Skip to main content

Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

Mar thoradh ar rath eacnamaíoch Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, tá fás suntasach tagtha ar Chathair Chorcaí agus ar na ceantair máguaird. Tá sé beartaithe sa Chreat Náisiúnta Pleanála go mbeidh Corcaigh ar an réigiún is mó fáis in Éirinn le méadú réamh-mheasta 50% go 60% ar an daonra suas go dtí an bhliain 2040.

Mar thoradh ar an bhfás sin, tá dúshlán roimh an mbonneagar Fuíolluisce coinneáil suas leis an éileamh méadaithe ar thalamh nua le seirbhísí a theastaíonn le haghaidh tithíochta, forbraíochtaí tráchtála agus tionsclaíochta.

Tá sé mar aidhm ag Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí straitéis inbhuanaithe draenála a chur i gcrích lena gcosnófar sláinte an phobail, lena gcosnófar ár dtimpeallacht agus lena n-éascófar fás i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí suas go dtí an bhliain 2080.

Tá Uisce Éireann tar éis tús a chur le comhairliúchán poiblí 8 seachtaine ar Dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí agus ar thuarascálacha timpeallachta gaolmhara, ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus ar Ráiteas Tionchair Natura (RTN). Chun aighneacht a dhéanamh seol chuig Uisce Éireann í trí ríomhphost, i bhfoirm aiseolais nó sa phost faoin 19 Márta 2025.

An Straitéis

Le Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, déanfar measúnú ar acmhainn an bhonneagair Fuíolluisce atá ann cheana agus sainaithneofar roghanna le haghaidh uasghráduithe agus forbraíochtaí nua chun riachtanais an réigiúin a shásamh suas go dtí an bhliain 2080.

Áireofar anailís chuimsitheach léi ar an mbonneagar reatha, arna tacú ag bailiú sonraí, réamh-mheastacháin maidir le fás an daonra agus an gheilleagair, mar aon le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Déanfar an straitéis a threorú ag comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha d’fhonn réitigh mheántéarma agus fhadtéarma a fhorbairt.

Beidh an straitéis ar aon dul le hoibleagáidí reachtúla agus le ceanglais rialála, chun a chinntiú go mbeidh sí de réir cuspóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha amach sa Chreat-treoir Uisce agus sa Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Cork statistics infographic in irish

Limistéar Staidéir

Áirítear leis an limistéar staidéir Mórcheantar Uirbeach Chorcaí agus Greanach mar a léirítear i bhFíor 1. Is mórcheantar uirbeach réigiúnach é Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, arna shainaithint amhlaidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Straitéis Spásúlachta agus Eacnamaíochta Réigiúnach.

Áirítear i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí Cathair Chorcaí, na bruachbhailte dá cuid agus na bailte agus ceantair tuaithe sa chúlchríoch thart ar Chathair Chorcaí agus faoi láthair, cuimsítear 26 ionad cóireála fuíolluisce, 193 stáisiún caidéalúcháin, 225 píobán fhorsceite, agus 1,300 km de phíblíne leis.

An gá atá leis an straitéis:

Tá roinnt dúshlán roimh Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí maidir le fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil, lena n-áirítear:

  • Méadú ar an daonra.
  • Dúshláin reatha maidir le comhlíontacht i gcás roinnt ionad cóireála fuíolluisce agus líonraí séarachais sa limistéar staidéir.
  • Riachtanais acmhainne maidir le cóireáil agus líonra fuíolluisce chun déileáil le hualaí reatha agus sa todhchaí ó Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
  • Brúnna ar na dobharlaigh ghlactha ó sceitheadh fuíolluisce laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
  • Tionchair an athraithe aeráide.

Tairbhí na straitéise:

Icon

Straitéis fuíolluisce inbhuanaithe a fhorbairt do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí i gcomhréir le Creat-Treoir Uisce (CTU) an Aontais Eorpaigh agus na Rialacháin maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

Icon

Achoimre a thabhairt ar na ceanglais maidir le draenáil agus cóireáil fuíolluisce atá in ann freastal ar éilimh an limistéir staidéir i gcomhthéacs na bPleananna Forbartha reatha, an Chreata Náisiúnta Pleanála, Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíoch 2020 agus acmhainneacht forbartha níos fadtéarmaí an cheantair suas go dtí an bhliain 2080.

Icon

Réitigh mhalartacha le haghaidh bainistiú éifeachtach fuíolluisce a shainaithint chun an timpeallacht a chosaint agus a fheabhsú, tacú le fás sóisialta agus eacnamaíoch a thagann le Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce Uisce Éireann agus le Ráiteas Beartais Seirbhísí Uisce Rialtas na hÉireann (RBSU).

Icon

Measúnú a dhéanamh ar réitigh mhalartacha agus na réitigh draenála fuíolluisce is fearr a shainaithint agus aird á tabhairt ar an gcostas iomlán saolré agus ar fheidhmíocht na timpeallachta.

Icon

Réiteach a shainaithint chun moltaí Straitéis Fuíolluisce Chorcaí a chur chun feidhme, mar aon le tús áite a thabhairt do thionscadail cur chun feidhme dá leithéid.

Icon

Straitéis inoiriúnaithe a fhorbairt ina bhfuiltear ag súil go mbeidh na torthaí nasctha le tionchair luaineacha amhail an t-athrú aeráide agus athrú ar an daonra agus lena ndearbhaítear go mbainfidh an straitéis táscairí feidhmíochta agus torthaí amach ar an gcostas is lú.

Icon

Nasc dearfach a chothú leis an bpobal agus muinín in UÉ mar chaomhnóirí iontaofa seirbhísí uisce agus fuíolluisce a spreagadh.

Subcatchments map with large location titles

Cad faoi a bhfuilimid ag dul i gcomhairle anois?

Shainaithin Straitéis Fuíolluisce Chorcaí 11 fho-abhantrach laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Dá bharr sin bhíomar in ann cur chuige níos dírithe a ghlacadh, pleanáil go héifeachtach agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, brúnna agus dúshláin ar leith a bhaineann le gach fo-abhantrach.

Tar éis sin, rinneamar imscrúdú ar conas a oibríonn na 26 Ionad Cóireála Fuíolluisce ar fud an limistéir laistigh de na fo-abhantrach faoi seach dá gcuid. Dhírigh an anailís seo ar dheiseanna barrfheabhsaithe a shainaithint. 

D’oibrigh saineolaithe ó réimsí éagsúla, amhail innealtóireacht, éiceolaíocht, hidreolaíocht, agus níos mó, le chéile trí cheardlanna agus trí phlé leanúnach chun gach rogha a phlé.   

Bunaíodh an próiseas Forbartha Straitéise agus Roghanna mar thoradh ar an iarracht chomhoibríoch seo, chun na réitigh draenála agus chóireála is éifeachtaí do Chorcaigh a shainaithint ar fud trí phríomhthréimhse pleanála: 2030 (gearrthéarmach), 2025 (meántéarmach), agus 2080 (fadtéarmach).

Lean an próiseas modheolaíocht struchtúrtha chúig chéim:

  • Riachtanais shuíomhoiriúnaithe a shainaithint
  • Sraith chuimsitheach roghanna a chruthú
  • Roghanna maidir le féidearthacht theicniúil agus timpeallachta a scagadh
  • Roghanna ar an ngearrliosta a mheas agus Measúnú Ilchritéar a úsáid
  • An straitéis is fearr a shainaithint bunaithe ar shamhaltú agus ar thuairimí páirtithe leasmhara

Cruthaíodh an cur chuige molta de bharr an chuir chuige mhionchúisigh seo – is creat straitéiseach é seo a chomhtháthaíonn na réitigh is oiriúnaí do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí ar an iomlán. Sainaithnítear ann na bearta roghnaithe chun acmhainn chóireála, éifeachtacht draenála, agus feidhmíocht fhoriomlán an líonra a fheabhsú.

Moltar sa dréacht-straitéis 16 ionad cóireála fuíolluisce níos lú a dhíchoimisiúnú, agus fuíolluisce á atreorú chuig saoráidí, láraithe níos mó. Leis an gcur chuige sin, cuirfear feabhas ar éifeachtacht oibríochta, cuirfear feabhas ar thorthaí timpeallachta, agus neartófar athléimneacht córais trí acmhainní agus bonneagar a chomhdhlúthú. Leis na réitigh a mholtar, cuirfear na réitigh chun cinn mar thograí aonair agus cuirfear in ord tosaíochta iad ar fud na trí thréimhse pleanála. Déanfar measúnú timpeallachta ar gach togra, más gá, a bhféadfadh Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) agus Measúnacht Chuí (MC) a bheith i gceist leo, rud a chinnteoidh go gcomhlíonfar rialacháin timpeallachta agus ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta.

Achoimre ar an gCur Chuige Molta

Díchoimisiúin agus Aistrithe na nIonad Cóireála Fuíolluisce (ICFU) 

  • ICFU na Blarnan: Díchoimisiúnaithe; sreafaí a atreorú chuig ICFU Charraig Ghrianáin trí stáisiún caidéalúcháin agus trí phíblíne nua.
  • ICFU Inis Cara: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU na Blarnan.
  • ICFUnna Charraig na bhFear agus Ghreanaí: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU an Teampaill Ghil.
  • ICFU an Teampaill Ghil: Athraithe go stáisiún caidéalúcháin críochfoirt; sreafaí aistrithe chuig Líonra Chathair Chorcaí.
  • ICFU Chnoc Rátha: Díchoimisiúnaithe, sreafaí atreoraithe go Stáisiún Caidéalúcháin Dhroichead Ghleann Maghair.
  • ICFUnna Bhaile an Churraigh agus Lios Cúil Thuaidh: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU nua Lios Cúil Theas.
  • ICFU Sháilín: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU Chluana.
  • ICFU Chill na hOmnaí: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU nua Bhaile an Chollaigh.
  • ICFUnna Bhaile Garbháin, Dhroichead an Mhionnáin agus Halfway: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU an tSeanbhaile.
  • ICFU na gCillíní: Díchoimisiúnaithe; ceangailte le Líonra Cathrach Chorcaí.
  • ICFU an Chóibh Thuaidh: Díchoimisiúnaithe; ceangailte le Líonra an Chóibh.
  • ICFU Chnocán na Biolraí: Díchoimisiúnaithe, aistríodh fuíolluisce go Stáisiún Caidéalúcháin Dhroichead Ghleann Maghair agus cóireáladh é in TwTP Charraig Ghrianáin.

Uasghráduithe ar Ionad Cóireála Fuíolluisce

  • Uasghrádú acmhainne ag na hIonaid Cóireála Fuíolluisce seo a leanas:
    • Acmhainn deiridh de 850CD ag an gCúirt Bhreac faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 850CD ag An Druipseach faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 5,500CD ag Cluain faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 4,500CD ag an nGeata Bán-Áth Fhada faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 2,400CD ag Lios Cúil Theas faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 98,000CD ag Cuan Íochtarach Chorcaí faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 558,000CD ag Carraig Ghrianáin faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 22,500CD ag Mainistir na Corann faoin mbliain 2080
  • Uasghrádú ar ICFU Charraig Thuathail: Le hacmhainn deiridh de 47,000CD faoin mbliain 2080 Áiríodh leis sin síneadh srutha éalaithe nua ag Loch Machan.
  • ICFU Bhaile an Chollaigh nua: Tógadh é sin lena chur in áit na saoráide atá ann cheana ag a bhfuil acmhainn deiridh de 72,000CD de chóireáil threasach. Coinneofar suíomh an tsrutha éalaithe mar atá sé. 

Tá tuilleadh eolais ar an gCur Chuige Molta do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí i gcuid 12 den dréacht-straitéis.

Cork wastewater strategy infrastructure upgrade infographic

Eochair Eolais/Eochair Idirghníomhach na Fo-Abhantraí

Fo-AbhantrachIonad Cóireála Fuíolluisce
Fo-Abhantrach 1Ionad Cóireála Fuíolluisce na Blarnan
Ionad Cóireála Fuíolluisce na Cúirte Brice
Ionad Cóireála Fuíolluisce na Druipsí
Ionad Cóireála Fuíolluisce Inis Cara
Fo-Abhantrach 2Ionad Cóireála Fuíolluisce na gCillíní
Fo-Abhantrach 3Ionad Cóireála Fuíolluisce Charraig na bhFear
Ionad Cóireála Fuíolluisce Ghreanaí
Ionad Cóireála Fuíolluisce an Teampaill Ghil
Fo-Abhantrach 4Ionad Cóireála Fuíolluisce Chnoc Rátha
Ionad Cóireála Fuíolluisce Chnocán na Biolraí
Fo-Abhantrach 5Ionad Cóireála Fuíolluisce Charraig Ghrianáin
Fo-Abhantrach 6Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile Garbháin
Ionad Cóireála Fuíolluisce Halfway
Ionad Cóireála Fuíolluisce Dhroichead an Mhionnáin (River Valley)
Fo-Abhantrach 7Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile an Chollaigh
Ionad Cóireála Fuíolluisce Chill na hOmnaí
Fo-Abhantrach 8Ionad Cóireála Fuíolluisce Chuan Íochtarach Chorcaí
Fo-Abhantrach 9Ionad Cóireála Fuíolluisce Charraig Thuathail
Ionad Cóireála Fuíolluisce Mhainistir na Corann
Fo-Abhantrach 10Ionad Cóireála Fuíolluisce Chluana
Ionad Cóireála Fuíolluisce an Chóibh Thuaidh
Ionad Cóireála Fuíolluisce Sháilín
Ionad Cóireála Fuíolluisce an Gheata Bháin – Áth Fhada
Fo-Abhantrach 11Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile an Churraigh
Ionad Cóireála Fuíolluisce Lios Cúil Theas
Ionad Cóireála Fuíolluisce Lios Cúil Thuaidh

Mar chuid de dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, rinneamar measúnuithe mionsonraithe timpeallachta lena chinntiú go gcosnaíonn ár bpleananna an dúlra agus go dtacaíonn siad le fás inbhuanaithe. Breathnaíonn Tuarascáil Timpeallachta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) ar an gcaoi a bhféadfadh an straitéis tionchar a imirt ar an timpeallacht, lena n-áirítear cáilíocht an uisce, an bhithéagsúlacht, athléimneacht i leith an athraithe aeráide, áineas agus sláinte.

Chabhraigh sé sin linn rioscaí féideartha a aithint go luath agus cinntítear leis go bhfuil páirt ag breithnithe timpeallachta mar chuid de gach cinneadh. Sa Ráiteas Tionchair Natura (NIS), rinneadh measúnú ar an bhféidearthacht go mbeadh tionchar ag an dréacht-straitéis ar láithreáin Natura 2000, limistéir speisialta ainmnithe a chosnaíonn gnáthóga agus speicis neamhchoitianta faoin dlí Eorpach. Nuair a d’aithníomar aon riosca féideartha, chuireamar bearta san áireamh chun na rioscaí féideartha sin a sheachaint nó a laghdú, agus oidhreacht nádúrtha Chorcaí á cosaint. Trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha timpeallachta anois, is féidir linn straitéis fuíolluisce a sholáthar a thacaíonn le fás Chorcaí agus bithéagsúlacht agus timpeallacht na háite á cosaint.

Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

Conas aighneacht a chur isteach:

Ar líne: consult.water.ie

Ríomhphost: CWS@water.ie

Post: Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, Uisce Éireann, Bosca Oifig an Phoist 860, Oifig Seachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí

Déanfar an t-aiseolas go léir ó pháirtithe leasmhara a athbhreithniú agus a mheas agus Straitéis Fuíolluisce Chorcaí á tabhairt chun críche againn.

Ceisteanna comhairliúcháin

  1. Shainaithníomar an gá le 16 Ionad Cóireála Fuíolluisce a dhíchoimisiúnú, 9 gcinn a uasghrádú agus 1 cheann amháin a athlonnú mar chuid den chur chuige molta. An bhfuil aon aiseolas agat ar an modheolaíocht a úsáideadh chun an cur chuige seo a chinneadh?
     
  2. Tugann Cuid 10 de dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí achoimre ar an modheolaíocht a úsáidtear chun roghanna féideartha a shainaithint agus a mheas do réitigh maidir le draenáil straitéiseach agus cóireáil fuíolluisce i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí. Tá d’aiseolas ar an gcur chuige seo á lorg againn. An síleann tú go bhfuil an mhodheolaíocht láidir, trédhearcach, agus cuí chun na réitigh is féideartha agus is éifeachtaí a shainaithint?
     
  3. An bhfuil aon eolas eile ar cheart d’Uisce Éireann a mheas agus an Dréacht-Straitéis á forbairt?
     
  4. Tugann Cuid 12 de dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí achoimre ar an gCur Chuige Molta do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, lena n-áirítear moltaí dá chur chun feidhme. Fáiltímid do thuairimí ar na moltaí seo. An bhfuil aon tráchtanna nó moltaí agat ar conas a chuirfear an straitéis chun feidhme?
     
  5. An bhfuil aon tuairimí agat faoi Thuarascáil Timpeallachta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus faoi Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a ghabhann le dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí?
     
  6. An bhfuil aon tuairimí breise ar mhaith leat a roinnt maidir le dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí? 

Comhairliúchán a hAon:

Sa chéad chomhairliúchán poiblí dár gcuid do Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, d’iarramar ionchur uait sa Pháipéar Saincheisteanna, i Scóipeáil na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus sa Tuarascáil ar Scóipeáil na Measúnachta Cuí. Mhair an comhairliúchán ón 15 Bealtaine go dtí an 23 Iúil 2024. Chomh maith le haiseolas a bhailiú, cuireadh léargas ar fáil leis an gcomhairliúchán poiblí sin ar dhearcthaí i leith na straitéise. Tar éis dó comhairliúchán 1 a chríochnú, rinne Uisce Éireann athbhreithniú agus machnamh ar aiseolas i ndréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí a cuireadh ar fáil do chomhairliúchán poiblí 2.

Public Information Webinar 26th January 2026: Register here

Cork SDS Consultation Roadmap infographic

Na Chéad Chéimeanna eile

Tar éis dó comhairliúchán 2 a chríochnú, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus machnamh ar an aiseolas a gheobhaidh sé ó na páirtithe leasmhara. Foilseofar Straitéis Fuíolluisce Chorcaí sa bhliain 2026.

Contact us

Post: Cork Wastewater Strategy, Uisce Éireann, PO Box 860, South City Delivery Office, Cork City