Cá mhéad luaidhe atá in uisce óil?
Má tá pluiméireacht luaidhe i do réadmhaoin, seans go bhfuil luaidhe i d’uisce óil.
Braitheann an méid luaidhe a léann isteach sa uisce óil ar:
- fad na píboibre luaidhe atá i gceist;
- an fad atá an t-uisce ina shuí sa phíobán;
- teocht an uisce; agus
- cé acu an bhfuil do chuid uisce crua nó bog i.e. tréithe ceimiceacha an uisce.
Pé áit a bhfuil píopaí luaidhe sa phíopa soláthair nó go hinmheánach sa réadmhaoin, tá baol ann go bhféadfadh luaidhe leá isteach san uisce óil.
Cad iad na céimeanna is féidir leat a ghlacadh sula n-athróidh tú do chuid píopaí luaidhe?
Murar tástáladh do chuid uisce, an féidir leat réamhchúraimí a ghlacadh?
- Ná húsáid ach uisce ón sconna uisce fhuair sa chistin chun é a ól, chun cócaireacht agus chun foirmle linbh a dhéanamh. Tugtar an ‘príomhphíobán aníos’ air sin. Tagann sé caol díreach isteach i do theach ón bpríomhlíonra uisce. Is gnách go mbíonn an t-uisce ón sconna sin ag bogadh agus ag sreabhadh agus ní raibh sé marbhánta (socair ná ina stad). B’fhéidir go raibh uisce ó sconnaí eile i do theach ina stad in umair agus i bpíopaí ar feadh tréimhsí níos faide agus, mar sin, is dóichí go mbeidh leibhéal níos airde luaidhe ann.
- Sruthlaigh an t-uisce sula n-úsáidfidh tú é. Murar úsáideadh an sconna le go leor uaireanta, d’fhéadfadh sé go laghdófaí an leibhéal luaidhe má ritheann (sruthlaíonn) tú an t-uisce sula n-úsáidtear é chun críocha óil nó cócaireachta. Mar sin féin, an t-aon bhealach le fios a bheith agat an bhfuil luaidhe i do chuid uisce óil, agus má laghdaítear é nuair a sruthlaítear é, ná é a thástáil sula sruthlóidh tú é agus i ndiaidh é a shruthlú.
- Nó is féidir leat uisce buidéil a úsáid.
Má tástáladh do chuid uisce agus má tá sé fós os cionn 10µg in aghaidh an lítir (10 micreagram in aghaidh an lítir) i ndiaidh é a shruthlú, cad is féidir leat a dhéanamh?
- Má fhanann leibhéal na luaidhe os cionn 10 µg in aghaidh an lítir i ndiaidh duit an t-uisce a rith (a shruthlú), ba chóir duit uisce óil sábháilte ó fhoinse éigin eile a úsáid. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach do mhná torracha, do naíonáin a dtugtar beathú buidéil dóibh agus do leanaí óga.
- Fiú má fhanann an leibhéal os cionn 10µg in aghaidh an lítir, is féidir leat an t-uisce a úsáid chun an leithreas a shruthlú, chun cithfholcadh agus folcadh a ghlacadh, le haghaidh níocháin agus níochán mias.
- Ní bhainfear an luaidhe as an uisce má fhiuchann tú é.
Conas is féidir leat do chuid uisce a thástáil maidir le luaidhe?
Más mian leat do chuid uisce a thástáil le haghaidh luaidhe:
- Ba chóir duit saotharlann ag a bhfuil creidiúnú (formheas) a úsáid lena thástáil an bhfuil luaidhe san uisce óil. Trí shaotharlann chreidiúnaithe a úsáid, beidh dearbhú neamhspleách agat go ndéanfar an tástáil i gceart.
- Ba chóir duit sampla a ghlacadh sula sruthlófar uisce tríd an bpíopa agus i ndiaidh é a shruthlú tríd an bpíopa ar feadh 3 nóiméad.
Tá sé tábhachtach an méid seo a leanas a thuiscint:
Seans nach leor aon tástáil amháin ar an méid luaidhe san uisce le tuiscint iomlán a fháil ar na leibhéil luaidhe atá san uisce óil ag do réadmhaoin. Is é is cúis leis sin gur féidir le roinnt tosca tionchar a imirt ar an méid luaidhe atá san uisce, lena n-áirítear fad an phíopa, an fad ama a bhfuil uisce ina stad i bpíopa, teocht agus cineál ceimiceach an uisce. Ciallaíonn sé sin gur féidir le samplaí a ghlactar ón sconna céanna ag amanna éagsúla den lá nó ag teochtaí éagsúla torthaí difriúla a thabhairt.
Déanann Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB) saotharlanna a mheasúnú agus a dheimhniú. Liostaíonn sé na saotharlanna creidiúnaithe go léir ar a shuíomh gréasáin agus is féidir leat féachaint air le haghaidh saotharlanna oiriúnacha i do cheantar. Is smaoineamh maith é glaoch a chur ar níos mó ná saotharlann amháin mar is féidir leis na praghsanna a bheith éagsúil. Féach ar a suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil.
Cé iad na daoine is mó théann an luaidhe san uisce óil i bhfeidhm orthu?
- Is féidir le hiontógáil rialta fiú leibhéil ísle luaidhe dul i gcion ar do shláinte.
- Bíonn an baol is mó ann do leanaí sa bhroinn, do naíonáin agus do pháistí óga.
- Tá naíonáin a dtugtar bia buidéil dóibh i mbaol ar leith mar, le linn na chéad 4-6 mhí dá saol, tagann a gcuid bia go léir ó fhoirmle bainne atá déanta as uisce óil.
Chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil maidir le héifeachtaí luaidhe in uisce óil ar an tsláinte, tabhair cuairt ar an rannóg Ceisteanna Coitianta ar shuíomh gréasáin FSS.
An bhfuil luaidhe i mo chuid uisce óil?
Tá Uisce Óil, arna tháirgeadh ag Uisce Éireann, saor ó luaidhe.
Cé nach bhfuil aon phríomhlíonraí uisce luaidhe ar eolas in Éirinn faoi láthair - d'fhéadfadh píopaí luaidhe a bheith sa phíobaireacht inmheánach, i bpíopaí ceangail seirbhíse agus i gceangail seirbhíse comhroinnte. Más rud é gur tógadh do réadmhaoin suas go dtí na 1970idí agus na 1970idí san áireamh, is dócha go bhfuil luaidhe sa phíbobair laistigh de theorainn na réadmhaoine. Meastar go bhfuil 180,000 teach in Éirinn, mar aon le foirgnimh phoiblí, scoileanna, ionaid leighis agus foirgnimh eile atá os cionn 40 bliain d'aois, inarb é luaidhe an gnáth-ábhar pluiméireachta.
Dá bhrí sin, seans go bhfuil luaidhe i do chuid uisce óil. Is féidir le píbobair luaidhe tiúchan íseal luaidhe a leá isteach san uisce óil agus é ag dul tríd.
Cá as a dtagann luaidhe san uisce?
- Ba é luaidhe an t-ábhar ba mhó a úsáidtí i gceangail seirbhíse le foirgnimh agus i bpluiméireacht inmheánach suas go dtí na 1970idí agus na 1970idí san áireamh, ach tá luaidhe á húsáid leis na céadta bliain chun uisce a iompar freisin.
- Léirítear i dtaifid Uisce Éireann faoi láthair nach bhfuil aon phríomhlíonra uisce luaidhe in Éirinn.
- Tá roinnt píopaí luaidhe fós sa líonra poiblí, ach is sna píopaí gairide lena gceanglaítear an príomhlíonra uisce (poiblí) leis na píopaí soláthair uisce (príobháideacha) atá siad sin den chuid is mó. I bhformhór na gcásanna, bíonn 90% den phíopa soláthair istigh sa réadmhaoin phríobháideach.
- Ina theannta sin, soláthraíodh uisce do roinnt scéimeanna tithíochta sraithe a tógadh roimh 1970 trí phíopa comhroinnte cúlchlóis, a d’fhéadfadh a bheith déanta as luaidhe.
Cad is Tuaslagthacht Luaidhe ann?
- Nuair a thagann uisce i dteagmháil le luaidhe, go háirithe nuair a fhágtar ina stad i bpíopa é ar feadh tamaill, is féidir leis an luaidhe leá isteach san uisce ag tiúchan íseal. Tugtar tuaslagthacht luaidhe ar an bpróiseas sin. Braithfidh an méid luaidhe a léitear isteach san uisce óil ar fhad na píboibre luaidhe lena mbaineann; cé chomh fada agus atá an t-uisce sa phíopa; agus teocht; agus tréithe ceimiceacha an uisce.
Conas a bheidh a fhios agam má tá píopaí luaidhe i mo réadmhaoin?
- Má tógadh do réadmhaoin suas go dtí 1970idí agus na 1970idí san áireamh, d’fhéadfadh sé go bhfuil píopaí luaidhe agat.
- Má tógadh do réadmhaoin suas go dtí na 1970idí agus na 1970idí san áireamh ach gur nuachóiríodh í ó shin, lena n-áirítear athsholáthar na bpíboibre go léir ón gcomhla stad lasmuigh de theorainn na réadmhaoine go dtí sconna na cistine, ní dócha go bhfuil luaidhe i do chóras soláthair. Mura bhfuil tú cinnte:-
- Taobh istigh den réadmhaoin: Cuardaigh an pointe ina dtéann an píopa uisce isteach sa teach agus seiceáil an oiread den phíopa agus is féidir. Nó is féidir leat breathnú taobh thiar de na cófraí i do chistin agus an píopa a théann chuig an sconna cistine a aimsiú, agus seiceáil an bhfuil sé déanta as luaidhe feadh a fhaid a mhéid agus is féidir. Bíonn dath liath modartha ar phíopaí luaidhe nach bhfuil péinteáilte agus is cosúil go bhfuil na hailt ‘ata’. Bíonn siad bog freisin, agus má scríobann tú an dromchla go réidh le scian feicfidh tú an miotal lonrach airgid faoina bhun.
- Mar threoir, tá cosúlachtaí seo a leanas ag ábhair phíopaí eile:
- Copar - geal, crua agus donn modartha
- Iarann - dorcha, crua agus d’fhéadfadh meirg a bheith air
- Plaisteach - d’fhéadfadh dath gorm, liath nó dubh a bheith air.
Mura bhfuil tú cinnte fós i ndiaidh duit iad a sheiceáil?
- Má tá aon amhras ort, moltar duit seirbhísí pluiméara cáilithe a fhostú chun an cineál píboire i d’áitreabh a sheiceáil.
- Más rud é nár úinéir na réadmhaoine ina bhfuil cónaí ort thú, cuir an t-eolas seo ar aghaidh chuig úinéir na réadmhaoine.
- Is féidir tuilleadh eolais a fháil freisin i "Nóta Comhairle do Thomhaltóirí Uisce Óil Uimh. 1 - Luaidhe (Pb)" de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin FSS
Cé atá freagrach as na píopaí?
Tá Uisce Éireann freagrach as na píopaí faoin mbóthar nó faoi chosáin go dtí imeall seachtrach theorainn na réadmhaoine. Tugtar an ceangal poiblí air sin. Tá úinéir na réadmhaoine freagrach as an bpíoba ó imeall seachtrach teorann a réadmhaoine go dtí an foirgneamh agus an pluiméireacht taobh istigh go léir. Tugtar an ceangal príobháideach air sin.
Tá cineálacha eile ceangail ann (e.g. i gcás ina roinntear an ceangal nó ina dtagann sé tríd an ngairdín cúil) ach níl siad sin coitianta.
An bhfuil deontais ar fáil do shealbhóirí tí chun píopaí luaidhe a bhaint?
Tá. Tá scéim deontas bunaithe ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil atá ar fáil d'úinéirí tí chun cuidiú leis an gcostas a bhaineann le píopaí ina bhfuil luaidhe i réadmhaoine a athsholáthar. Déanann Údaráis Áitiúla an scéim deontas a riaradh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh ar scéim deontais athsholáthair luaidhe, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Rinne mé an phíbobair luaidhe inmheánach go léir a athsholáthair agus ba mhaith liom go ndéanfaí an luaidhe phoiblí a athsholáthar?
Tá treoir céim ar chéim do chustaiméirí le rogha liostála cuimsithe ag Uisce Éireann mar chuid den Phlean Maolaithe um Luaidhe in Uisce Óil Mar chuid den scéim sin, geallann Uisce Éireann an tseirbhís phoiblí luaidhe a athsholáthar nuair a bheidh an tseirbhís phríobháideach luaidhe athsholáthraithe ag an gcustaiméir.
Is féidir an fhoirm iarratais a fháil anseo.
Cad is Cóireáil Uisce Cheartaitheach ann chun an tSláinte Phoiblí a Chosaint?
Caithfear uisce óil a chur faoi phróiseas cóireála casta lena chinntiú go bhfuil sé glan agus sábháilte lena úsáid. Ag brath ar an gcineál foinse, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuid den phróiseas cóireála ceimiceáin a chun leis an uisce. Cóireáil uisce cheartaitheach is ea coigeartú leibhéil pH, i gcomhar le cóireáil ortafosfáite, a úsáidtear chun creimeadh píopaí luaidhe agus leá na luaidhe ina dhiaidh sin isteach in uisce óil a laghdú, d’fhonn an tsláinte phoiblí a chosaint.
Tá cóireáil ortafosfáite aitheanta ag Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na Stát Aontaithe (USEPA) mar an modh is éifeachtaí (seachas aon phíopaí agus feistis luaidhe a athsholáthar) chun luaidhe in uisce óil a laghdú.
Nóta: Is éard atá i gceist le cóireáil ortafosfáite ortafosfáit a chur le huisce óil.
Cad is ortafosfáit ann?
Cuirtear ortafosfáit le huisce óil i bhfoirm breiseáin ar a dtugtar aigéad fosfarach. Is leacht glan, gan bholadh é sin agus tá sé go hiomlán sábháilte le hól ag an duine. Tá aigéad fosfarach ceadaithe mar bhreiseán bia (E338) lena úsáid i dtáirgí bia, amhail déiríocht, gránaigh, deochanna boga, táirgí feola agus cáise. Tá 500 oiread níos mó fosfair i ngloine bhainne ná mar atá i ngloine uisce atá cóireáilte le hortafosfáit.
Ídíonn an gnáthdhuine idir 1,000 agus 1,500 milleagram fosfair gach lá mar chuid de ghnáthaiste bia. Ní bheadh ach 4.5 milleagram sa ghnáth-thiúchan fosfair a ionghabhtar ó 3 lítear uisce a ól in aghaidh an lae atá cóireáilte le haigéad fosfarach ar ghrád bia ag 1.5 mg/l Fosfair.
An úsáidtear cóireáil ortafosfáite i dtíortha eile?
Úsáidtear, is 'coscaire creimthe' a úsáidtear go forleathan é ortafosfáit. Cuirtear le huisce óil cóireáilte í sa Ríocht Aontaithe, i mórthír na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada chun leibhéil luaidhe in uisce óil a laghdú.
Ina theannta sin:
- Cuirtear ortafosfáit le huisce óil ag gach ionad cóireála uisce ar fud Thuaisceart Éireann.
- Déantar níos mó ná 90% de sholáthar uisce na Ríochta Aontaithe a chóireáil le hortafosfáit chun intuaslagthacht luaidhe an uisce óil a laghdú.
- Bhain cóireáil ortafosfáite comhlíonadh 99% amach maidir leis an teorainn luaidhe incheadaithe in uisce óil sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann laistigh de 3 bliana.
- Tá ortafosfáit á húsáid chun luaidhe léite in uisce a laghdú le breis agus 20 bliain.
Mar threoir:
Tuarascáil an Choimisiúin maidir le hIontógáil Breiseán Bia Cothaithe san Aontas Eorpach (2001)
Conas a laghdaíonn ortafosfáit an méid luaidhe a fhaightear in uisce óil?
Cruthaíonn ortafosfáit brat cosanta taobh istigh de phíopaí agus d’fheistis luaidhe i dtithe agus i ngnólachtaí custaiméirí chun nach leáfar luaidhe isteach in uisce óil.
Cá fhad a ghlacann sé chun go n-oibreoidh ortafosfáit?
Tá Uisce Éireann ag súil go nglacfaidh sé idir 6 agus 24 mhí de chóireáil ortafosfáite sula dtarlóidh laghdú suntasach ar na leibhéil luaidhe. Tá sé sin mar gheall ar an am a ghlacann sé de ghnáth go dtí go gcruthaítear brat cosanta taobh istigh de na píopaí agus na feistis luaidhe, agus go dtí go bhforbraítear é go hiomlán ar fud an chórais dáileachán uisce ar fad.
An gcuirfear ortafosfáit le gach soláthar uisce poiblí in Éirinn?
Faoi Phríomh-Phlean Maolaithe Uisce Éireann, tá sé beartaithe ag Uisce Éireann cóireáil ortafosfáite a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil sé inmharthana go teicniúil, go heacnamaíoch agus ó thaobh an chomhshaoil de. Tá Uisce Éireann ag moladh go ndéanfar ar chur i bhfeidhm na cóireála ortafosfáite ag suas le 400 ionad cóireála uisce, faoi réir measúnaithe a bhaineann sainiúil don láithreán ag gach ionad.
Déanfar measúnú sainiúil don láithreán ar gach crios soláthair uisce freisin, lena n-áirítear Modheolaíocht Measúnachta Timpeallachta (MMT) agus Measúnú Cuí (MC).
An bhfuil ortafosfáit i mo chuid uisce óil sábháilte?
Tá. Ní modh nua é sin chun leibhéil luaidhe a laghdú; go deimhin, tá sé á úsáid go rathúil in go leor tíortha le roinnt blianta anuas. D’aithin an FSS nach bhfuil aon ábhair imní sláinte ann a bhaineann le hortafosfáit a chur le huisce óil i ndiaidh úsáid fhairsinge ar fud na Ríochta Aontaithe (ar feadh breis agus deich mbliana) agus i mórán suíomhanna móra cathrach eile, amhail Nua-Eabhrac, áit a raibh laghdú ar leibhéil luaidhe in uisce óil mar thoradh air.
Aon bhreiseáin a úsáidfear mar chuid den phróiseas cóireála ceartaithí uisce chun an tsláinte phoiblí a chosaint, beidh gá iad a chur ar 'Liosta na dTáirgí Faofa lena n-úsáid i Soláthar Uisce Poiblí sa Ríocht Aontaithe', liosta de chuid Chigireacht Uisce Óil na Ríochta Aontaithe. Tá measúnú déanta ar shábháilteacht na dtáirgí ar an liosta sin, lena n-úsáid i soláthairtí uisce.
An mbeidh aon éifeacht ag ortafosfáit ar bholadh nó ar bhlas m’uisce óil?
Ní bheidh. Is breiseán gan bhlas, gan bholadh, de ghrád bia í ortafosfáit.
Mura bhfuil aon luaidhe san uisce óil i mo theach/réadmhaoin, cén fáth a bhfuil ortafosfáit á cur le mo chuid uisce?
Níl sé praiticiúil ná indéanta uisce atá cóireáilte le hortafosfáit a sholáthar go roghnach do thithe/réadmhaoine ina bhfuil píopaí nó feistis luaidhe. Ní bheidh aon tionchar diúltach ag baint le hortafosfáit a chur leis ort féin, ar do theaghlach ná ar do ghnólacht.
Cén fáth nach n-athsholáthraíonn tú na píopaí soláthair luaidhe go léir díreach?
Aithníonn Uisce Éireann gurb í an straitéis fhadtéarmach is éifeachtaí gach píopa agus feisteas luaidhe a bhaint as an líonra soláthair uisce óil ar fad. Is é sin an moladh ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) freisin. Ach toisc go bhfuil formhór na bpíopaí agus na bhfeisteas luaidhe suite laistigh de réadmhaoin phríobháideach (i.e. taobh istigh de theorainn na réadmhaoine), is ar an gcustaiméir (úinéir na réadmhaoine), agus ní ar Uisce Éireann, atá an fhreagracht iad sin a athsholáthar.
Leagtar béim i bPlean Maolaithe Luaidhe Uisce Éireann, agus Plean Náisiúnta Luaidhe an Rialtais, ar an ngá le gníomhaíocht chomhchoiteann, lena n-áirítear úinéirí réadmhaoine agus páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha áirithe thar blianta fada maidir le nochtadh daoine do luaidhe in uisce óil a laghdú.
Léirítear leis an taithí idirnáisiúnta nach mbaintear tairbhí suntasacha amach nuair a dhéanann cuideachtaí uisce ceangail seirbhíse luaidhe phoiblí a athsholáthar go réamhghníomhach mura ndéanann an custaiméir píopaí soláthair luaidhe atá faoi úinéireacht phríobháideach a athsholáthar ag an am céanna.
I gcásanna ina ndéanann Uisce Éireann aon luaidhe poiblí a athsholáthar, is mó an dóchúlacht go leanfaidh leibhéil luaidhe san uisce óil ag ardú mura ndéanann úinéir na réadmhaoine aon phíopaí agus feistis soláthair luaidhe atá faoi úinéireacht phríobháideach a athsholáthar ag an am céanna.
Má athraíonn úinéir réadmhaoine an píopa luaidhe ar a réadmhaoin, déanfaidh Uisce Éireann an phíbobair idir an príomhlíonra uisce agus teorainn na réadmhaoine a athsholáthar freisin.
Thug an Rialtas scéim deontais isteach ag an Rialtas chun cuidiú le húinéirí tí le costas píopaí luaidhe agus feistis ina bhfuil luaidhe laistigh de theorainn a réadmhaoine a athsholáthar. Is iad na hÚdaráis Áitiúla a riarann an scéim deontas.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, tabhair cuairt ar an shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Conas a dhéanfaidh Uisce Éireann monatóireacht ar na héifeachtaí a bhaineann le hortafosfáit?
Tástálfaidh Uisce Éireann an uisce ag sconnaí custaiméirí a roghnófar go randamach i líonra dáileacháin gach creasa soláthair uisce chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na cóireála ortafosfáite agus ar leibhéil luaidhe a bheidh ann. Ghlacfar samplaí sa Chrios Soláthair Uisce gach dhá mhí i ndiaidh thús na cóireála ortafosfáite. Má bhraitear luaidhe Sháraitheach le linn na monatóireachta, cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn faoin toradh. Tuairiscítear na torthaí sin do FSS agus do GCC chomh maith.
An ndéanann ortafosfáit damáiste don chomhshaol?
Rinne Uisce Éireann tástáil saotharlainne chun cuidiú leis an dáileog chóireála is fearr a chainníochtú agus lena chinntiú go gcoinneofar leibhéil fosfáite chomh híseal agus is féidir. Féadfaidh fosfar breise tionchar a imirt ar uiscí glactha trí shaibhriú cothaitheach agus méadú ar fhás algaí in uisce úr atá ag gluaiseacht go mall. Tá Uisce Éireann, i gcomhairle le GCC agus le páirithe leasmhara comhshaoil eile, i mbun modheolaíocht chuimsitheach measúnaithe timpeallachta a fhorbairt chun aon tionchair fhéideartha a mheas agus a chinntiú go ndéanfar na bearta riachtanacha chun an timpeallacht nádúrtha a chosaint. Tá céimeanna cóireála i gceist le hionaid chóireála fuíolluisce, rud a laghdaíonn na leibhéil fosfáite a scaoiltear isteach sna huiscí glactha. Déanfaidh Uisce Éireann staidéar géar ar na tionchair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag cóireáil ortafosfáite ar na huiscí glactha i ngach crios soláthair uisce.
Agus indéantacht ortafosfáite mar chóireáil eatramhach á fiosrú, déanfar measúnú comhshaoil sainiúil don láithreán ar gach crios soláthair uisce, lena n-áirítear Modheolaíocht Measúnachta Timpeallachta (MMT) agus Measúnú Cuí (MC).
Cá fhad atá Uisce Éireann ag moladh go ndéanfar cóireáil rialaithe tuaslagthachta luaidhe?
Ullmhóidh Uisce Éireann clár chun cóireáil ortafosfáite a dhíchoimisiúnú ón soláthar uisce nuair a bheidh athsholáthar na gceangal seirbhíse luaidhe poiblí críochnaithe ag Uisce Éireann, agus nuair a léireofar leis an gclár samplála bliantúil go bhfuil an riosca do theaghlaigh laghdaithe go leibhéil chomhlíontacha. Is é ár n-ionchas, bunaithe ar an taithí i dtíortha eile, go leanfar le cóireáil ortafosfáite mar bheart maolaithe chomh fada agus a bheidh píopaí luaidhe fós i réadmhaoine.
An raibh comhairliúchán poiblí ann maidir le cóireáil ortafosfáite?
Tá. Leagadh béim ar úsáid ortafosfáite i ndréacht-Pháipéar Saincheisteanna maidir le Plean Maolaithe Luaidhe in Uisce Óil de chuid Uisce Éireann a foilsíodh le haghaidh comhairliúchán poiblí neamhreachtúil i mí an Mheithimh 2015. Bhí tréimhse comhairliúcháin phoiblí ann freisin maidir leis an bPlean Maolaithe Luaidhe in Uisce Óil ina iomláine.
Tá Treoir Céim ar Chéim le Rogha Liostála do Chustaiméirí cuimsithe ag Uisce Éireann mar chuid den Phlean Maolaithe um Luaidhe in Uisce Óil Mar chuid den scéim sin, geallann Uisce Éireann an tseirbhís phoiblí luaidhe a athsholáthar nuair a bheidh an tseirbhís phríobháideach luaidhe athsholáthraithe ag an gcustaiméir.