Skip to main content

An tionscadal Feabhsuithe Uisce trí Chóireáil Inbhuanaithe (FUCI)

Is tionscnamh trasteorann idir Uisce Éireann agus Uisce Thuaisceart Éireann é an tionscadal Feabhsuithe Uisce trí Chóireáil Inbhuanaithe (FUCI) a cuireadh ar bun chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú uisce i gContaetha Fhear Manach, Thír Eoghain, Liatroma, Shligigh, an Chabháin, Mhuineacháin agus Dhún na nGall trí shamhaltú abhantraí agus cóireáil fuíolluisce inbhuanaithe.

Tá an tionscadal tacaithe ag PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB).

Agus iad ag obair go comhoibríoch, déanfaidh Uisce Éireann agus Uisce Thuaisceart Éireann iarracht feabhas a chur ar cháilíocht an uisce i Loch Éirne, Loch Meilbhe, agus Bá Dhún na nGall — limistéir laistigh de Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí an Iarthuaiscirt atá buailte ag truailleáin ó thalmhaíocht, foraoiseacht, rith chun srutha uirbeach agus sceitheadh fuíolluisce.

Glacfaidh an tionscadal dar luach €32m teicneolaíochtaí cóireála nuálacha agus inbhuanaithe ag príomhláithreáin in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann chun feabhas a chur ar scaoileadh fuíolluisce agus chun cuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce sna dobharlaigh chomhroinnte sin.

Location
Fear Manach, Tír Eoghain, Liatroim, Sligeach, An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall
Status
In progress
Type
Water quality
Scenic image

Tá na láithreáin cóireála fuíolluisce a uasghrádófar mar chuid den tionscadal FUCI suite i mBaile Átha Beithe (Co. Mhuineacháin), Béal Leice (Co. Fhear Manach), An Blaic (Co. an Chabháin) agus An Garastún (Co. Fhear Manach). Chomh maith le cóireáil fheabhsaithe agus feabhas ar cháilíocht an uisce, beidh acmhainn do 1,000 duine breise ar a laghad i gceist leis na huasghráduithe tionscadail sin.

Beidh clár fairsing samhaltaithe (Samhaltú –tionscadal FUCI) á reáchtáil i dteannta leis na huasghráduithe ar na hionaid cóireála fuíolluisce, ina gcuimseofar sampláil aibhneacha agus lochanna laistigh d’abhantrach thrasteorann na hÉirne. Leis an ngné shuntasach sin den tionscadal, gabhfar sonraí tábhachtacha a bhaineann leis an mórán foinsí truaillithe éagsúla atá á gcur ar Loch Éirne, Loch Meilbhe agus Bá Dhún na nGall agus beidh sé mar thoradh air sin go gcuirfear straitéis le chéile chun cuidiú le bonn eolais a chur faoi infheistíocht amach anseo agus í a spriocdhíriú chun tuilleadh feabhsuithe a chur ar cháilíocht an uisce.

Tá an tionscadal le críochnú faoi 2029.

Cuirfidh Uisce Éireann uasghráduithe i gcrích ar dhá ICFU mar chuid den tionscadal ag ICFU Bhaile Átha Beithe i gContae Mhuineacháin agus ag ICFU an Bhlaic i gContae an Chabháin. Chun tuilleadh eolais faoi na tionscadail a fháil, tabhair cuairt ar na leathanaigh tionscadail atá tiomnaithe do ICFU Bhaile Átha Beithe (Baile Átha Beithe – Tionscadal FUCI) agus ICFU an Bhlaic (An Blaic – Tionscadal FUCI).

Chun tuilleadh eolais faoin tionscadal FUCI a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach Tionscadal – Tionscadal FUCI.

Féach na tionscadail agus pleananna uile

Tabhair cuairt ar ár rannóg Tionscadail lena fháil amach cad atá ag tarlú.