Skip to main content

Plean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce

Ag Tacú le Pobail agus ár dTimpeallacht Nádúrtha á Cosaint

Cuir do Thuairimí in Iúl

Táimid ag forbairt plean náisiúnta nua le haghaidh ionaid cóireála fuíolluisce a fhreastalaíonn ar phobail níos lú ar fud na hÉireann agus ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil.

Le Plean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce: Ag Tacú le Pobail agus ár dTimpeallacht Nádúrtha á Cosaint, treorófar conas a dhéanfar ionaid cóireála fuíolluisce a fhreastalaíonn ar phobail bheaga ar lú a gcoibhéis daonra (CD) ná 1000 a phleanáil, a mheasúnú agus a bhainistiú amach anseo.

Tacaíonn na hionaid cóireála fuíolluisce sin le tithe, gnólachtaí agus saol an phobail ar fud na hÉireann. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir lenár n-aibhneacha, lochanna, inbhir agus uiscí cósta a chosaint. 

Is comhairliúchán luathchéime é seo ina bhfuil tuairimí á n-iarraidh ar an bPáipéar Saincheisteanna agus ar dhoiciméid chomhshaoil tacaíochta lena gcuirfear bonn eolais faoi fhorbairt an Dréachtphlean Náisiúnta.

Cén fáth a bhfuil an Plean seo á fhorbairt againn?

Faightear ionaid bheaga cóireála fuíolluisce i bpobail ar fud na hÉireann.

Cé go bhfreastalaíonn gach ionad ar dhaonra measartha beag, is ionann na hionaid cóireála fuíolluisce bheaga agus formhór na n-ionad cóireála fuíolluisce atá á n-oibriú ag Uisce Éireann de réir an lín. Baineann dúshláin chomhchosúla le go leor acu, lena n-áirítear bonneagar atá ag dul in aois, brúnna comhshaoil, éileamh atá ag méadú ar acmhainn agus próisis chasta soláthair a bhféadfadh uasghráduithe a bheith deacair agus mall dá mbarr.

Tá Uisce Éireann freagrach as os cionn 1,000 ionad cóireála fuíolluisce ar fud na hÉireann, lena n-áirítear thart ar 800 ionad beag cóireála fuíolluisce a fhreastalaíonn ar phobail ina bhfuil níos lú ná 1,000 duine ina gcónaí.

Go stairiúil, is minic a breithníodh feabhsuithe ar bhonn láithreán le láithreán. Tá sé mar aidhm leis an bPlean seo bogadh i dtreo cur chuige náisiúnta níos comhordaithe agus níos fianaise-bhunaithe. 

Cuideoidh an plean leis an méid seo a leanas:

  • Feabhas a chur ar cháilíocht an uisce.
  • Tacú le pleanáil fhadtéarmach le haghaidh fás inbhuanaithe agus an timpeallacht á cosaint.
  • Áit a bhfuil an ga is mó le huasghráduithe a shainaithint.
  • Infheistíocht a dhíriú ar réimsí a mbeidh an tairbhe is mó ag baint leo.
  • Creat trédhearcach comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta a sholáthar le haghaidh cinnteoireachta.

Tá Bileog Measta Scóipe á fhorbairt againn don bPlean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce. Féach ar an mbileog anseo.

Cad a bhreithneofar sa Phlean?

Breithneofar sa Phlean ionaid cóireála fuíolluisce a fhreastalaíonn ar phobail ar lú a coibhéis daonra (CD) ná 1000 ar fud na hÉireann. Úsáidfear faisnéis ann faoi conas atá ionaid bheaga cóireála fuíolluisce ag feidhmiú faoi láthair, an acmhainn atá ar fáil acu, bail na n-aibhneacha, na lochanna, na n-inbhear nó na n-uiscí cósta ina nglactar a scaoileadh agus cuspóirí comhshaoil na n-uiscí glactha sin.

  • Feidhmíocht reatha an ionaid.
  • Acmhainn chóireála atá ar fáil.
  • Cáilíocht an uisce agus dálaí timpeallachta.
  • Riachtanais forbartha amach anseo.
  • Cuspóirí comhshaoil agus ceanglais dhlíthiúla.

Cuideoidh an fhaisnéis sin le cá háit a dtagann fadhbanna chun chinn, cá bhféadfadh gá a bheith le huasghráduithe nó aistriú, agus cá bhféadfadh infheistíocht an tairbhe is mó a bhaint amach do phobail agus don timpeallacht a shainaithint, agus tionscadail atá ar bun cheana féin á gcur san áireamh.

Doiciméid Chomhairliúcháin

Tá Páipéar Saincheisteanna, Tuarascáil Scóipe um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Tuarascáil um Scagadh Measúnachta Cuí (MC) foilsithe againn chun tacú le forbairt Phlean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce.

Le chéile, mínítear leis na doiciméid sin na príomhdhúshláin atá roimh sheirbhísí fuíolluisce i bpobail bheaga, leagtar amach na breithnithe comhshaoil a chuideoidh le tionchar a imirt ar an bPlean, agus tugtar deis leo do pháirtithe leasmhara cuidiú le bonn eolais a chur faoina fhorbairt ón gcéim is luaithe. Cuideoidh an t-aiseolas a gheofar le linn an chomhairliúcháin sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar shaincheisteanna áitiúla, ar thosaíochtaí timpeallachta agus ar riachtanais an phobail agus muid ag ullmhú an dréachtphlean.

Mínítear sa Pháipéar Saincheisteanna an fáth a bhfuil Uisce Éireann ag ullmhú Plean Náisiúnta maidir le hionaid bheaga cóireála fuíolluisce. Leagtar amach ann comhthéacs na hoibre sin, léirítear na príomhdhúshláin agus na deiseanna, déantar cur síos ar an bpróiseas atá á leanúint chun an Plean a fhorbairt agus iarrtar aiseolas chun cuidiú le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile den obair.

Páipéar Saincheisteanna

Sainaithnítear sa Tuarascáil Scóipe na topaicí agus na saincheisteanna timpeallachta ba chóir a bhreithniú le linn ullmhú an Phlean. Bunaítear leis raon feidhme phróiseas na measúnachta timpeallachta agus cuidíonn sé lena chinntiú go gcomhtháthófar breithnithe timpeallachta sa phróiseas cinnteoireachta ó na céimeanna is luaithe d’fhorbairt an phlean.

Tuarascáil Scóipe um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)

Breithnítear sa Tuarascáil um Scagadh MC an bhféadfadh tionchar a bheith ag an bPlean ar láithreáin Eorpacha faoi chosaint, lena n-áirítear Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCSanna (Caomhnú)) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCSanna (Cosaint)). Cuidíonn an próiseas scagtha le leibhéal an mheasúnaithe atá riachtanach de réir mar a rachaidh an Plean ar aghaidh a dhearbhú agus tacaíonn sé le cosaint gnáthóg agus speiceas a bhfuil tábhacht Eorpach leo.

Tuarascáil um Scagadh na Measúnachta Cuí (MC)

Ba mhaith linn do chuid tuairimí a fháil

Molaimid duit na doiciméid sin a athbhreithniú sula ndéanfaidh tú aighneacht. Cé acu is suim leat pobail áitiúla, cosaint na timpeallachta, fás amach anseo, cáilíocht an uisce nó pleanáil bonneagair, cuideoidh d’aiseolas le tionchar a imirt ar fhorbairt Phlean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce. 

Ár dTimpeallacht Nádúrtha a Chosaint

Tá cosaint cháilíocht an uisce agus na timpeallachta i gcroílár na hoibre seo.

Forbrófar Plean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce: Ag Tacú lenár bPobail agus ár dTimpeallacht Nádúrtha á Cosaint i gcomhréir le dlí comhshaoil na hÉireann agus na hEorpa, lena n-áirítear ceanglais atá ceaptha chun cáilíocht an uisce, gnáthóga agus fiadhúlra a chosaint. Cuideoidh sé sin lena chinntiú go dtacóidh an Plean le cuspóirí comhshaoil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus bunús níos soiléire agus níos comhsheasmhaí le haghaidh uasghráduithe amach anseo ar ionaid bheaga cóireála fuíolluisce á sholáthar.

WWTP Roadmap Comm Leaflet

Plean Náisiúnta na nIonad Beaga Cóireála Fuíolluisce - Treochlár

Conas do Thuairim a Chur in Iúl

Cuirimid fáilte roimh aiseolas ó:

  • Pobail áitiúla.
  • Eagraíochtaí comhshaoil.
  • Ionadaithe tofa.
  • Údaráis áitiúla.
  • Gnólachtaí agus grúpaí ionadaíocha.
  • Comhlachtaí agus rialtóirí forordaithe.
  • Páirtí leasmhar ar bith a bhfuil suim aige nó aici ann. 

Cuideoidh d’aiseolas le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile den Phlean agus le hullmhú dréacht-Phlean Náisiúnta le haghaidh comhairliúchán amach anseo.

Tréimhse an Chomhairliúcháin

Ar Oscailt ó: 25 Lúnasa 2026
Ag Dúnadh: 5i.n ar an 20 Deireadh Fomhair 2026

Cuir do Chuid Aiseolais Isteach:

Déan teagmháil linn ar smallcommunitiesww@water.ie; nó

Ár dtairseach ar líne: nó

Tríd an bpost ag: Small Wastewater Treatment Plants National Plan, Enterprise Fund Business Centre, Ballyraine, Letterkenny, Co. Donegal, Ireland, F92 AF43.