’ maidir le cáilíocht uisce. Má tá soláthar ar an liosta, ciallaíonn sé go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint leis an bpróiseas cóireála uisce don soláthar sin nó leis an dóigh a ndéantar é a bhainistiú nach mór d’Uisce Éireann iad a réiteach.

Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a fhoilsíonn an liosta um ghníomhú leasúcháin agus déantar é a nuashonrú gach 6 mhí. Ní mór d’Uisce Éireann plean gníomhaíochta a sholáthar don GCC maidir le gach soláthar ar an liosta. Tá tús áite tugtha do na soláthairtí uisce sin le haghaidh infheistíochta.