Read what to do.

Téarmaí agus Coinníollacha

Féach na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo a úsáid.

Cinntigh le do thoil go léann tusa (dá ngairtear an "tÚsáideoir", "tú" nó "do" anseo) na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo go cúramach toisc go rialaíonn siad d'úsáid agus rochtain ar an Suíomh Gréasáin seo (an "Suíomh"). Mura nglacann tú leo, scoir den Suíomh a úsáid láithreach bonn.

Baineann na forálacha seo a leanas le húsáideoirí an tsuímh:

1. Réamheolas

Tá an Suíomh faoi úinéireacht Uisce Éireann agus á oibriú acu (dá ngairtear "Uisce Éireann" "muid", "sinn" nó "ár" anseo), ina n-áireofar san abairt freisin comhlachtaí gaolmhara lena n-áirítear, sa chás go n-éilíonn an comhthéacs é, ár soláthraithe tríú páirtí agus aon duine eile a bhfuil baint aige le soláthar nó le cothabháil an tSuímh. Maidir leis an Suíomh seo agus na háiseanna atá curtha ar fáil air, níor cheart d’úsáideoirí é a úsáid ach amháin sa tslí a ceapadh dó, agus ní mór dóibh gníomhú de mheon macánta i gcónaí agus é sin á dhéanamh.

2. Cóipcheart & ceadúnas teoranta

2.1 Is do d'úsáid phríobháideach, phearsanta agus neamhthráchtála amháin a chuirtear gach ábhar atá foilsithe ar an Suíomh seo ar fáil. Tá an t-ábhar ar an Suíomh, lena n-áirítear gach téacs, íomhá, branda agus trádmharc faoi chosaint ag dlíthe maoine intleachtúla náisiúnta agus idirnáisiúnta, mura sonraítear a mhalairt, agus is le hUisce Éireann nó lena soláthraithe iad. Ní thugtar aon chearta úinéireachta ar an Suíomh ná ar an ábhar sin d’aon duine a úsáideann é. Tugtar ceadúnas pearsanta teoranta neamh-inaistrithe duit féin amháin chun féachaint ar aon chóip amháin d'ábhar ar an Suíomh ar aon ríomhaire amháin, nó chun é a íoslódáil le haghaidh d'úsáid phearsanta neamhthráchtála sa bhaile. Ba chóir gach fógra cóipchirt, gach fógra dílsithe agus gach fógra séanta a chóipeáil freisin. Níl cead agat aon ábhar nó faisnéis ar an Suíomh (nó a d’íoslódáil tú ón Suíomh) a athrú, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a chur ar aghaidh nó a scaipeadh, ar aon mhodh nó ar bhealach ar bith, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do théacs, do ghrafaicí, d’fhíseáin, do theachtaireachtaí, do chód agus/nó do bhogearraí gan ár dtoiliú i scríbhinn roimh ré, ach amháin nuair a thugtar cead sainráite duit sin a dhéanamh. Glacann tú leis nach bhfaigheann tú aon chearta úinéireachta trí ábhar cóipchirt a íoslódáil. Forchoimeádtar leis seo gach ceart nach dtugaimid go sainráite sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo. Má sháraíonn tú aon cheann de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO, cuirfear deireadh go huathoibríoch leis an gcead a tugadh duit chun an Suíomh seo a úsáid agus caithfidh tú aon ábhar a d’íoslódáil tú nó a phriontáil tú a scriosadh láithreach bonn.

2.2 Tuigeann tú freisin nach dtugann Uisce Éireann dearbhú ná barántas go bhfuil aon ábhar atá ar fáil le híoslódáil ón Suíomh saor ó ionfhabhtú, ó víris agus/nó ó chód eile a bhfuil airíonna éillithe nó scriosacha acu, agus ní féidir leo dearbhú ná barántas ina leith sin a thabhairt. Is ortsa amháin atá an fhreagracht as nósanna imeachta sásúla a chur i bhfeidhm chun seiceáil le haghaidh víreas (bogearraí frithvíreas agus cineálacha slándála eile) chun do riachtanais ar leith a shásamh maidir le cruinneas ionchurtha agus aschurtha sonraí.

3. Faisnéis

3.1 Glacann an tÚsáideoir leis, nuair a úsáideann sé an Suíomh, go bhfuil an fhéidearthacht ann nach bhfuil teachtaireachtaí eolais ná ríomhphoist a sheoltar ar an Idirlín saor ó chur isteach ó thríú páirtithe. Dá bharr sin, níl Uisce Éireann in ann a dhearbhú go mbaineann príobháideachas nó rúndacht le faisnéis ar bith a bhaineann leis an Úsáideoir nuair a chuirtear ar aghaidh ar an Idirlíon í.

3.2 Beidh úsáideoirí freagrach as ábhar na cumarsáide go léir leis an Suíomh, lena n-áirítear a dhlíthiúlacht, a fhírinneacht agus a chruinneas. Ní mór d'úsáideoirí a chinntiú go bhfuil gach cumarsáid den sórt sin leis an Suíomh, cé acu ar an ríomhphost nó ar bhealach eile, saor ó gach víreas, ó Thraígh, ó bhuamaí loighce, ó bhuamaí ama, ó ríomhphéisteanna nó ó aon chláir ríomhaireachta eile a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do ghnáthfheidhmiú cuí an tSuímh nó a dhéanfadh aon rud a bheadh ina shárú ar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO dá ndéanfadh an t-úsáideoir é.

4. Ábhar ar líne

4.1 Caithfidh tú a thuiscint nach rialaíonn Uisce Éireann ábhar atá foilsithe ar an Suíomh ná ní thacaíonn siad leis ar bhealach ar bith más rud é gurb iad tríú páirtithe a chuireann an t-ábhar sin ar fáil. Foilsítear de mheon macánta gach ábhar a chuireann tríú páirtithe ar fáil, fiú mura bhfuil siad comhcheangailte linn nó mura bhfuil baint éigin eile acu linn, ach ní ghlacaimid freagracht as cruinneas ná as gnéithe eile den ábhar sin (cé acu a fhoilsítear ar líne nó as líne é) ná as úsáid an ábhair sin. Caitheann tú freagracht agus riosca iomlán a ghlacadh ort féin maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh agus as an bhfaisnéis go léir atá air.

4.2 Tá cead ag daoine atá ina gcónaí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann cuairt a thabhairt ar an suíomh ach is as a stuaim féin a dhéanann siad amhlaidh agus tá siad freagrach as gach dlí is infheidhme a chomhlíonadh. Má tá sé i gcoinne aon dlí nó má thagann sé salach ar aon dlí is infheidhme i do dhlínse/do dhlínsí an Suíomh a úsáid/féachaint air, nó aon ábhar nó seirbhísí ar an Suíomh a úsáid, níl tú údaraithe chun féachaint ar an Suíomh ná úsáid a bhaint as agus ní mór duit imeacht as láithreach bonn.

5. Inúsáidteacht an tsuímh

Déanfaidh Uisce Éireann gach iarracht an Suíomh a chur ar fáil ach ní féidir leo a chinntiú go n-oibreoidh an Suíomh go leanúnach nó gan briseadh nó go mbeidh sé saor ó earráidí agus ní féidir leo glacadh le haon dliteanas as a dho-úsáidteacht. Níor cheart duit cur isteach ar oibriú ceart an tSuímh agus, go háirithe, níor cheart duit aon iarracht a dhéanamh teacht timpeall ar shlándáil ar aon chóras ríomhaireachta, ar aon seirbhís, ar aon láithreán gréasáin, ar aon ródaire nó ar aon ghaireas eile atá ceangailte leis an idirlíon, agus níor cheart duit baint dóibh, haiceáil isteach iontu ná cur as dóibh.

6. Ginearálta

6.1 Féadfaidh Uisce Éireann na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo a athrú ó am go ham agus an leagan nua a phostáil ar an Suíomh, agus ina dhiaidh sin beidh gach úsáid a bhainfear as an Suíomh faoi rialú ag an leagan sin. Ní mór duit na téarmaí agus coinníollacha ar an Suíomh a chinntiú ar bhonn rialta.

6.2 Tá na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA seo faoi rialú ag dlí na hÉireann Tá dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann gach díospóid, gach ceist agus gach aighneas a eascraíonn as na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo nó i ndáil leo a éisteacht agus a chinneadh, agus caitheann na páirtithe géilleadh, gan dul siar air, don dlínse sin chun na críche sin.

6.3 Má fhógrófaí nó má athrófaí aon fhoráil nó téarma de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo go mbeidh siad mídhleathach, neamhbhailí nó infheidhmithe ar chúis ar bith, beidh a leithéid d’fhoráil nó téarma inscartha ó théarmaí agus coinníollacha eile agus measfar go scriosfar é uathu.

6.4 Is ionann iad na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE, ár bPolasaí Príobháideachais agus Clásal Séanta an comhaontú iomlán atá agat le hUisce Éireann agus téann sé in ionad aon socrú, chomhthuiscint, aighneacht, bharánta agus chomhaontú scríofa nó labhartha a bhí agat roimhe seo le hUisce Éireann.