Buíochas tugtha ag Uisce Éireann do phobail ar fud na hÉireann de réir mar a chuirtear deireadh leis an Ordú Caomhnaithe Uisce dhá sheachtain níos luaithe
Is féidir le hUisce Éireann a dhearbhú go bhfuil deireadh á chur leis an Ordú Caomhnaithe Uisce láithreach bonn ar fud na 13 chontae atá fágtha, dhá sheachtain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.
Léirítear leis an gcinneadh an méadú ar bháisteach agus ar infhaighteacht uisce i dteannta leis na hiarrachtaí as cuimse a rinne teaghlaigh, gnólachtaí, feirmeacha agus pobail ar fud na hÉireann chun úsáid uisce a laghdú. Leis na hiarrachtaí sin cuidíodh le soláthairtí áitiúla uisce a chosaint le linn ceann de na samhraí is teo agus i rith an Iúil is tirime dár taifeadadh riamh.
Tugadh an tOrdú Caomhnaithe Uisce isteach ar fud na tíre i mí Iúil tar éis tréimhse fhada d’aimsir thirim agus d’éileamh thar a bheith ard lenar cuireadh brú nach beag ar sholáthairtí uisce poiblí ar fud na tíre. Bhí sé beartaithe go mbeadh an tOrdú i bhfeidhm go dtí deireadh Mheán Fómhair sna contaetha a leanas: Ceatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin. Tá deireadh á chur leis ón lá inniu sna contaetha uile atá fágtha.
Dúirt Mairead Conlon, Bainisteoir Sinsearach na Straitéise Sócmhainní le hUisce Éireann: “Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le teaghlaigh agus le pobail ar fud na tíre as a dtacaíocht leanúnach nuair a bhí an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm. Trí ghearradh siar ar úsáid neamhriachtanach uisce, chuidigh daoine le soláthairtí áitiúla a chosaint agus le huisce óil a choimeád do na tithe, feirmeacha, ospidéil, custaiméirí leochaileacha agus seirbhísí ríthábhachtacha a bhíonn ag brath air gach lá.
“Cé go bhfuil deireadh á chur leis an Ordú Caomhnaithe Uisce níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, táimid ag moladh do chách chun leanúint le huisce a úsáid go stuama. Le cúpla mí anuas taispeánadh an luach a bhaineann le bheith aireach faoin dóigh a n-úsáidimid uisce agus an tionchar dearfach a bhíonn ag bearta beaga nuair a dhéantar iad i dteannta a chéile. Trí leanúint le huisce a chaomhnú tacófar le hathshlánú na bhfoinsí áitiúla uisce agus cinnteofar go mbeidh uisce fós ar fáil nuair a bhíonn an gá is mó leis ag pobail.
“Leis an mbáisteach le cúpla seachtain anuas feabhsaíodh an cás foriomlán, ach ní raibh an t-athshlánú céanna le feiceáil i ngach áit ar fud na tíre. I gceantair áirithe, lena n-áirítear codanna de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, de Loch Garman agus de Thiobraid Árann Theas, teastaíonn níos mó ama uathu chun dul ar ais chuig na leibhéil a bheadh le feiceáil de ghnáth ag an am seo den bhliain. Trí leanúint le húsáid chúramach uisce cuideofar leis na foinsí áitiúla sin a chosaint agus tacófar lena n-athshlánú sna seachtainí atá romhainn.”
Nuashonruithe Roimhe Seo
Dheimhnigh Uisce Éireann go gcuirfear deireadh leis an Ordú Caomhnaithe Uisce ar fud cuid mhór den tír i ndiaidh feabhas ar infhaighteacht an uisce lena sholáthar agus méadú ar bháisteach.
Rachaidh an tOrdú Caomhnaithe Uisce atá i bhfeidhm faoi láthair ar fud na tíre in éag ag 23:59 Dé Céadaoin, an 26 Lúnasa. Tugadh isteach ar an 24 Iúil é i ndiaidh tréimhse fhada d’aimsir the thirim, úsáid ard uisce agus brú a bhí ag méadú ar sholáthairtí uisce poiblí.
Tá an cinneadh ag teacht leis an tionchar dearfach a bhí ag iarrachtaí maidir le caomhnú uisce phoiblí agus dálaí feabhsaithe in go leor ceantar. I gcodanna den oirthear agus den deisceart, áfach, tá brú fós ar fhoinsí uisce agus ar sholáthairtí uisce poiblí agus ní mór leanúint lena gcosaint.
Iarrann Uisce Éireann ar chustaiméirí sna 13 chontae sin leanúint le húsáid neamhriachtanach uisce a sheachaint. Cuideoidh an síneadh le huisce atá ar fáil a chaomhnú agus soláthairtí a chosaint do thithe, do ghnólachtaí, d’fheirmeacha, d’ospidéil, do chustaiméirí leochaileacha agus do sheirbhísí riachtanacha.
Leanfaidh Uisce Éireann le monatóireacht a dhéanamh ar fhoinsí uisce, ar an éileamh agus ar infhaighteacht uisce lena dháileadh.
Ghabh Margaret Attridge, Ceann Oibríochtaí Uisce le hUisce Éireann, buíochas leis an bpobal as an dóigh dhearfach ar ghlac siad leis an Ordú Caomhnaithe Uisce. “Fuaireamar a lán tacaíochta ón bpobal dár n-achainí do chaomhnú uisce, rud a chuidigh leis an éileamh a laghdú go mór in go leor ceantar.” Tá fíordhifríocht déanta a bhuí le comhiarrachtaí na bpobal chun úsáid neamhriachtanach uisce a laghdú chun ár soláthairtí riachtanacha a chosaint.
“Mar gheall ar na dálaí feabhsaithe, is féidir linn an tOrdú a bhaint anois in go leor contaetha.” Is toradh dearfach é sin agus léiríonn sé an fhíordhifríocht atá déanta ag daoine agus gnólachtaí trí úsáid neamhriachtanach uisce a laghdú.
“Ag an am céanna, tá soláthairtí i gcodanna den oirthear agus den deisceart faoi bhrú fós, agus beidh níos mó ama de dhíth chun go dtéarnóidh na foinsí uisce sna ceantair sin” Mar gheall air sin, coinneofar an tOrdú i bhfeidhm i 13 chontae.
“Iarraimid ar chustaiméirí sna ceantair sin gan ach an t-uisce a theastaíonn uathu amháin a úsáid agus úsáid neamhriachtanach a sheachaint.” Aithnímid an iarracht atá déanta ag daoine cheana féin, agus táimid buíoch as a dtacaíocht leanúnach. Cuideoidh gach braon a shábhálfar linn soláthairtí áitiúla a chosaint agus leanúint le huisce a chur ar fáil do riachtanais laethúla riachtanacha.”
Moltar do chustaiméirí i gceantair ina bhfuil an tOrdú á bhaint uisce a úsáid go stuama fós. Le céimeanna simplí amhail cithfholcadáin níos gairide a ghlacadh, sceití agus leithris a dheisiú, gan meaisíní níocháin agus miasniteoirí a rith ach nuair atá siad lán, agus canna spréite a úsáid in ionad píobáin, is féidir cuidiú le soláthairtí a chosaint.
Tá Uisce Éireann ag leanúint le bearta oibríochtúla a ghlacadh chun soláthairtí a choinneáil ar bun, lena n-áirítear táirgeadh uisce a uasmhéadú, sceití a dheisiú, uisce a sheachadadh le tancaer nuair is gá agus an líonra a bhainistiú chun an riosca go mbeadh bristeacha seirbhíse ann a laghdú.
Is féidir le custaiméirí fanacht ar an eolas faoina seirbhís uisce áitiúil trí sheiceáil a dhéanamh ar an rannán soláthair agus seirbhíse ar ár suíomh gréasáin, trí fhéachaint ar ár bhfotha beo ar X ag @IWCare, nó trí chlárú chun nuashonruithe téacs fíor-ama a fháil. Bíonn ár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí ar fáil freisin 24/7 ag an uimhir 1800 278 278.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.