An bhfuil do shocruithe íocaíochta uasdáthaithe agat?

Aistríodh d’Údarás Áitiúil d’eolas cuntais; ainm an chuntais, do sheoladh, stair an chuntais, iarmhéid cuntais agus stair idirbheart san áireamh go hUisce Éireann. Ligeann sé seo dúinn bainistíocht a dhéanamh ar do chuntas. Chomhlíonamar le riachtanais maidir le cosaint sonraí agus an t-aistriú á dhéanamh againn.

B’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Más fearr leat íoc trí dhochar díreach, líon amach Sainordú Dochair Dhírigh de chuid SEPA
  • Cuir aon bhuanordú reatha do sheirbhísí uisce ar ceal atá iníoctha le d’Údarás Áitiúil.
  • Má tá córas cuntas iníoctha agat, socraigh Uisce Éireann mar do sholáthraí sheirbhísí uisce.
  • Má tá socrú íocaíochta reatha agat le d’Údarás Áitiúil, cuir glao orainn ag 1850 778 778 nó +353 1 707 2827.

Ag íoc do bhille

Tá roghanna éagsúla íocaíochta ar fáil ar ár leathananach Ag Íoc Do Bhille. Más maith leat do chuntas a bhainistiú ar líne, ba chóir duit cuntas M'Uisce a bhunú ionas gur féidir leat breathnú ar do bhillí agus íoc astu ag am ar bith.

Ag íoc do bhille

Ag íoc do bhille

Ár seirbhísí

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce a sholáthrú do gnóthaí, mar shampla:

Uisce atá glan agus sábháilte le hól a sholáthrú

Fuíolluisce a bhainistiú

Sceitheanna agus bristeacha a dheisiú

Naisc nua a chumasú

Ár dtimpeallacht a chosaint

Uasdátaithe náisiúnta soláthair agus seirbhíse

Back to the top