Read what to do.

Ceangail leis an líonra

Tá Uisce Éireann agus na hÚdaráis Áitiúla ag obair i gcomhpháirt le chéile chun feabhas a chur ar an bpróiseas chun nascadh chuig na líonra uisce agus fuíolluisce.

Réamhrá

Caithfidh duine ar bith a dteastaíonn nasc nua nó modhnaithe a fháil le soláthar uisce poiblí nó infreastruchtúr bailithe fuíolluisce teagmháil a dhéanamh linn. Féadfaidh tú fiosrúchán a dhéanamh d’fhonn féidearthacht nasc leis an líonra a fháil amach. Is seirbhís saor in aisce í seo a ligeann duit a fháil amach an bhfuil nasc leis an líonra poiblí indéanta nó nach bhfuil. Is féidir iarratas ar nasc a leanúint ina dhiaidh sin, a luaithe a gheobhaidh tú cead pleanála do do thionscadal.

Sa chás go bhfuil imní ort faoin bhféidearthacht nascadh leis an líonra poiblí, molaimid duit fiosrúchán a dhéanamh ag céim luath de do thionscadal, mar go bhféadfadh toradh an fhiosrúcháin réamhcheangail seo tionchar a imirt ar do phleananna. Is féidir iarratais ar nasc a dhéanamh ag áitribh ar bith atá ag teastáil le nasc, nó atá ag iarraidh freastal ar éileamh nó urscaoileadh méadaithe.

Míneoidh an píosa seo ná conas is féidir leat nasc a fháil. Cuideoidh sé leat ar cad atá le dhéanamh chun iarratas nasctha a dhéanamh.

Le do thoil, déan athbhreithniú ar an chuid seo den suíomh gréasáin, chomh maith leis an gCód Cleachtais Uisce Éireann, Gnáth Sonraí, fiosriúchán réamh-naisc agus na bhfoirmeacha iarratas. Tá na rudaí seo le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Ceangail leis an líonra

Taispeánann ár bhfíseán gairid ar na ceimeanna atá ann chun nasc a dhéanah leis an líonra uisce.


An phróiseas nasctha

Faigh amach níos mó maidir le muirir nasctha nó cineálacha naisc. Cuir fiosrúchán chugainn nó féach ar ár gceisteanna is coitianta.

Seirbhís do forbróirí

Tugaimid an-chuid acmhainní agus ábhair tacaíochta ar son forbróirí, ag tabhairt cabhair leo tríd an bpróiséas. Tá grinnfhiosrúchán dhearthóireachta agus céimeanna tógála le seo chomh maith.