Skip to main content

Ordú Caomhnaithe Uisce sínte ag Uisce Éireann ar fud na tíre chun soláthairtí a chosaint do chách

Iarrtar ar an bpobal úsáid neamhriachtanach uisce a sheachaint de réir mar a chuirtear an-bhrú ar sholáthairtí ar fud na tíre mar thoradh ar an aimsir the agus ar bheagán báistí

Dheimhnigh Uisce Éireann go ndéanfar Ordú Caomhnaithe Uisce a shíneadh go gach contae ó 00.01 Dé hAoine an 24 Iúil go dtí Dé Céadaoin an 26 Lúnasa 2026, agus an tOrdú á shíneadh atá i bhfeidhm cheana maidir le Baile Átha Cliath, Tiobraid Árann Theas agus codanna de chontaetha Chill Dara, na Mí, Loch Garman agus Chill Mhantáin.

Tá an síneadh ar fud na tíre á thabhairt isteach chun cuidiú le soláthairtí uisce poiblí a chosaint anois agus sna míonna le teacht ar mhaithe le tithe, gnólachtaí, feirmeacha, ospidéil, custaiméirí leochaileacha agus seirbhísí bunriachtanacha. Mar thoradh ar an aimsir the le déanaí atá tuartha le leanúint, i dteannta le beagán báistí, tá éileamh an-ard á spreagadh agus brú á ghéarú ar fhoinsí uisce agus ar sholáthairtí uisce óil chóireáilte. Leanann Uisce Éireann chun gach beart a dhéanamh le haghaidh uisce a choinneáil ag sreabhadh trí tháirgeadh a uasmhéadú, trí sceitheadh a dheisiú, trí uisce a sheachadadh le tancaer agus tríd an líonra a oibriú d’fhonn bristeacha a íoslaghdú agus soláthairtí a chosaint.

Beidh an tOrdú sínte infheidhme maidir le gach teach agus táthar á shíneadh de bharr go bhfuil foinsí amhuisce á gcur faoi bhrú atá ag méadú tar éis tréimhse fhada ina raibh an aimsir thar a bheith te agus tirim. Léirítear le réamhaisnéis tréimhse breisithe Met Éireann go bhfuiltear ag súil go mbeidh teochtaí fós os cionn an mheáin agus an bháisteach fós faoi bhun an mheáin sa tréimhse atá romhainn. Tá roinnt foinsí screamhuisce ag léiriú comharthaí struis anois agus tá torthaí laghdaithe nó níl torthaí ar bith le feiceáil i roinnt ceantar. I gceantair eile amhail Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath, agus in áiteanna thart ar an gcósta a bhfuil tóir mhór orthu ag cuairteoirí, tá soláthairtí fós faoi bhrú mar gheall ar úsáid ard uisce, rud a sháraíonn an acmhainn táirgthe go minic.

Tá srianta i bhfeidhm ar feadh na hoíche freisin i dtaca le 53 as 700 soláthar uisce, go príomha i gceantair ina bhfuil foinsí áitiúla faoi bhrú. Tríd an Ordú Caomhnaithe Uisce a shíneadh ar fud na tíre tacófar le laghdú ar úsáid neamhriachtanach, laghdófar an brú ar fhoinsí uisce agus déanfar soláthairtí a chosaint le haghaidh cuspóirí bunriachtanacha.  

Leis an Ordú cuirtear cosc ar úsáid píobáin uisce nó fearais chosúil le haghaidh gníomhaíochtaí amhail gairdín a uisciú, mótarfheithicil phríobháideach a ghlanadh, bád fóillíochta príobháideach a ghlanadh, linn snámha tí nó linn lapadaíola a líonadh nó a chothabháil, lochán baile a líonadh nó a chothabháil, gan locháin éisc san áireamh, agus fuarán ornáideach a líonadh nó a chothabháil, ach amháin nuair a theastaíonn chun críocha tráchtála.

Dúirt Mairead Conlon, Bainisteoir Sinsearach na Straitéise Sócmhainní le hUisce Éireann: “Tá muid ag iarraidh ar gach duine gan ach an méid uisce a theastaíonn uaidh/uaithi a úsáid agus chun úsáid neamhriachtanach uisce ar bith a sheachaint go dtí go mbeidh feabhas tagtha ar chúinsí.

“Ag an gcéim luath seo tá gach cuma ar an scéal go bhfuil daoine ag tacú leis an Ordú Caomhnaithe Uisce atá i bhfeidhm cheana, agus tá úsáid uisce i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath ag tosú ag laghdú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rinne beart chun uisce a chaomhnú. Is mór an difríocht a dhéantar leis sin, ach tá brúnna fós ard agus anois iarraimid ar dhaoine ar fud na tíre leanúint le húsáid neamhriachtanach a laghdú.

“Tá gach braon luachmhar. Trí chúnamh leanúnach ón bpobal cuideofar le brú ar sholáthairtí a laghdú agus coinneofar uisce ar fáil do riachtanais laethúla bhunriachtanacha.”

Tá Uisce Éireann ag leanúint le hiarraidh ar chustaiméirí bearta praiticiúla a dhéanamh chun uisce a chaomhnú sa bhaile, lena n-áirítear cithfholcthaí níos giorra a thógáil, sceitheadh agus leithris atá ag ligean a dheisiú, agus úsáid píobán uisce nó spréirí a sheachaint sa ghairdín.  

Ós rud é go bhfuil an tOrdú Caomhnaithe Uisce á shíneadh ar fud na tíre, tá sé infheidhme maidir le soláthairtí uisce poiblí uile ar fud na tíre le haghaidh na tréimhse atá sonraithe. Tá foireann cúraim custaiméirí Uisce Éireann fós ar fáil maidir le ceisteanna uile ó chustaiméirí.

Iarraimid ar an bpobal freisin sceití ar bith a fheiceann siad ar an líonra poiblí a d’fhéadfadh a bheith infheicthe sna dálaí tirime a thuairisciú trí theagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann ag 1800 278 278 nó ar Uisce Éireann (Irish Water roimhe seo) | Fóntas Uisce | Uisce Éireann

Is féidir le custaiméirí áireamhán ar líne Uisce Éireann a úsáid freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar a n-úsáid uisce tí agus bealaí simplí a shainaithint chun uisce a shábháil gach lá.

Tá tuilleadh nuashonruithe agus comhairle maidir le caomhnú uisce ar fáil ag water.ie/conservation.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.