Athsholáthar Príomhlíonra Uisce Oola
Tá Uisce Éireann chun oibreacha laghdaithe sceite a dhéanamh in Úlla, Luimneach chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil agus leibhéil arda sceite a laghdú.
Is éard a bhainfidh leis na hoibreacha níos mó ná 4.8km de shean-phríomhlíonra uisce a bhfuil damáiste déanta dó a athsholáthar agus píopaí nua-aimseartha a chur ina áit. Tosóidh an clár chun an príomhlíonra uisce in Úlla a athsholáthar ag deireadh Mhárta 2026. Táthar ag tabhairt faoi na hoibreacha seo mar chuid den Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite de chuid Uisce Éireann.
Beidh an chuid seo de na hoibreacha ar siúl feadh an R507 agus an N24, Úlla, Co. Luimnigh.
Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí.
Is é Ward and Burke Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh siad curtha i gcrích i Meán Fómhair 2026.
Cad iad tairbhí na n-oibreacha?
Áirítear na nithe a leanas le tairbhí na n-oibreacha laghdaithe sceite:
- Soláthar Uisce Iontaofa –Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar níos iontaofa uisce do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar.
- Sceití Laghdaithe – Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse cuirfear deireadh leis na sceití atá ann agus laghdófar méid an uisce óil a chailltear sa talamh.
- Oibriú Feabhsaithe agus Cothabháil Fheabhsaithe – Soláthrófar coigilteas costais leis na hoibreacha sin trí oibriú feabhsaithe an líonra uisce óna dteastóidh cothabháil níos lú sa todhchaí.
An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?
Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm ag an am seo, i bhfoirm dúnadh bóthair ar an R507 agus córas stop/ gluais ar an bPríomhshráid, Úlla.
Beidh dúnadh bóthair i bhfeidhm ar an R507 ón 30 Márta go dtí an 29 Bealtaine 2026. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí. Cuirfear an trácht ar mhalairt slí d’fhad an dúnta.
D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 uair ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe.
Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach agus déanfaidh na buíonta oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú.