Cad is bogach ann?

Eochair-ghné de thuath na hÉireann is ea an bogach agus áirítear leis portaigh,  riasca, linnte agus locha, aibhneacha, coillearnach / féarach fliuch, eanaigh, inbhir agus murlaigh cósta.

Tá tábhacht ag baint le bogaigh ar an-chuid cúiseanna. Cuireann siad gnáthóga speisialaithe ar fáil do raon leathan ainmhithe agus plandaí, comhlíonann siad ról ríthábhachtach maidir leis an timthriall uisce mar gur féidir leo tuile agus sreabhadh íseal a rialú i gceantair áirithe agus féadann siad chomh maith feabhas a chur ar chaighdeán an fhuíolluisce trín é a scagadh agus trí leibhéil arda nítrigine agus fosfair a bhaint ón bhfuíolluisce sul má shroicheann sé an fharraige.

An raibh a fhios agat? Áirítear ar an bhfiadhúlra a mhaireann i gceantair bogaigh in Éirinn éin, ialtóga, dobharchúnna, froganna, niúit  agus raon féileacán!

Cad is bogach ann?

Céard is bogaigh thógtha ann?

Cineál córais inbhuanaithe cóireála fuíolluisce is ea bogach tógtha atá ceaptha chun an chuma chéanna a bheith air agus an fheidhm chéanna a bheith aige le bogach nádúrtha.  Cruthaítear bogaigh thógtha ar mhaithe le fuíolluisce ó phobail bheaga tuaithe a chóireáil i mbealach atá báúil leis an gcomhshaol roimh ligean dó filleadh ar an gcóras uisce go sábháilte.

Is iondúil go mbíonn bogaigh thógtha déanta suas d’umar síothlaithe príomha ina mbailítear fuíolluisce ón bpobal agus as sin tagann roinnt linnte ina mbíonn plandaí bogaigh curtha, giolcacha, luachra agus cíbleach ina measc. Is iondúil go gcuirtear fána réidh i dtreo abhann faoi na linnte chun ligean don uisce sní go han-mhall tríd an mbogach roimh dó sní ar shiúl.  Síothlóidh cáithníní ar bith a iompraíodh san uisce ar an tóin agus déanfaidh na plandaí agus na miocrorgánaigh nádúrtha (e.g. baictéir, algaí agus fungais) insna bogaigh truailleáin agus eilimintí áirithe, e.g. fosfar, san uisce a bhriseadh síos agus bainfidh siad iad.

Céard is bogaigh thógtha ann?

An raibh a fhios agat?  Is iomaí éan imirceach, ag taisteal dó chuig aeráidí níos teo ar feadh míonna an gheimhridh, a stadann i mbogaigh na hÉireann chun bia, scíth agus dídean a fháil. 

Pleanáiltear bogaigh thógtha comhtháite go cúramach sa chaoi go gcomhtháthófar iad isteach sa tírdhreach nádúrtha taobh leo agus tógtar iad le hábhair nádúrtha, mar shampla, plandaí, crainn, cré, gaineamh agus clocha dúchasacha.

Léirítear leis an léaráid seo leagan amach tipiciúil bogaigh thógtha chomhtháite.

Leasa Bogach Tógtha Comhtháite

Bíonn costais an-íseal reatha agus cothabhála ag baint leo mar gurb é an nádúr féin atá ag obair iontu.

Tacaítear leo éiceachórais ilghnéitheacha do phlandaí agus ainmhithe.

Uirlis inbhuanaithe bainistíochta uisce iad a chuireann leis an timpeallacht áitiúil.

Féadtar iad a úsáid mar lárionaid oideachais agus fóillíochta i gcomhair pobal áitiúil, a bhfuil cosáin nó conairí nádúir mar aon le pointí amhairc ar an bhfiadhúlra agus tailte neadaireachta iontu.

Le himeacht aimsire féadann siad foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur ar fáil e.g. bithmhais – ábhair orgánacha gur féidir iad a thógáil as áit, a chóireáil agus a athúsáid mar fhoinse breosla.

Féadann siad feabhas a chur ar chaighdeán an uisce i sruthanna agus aibhneacha sa timpeallacht taobh leo, sa chaoi go dtagann borradh ar an bhfiadhúlra uisceach.

Bogach Tógtha Comhtháite Dhún Aill

Tá sampla de bhogach comhtháite le fáil in Éirinn i nDún Aill, Contae Port Láirge, áit a bhfuil Uisce Éireann tar éis bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm ar shuíomh Bhogach Tógtha Comhtháite Dhún Aill. 

Is mór ag an bpobal áitiúil an bogach comhtháite i nDún Aill agus aithnítear é mar bhogach comhtháite ceannródaíochta a chuireann ar fáil córas nádúrtha inbhuanaithe bainistíochta fuíolluisce don cheantar.

Back to the top