Read what to do.

Privacy Notice

This notice is intended to help you understand what Personal Data Uisce Éireann collects about you, why we collect it, and what we do with it.

Is “Rialaitheoir” é Uisce Éireann (“muid”, “sinn”, “ár”) faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679) ("RGCS") i dtaca le Sonraí Pearsanta áirithe a thugann tú dúinn. Is é Uisce Éireann an t-aon fhóntas náisiúnta amháin atá freagrach as seirbhísí uisce poiblí agus fuíolluisce in Éirinn agus tá sé de chúram air na córais uisce agus fuíolluisce a oibriú, a fheabhsú agus infheistíocht a dhéanamh iontu d’fhonn seirbhísí atá sábháilte, iontaofa agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a dhéanann Uisce Éireann a rialú, agus is ag Teach Colvill, 24-26 Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1 atá a oifig cláraithe lonnaithe.

Is éard atá i “Sonraí Pearsanta” ná aon eolas a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (“Ábhar Sonraí”); is duine nádúrtha inaitheanta é aon duine ar féidir é/í a aithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne amhail seoladh IP úsáideora nó cúinse amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le féiniúlacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin agus cuirtear Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta san áireamh leis seo;

Is éard atá i gceist le "Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta" ná aon sonraí pearsanta a nochtann bunús ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, ballraíocht ceardchumainn; sonraí géiniteacha nó sonraí bithmhéadracha agus sonraí a bhaineann le saol sláinte nó gnéis agus gnéaschlaonadh.

Bailímid agus próiseálaimid Sonraí Pearsanta fútsa a bhaineann lenár gcaidreamh leatsa. I measc na Sonraí Pearsanta seo tá:

  • d’ainm agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear do sheoladh baile, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh ríomhphoist;
  • taifid sheirbhíse custaiméara, gearáin agus éilimh san áireamh;
  • sonraí a bhaineann le do cheangal uisce, lena n-áirítear iarratais sheirbhíse, orduithe saothair agus sonraí;
  • taifead do chuntais, léamh méadair, billeáil, íocaíochtaí agus bailiúcháin;
  • taifid an úinéara talún i gcás inarb ábhartha maidir le ceart atá Uisce Éireann á fheidhmiú, m.sh. ceart bealaigh;
  • Aon sonraí a bhaineann le Saoráil Faisnéise nó Iarratas Duine ar a S(h)onraí; agus
  • aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a chuireann tú ar fáil dúinn nó a ghinimid fút i ndáil lenár gcaidreamh leat, lena n-áirítear taifid ar aon toiliú a thug tú agus an úsáid a bhain tú as suíomh gréasáin Uisce Éireann.

Bailímid Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta i ndáil le custaiméirí a bhfuil seirbhísí tosaíochta nó speisialta de dhíth orthu. Is ar mhaithe le cabhrú le hUisce Éireann freastal ar riachtanais custaiméirí áirithe a bhailítear faisnéis maidir leis an míchumas nó an deacracht is siocair le seirbhísí tosaíochta nó speisialta a bheith uathu.

Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann, bailímid sonraí staitistiúla agus anailíseacha a chruinnítear ar bhonn comhiomlán i ndáil le gach uile chuairteoir a thagann chuig ár suíomh gréasáin. Cuimsíonn na sonraí neamhphearsanta seo faisnéis nach féidir í a úsáid chun tú a aithint nó teagmháil a dhéanamh leat, amhail faisnéis dhéimeagrafach maidir le seoltaí IP úsáideora, ar choinníoll go bhfuil sí lomtha nó gan ainm, cineálacha brabhsálaí agus sonraí staitistiúla gan ainm eile a bhaineann le húsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin.

Bailímid sonraí uaitse agus ó eintitis eile laistigh den ghrúpa Ervia. Bhailíomar sonraí ó ghníomhaireachtaí rialtais eile roimhe seo mar bhailiúchán aon uaire nuair a bunaíodh Uisce Éireann d’fhonn bunachar sonraí custaiméirí a chur i dtoll a chéile. Bhí cead sainráite againn é sin a dhéanamh de réir Alt 26 den Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 1) 2013 agus tugadh faoi i gcomhairle le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Déanfar na Sonraí Pearsanta luaite thuas a phróiseáil le gur féidir:

  • ár bhfeidhmeanna mar údarás poiblí a chur i gcrích, lena n-áirítear na córais uisce agus fuíolluisce náisiúnta a oibriú agus cothabháil a dhéanamh orthu;
  • ár n-oibleagáidí dlí a chomhlíonadh;
  • seirbhís do chustaiméirí a sholáthar duit agus dul i dteagmháil leat más gá dúinn freagra a thabhairt ar aon teachtaireachtaí a d’fhéadfá a sheoladh chugainn;
  • éilimh dhlíthiúla a dheimhniú, a fheidhmiú nó a chosaint;
  • ábhar margaíochta nó bolscaireachta a sheoladh chugat; agus
  • na seirbhísí a sholáthraímid duit a fheabhsú.

Is é an bunús dlí lena mbailímid agus lena n-úsáidimid an fhaisnéis seo de réir fhorálacha an Fhógra Príobháideachais Shonraí seo ná:

  • gur gá é chun conradh leat a chur i gcrích;
  • gur gá é chun tascanna a chur i gcrích a dhéanaimid ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe de réir dlí ionainn (lena n-áirítear na hAchtanna um Sheirbhísí Uisce 2007 go 2017 agus an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag Obair 2005);
  • gur gá é chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh; nó
  • gur thoiligh tú go bhféadfaí leas a bhaint as do Shonraí Pearsanta

Sa chás gur thoiligh tú gur féidir do shonraí pearsanta a úsáid, is féidir leat é a tharraingt siar ag am ar bith ach dataprotection@water.ie a chur ar an eolas faoi, é sin ráite, ní chuirfidh séseo ó bhailíocht dlíthiúlacht aon phróiseáil a rinneadh bunaithe ar an toiliú a thug tú sular tharraing tú siar é.

Roinnimid do shonraí pearsanta le faighteoirí éagsúla i ndáil leis na cuspóirí thuas, lena n- áirítear:

  • le tríú páirtithe a mbímid ag plé leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn, mar shampla soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhíse TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • le haon bhall eile den ghrúpa Ervia a bhfuil Uisce Éireann mar bhall de, le haghaidh aon cheann de na cuspóirí atá leagtha amach san Fhógra Príobháideachais seo;
  • le húdaráis agus comhlachtaí poiblí eile nuair is gá nó a cheadaítear le dlí é, amhail an Garda Síochána nó údaráis fhorfheidhmithe dlí eile le gur féidir coir a chosc, a imscrúdú nó a bhrath; agus
  • cloí le haon dlí nó rialachán is infheidhme, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialála, nó ceanglas reachtúil eile.

D’fhonn na cuspóirí atá leagtha amach thuas a bhaint amach agus go háirithe chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil, d’fhéadfadh sé tarlú ó am go ham go gcaithfimid do Shonraí Pearsanta a aistriú lasmuigh de Limistéar Eacnamaíoch na hEorpa (LEE) chuig tír nár dheimhnigh an Coimisiún Eorpach go fóill go bhfuil cosaint a dhóthain i bhfeidhm ann maidir le sonraí pearsanta.

Más rud é, agus sa mhéid go ndéanaimid é sin, cinnteoimid go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm chun cloí lenár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a rialaíonn aistrithe den sórt sin, a d'fhéadfadh a bheith san áireamh i gcomhaontú próiseála sonraí maidir leis an aistriú ina bhfuil na ‘gnáthchlásail chonartha’ ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, nó maidir le haistrithe go Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag cinntiú ar an gcaoi sin go dtagann an t-aistriú faoin gCreat Sciath Príobháideachais AE-SAM (nó faoi aon chreat a thiocfaidh ina áit). Is féidir tuilleadh sonraí faoi na bearta atá curtha i bhfeidhm againn i dtaca leis seo a fháil ach iad a iarraidh ó dataprotection@water.ie.

Is ionann é seo agus a rá, sa chás nach féidir linn a dheimhniú go ndearna an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an gceann scríbe a gheobhaidh do chuid sonraí, úsáidimid rialuithe ceadaithe eile lena chinntiú gur féidir linn do chuid sonraí a chosaint ar bhealach sásúil agus, i gcás na dtríú páirtithe sin a d’fhéadfadh do shonraí pearsanta a phróiseáil ar ár son leis, a chinntiú go gcloífidh siad leis na caighdeáin is airde maidir le cleachtais phríobháideachais agus go gcloíonn siad leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme.

Má théann tú i dteagmháil linn trí shuíomh gréasáin Uisce Éireann, ba cheart cuimhneamh nach féidir linn slándáil aon fhaisnéis a tharchuireann tú chugainn a áirithiú nó barántas a thabhairt ina leith, mar ní féidir gealltanas mar sin a thabhairt maidir leis an idirlíon. Ní féidir a dheimhniú go mbeidh aon tarchur a dhéantar thar an idirlíon 100% slán. Fós féin, déanaimid gach beart réasúnta (bearta teicniúla agus eagraíochtúla san áireamh) chun do Shonraí Pearsanta a chosaint.

Tá na cearta seo a leanas agat, in imthosca áirithe agus faoi réir srianta áirithe, i dtaca le do Shonraí Pearsanta:

Ceart rochtana

  • TAn ceart rochtain a bheith agat ar do Shonraí Pearsanta féin;

An ceart chun ceartúcháin

  • An ceart a iarraidh go ndéanfaí do Shonraí Pearsanta a cheartú agus/nó a scriosadh in imthosca áirithe;

An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ligfí i ndearmad”)

  • An gceart go ligfí i ndearmad in imthosca áirithe;

An ceart go gcuirfí srian le próiseáil

  • An ceart srian a chur leis an leas a bhaintear as do Shonraí Pearsanta in imthosca áirithe;

An ceart chun agóid a dhéanamh

  • An ceart chun agóid a dhéanamh maidir le próiseáil do chuid Sonraí Pearsanta;

An ceart chun iniomparthacht sonraí

  • An ceart na Sonraí Pearsanta ar chuir tú ar fáil dúinn iad a fháil i bhformáid ata struchtúrtha, a úsáidtear go minic agus atá inléite ag meaisín nó iallach a chur orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile, in imthosca áirithe.

Le cois na gcearta seo, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann (https://www.dataprotection.ie/docs/Contact-us/11.html), agus an ceart agat réiteach a lorg trí na Cúirteanna má theipeann orainn na caighdeáin chosanta sonraí riachtanacha a chomhlíonadh.

D’fhonn aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a chomhlíonadh, téigh i dteagmháil linn le do thoil ag dataprotection@water.ie.

Ní choinnímid do Shonraí Pearsanta níos faide ná mar is gá. Coinnímid do Shonraí Pearsanta chomh fada agus is gá dúinn é chun na gcuspóirí a ndéantar cur síos orthu san Fhógra Príobháideachais seo (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’Alt 3 (Nochtadh do Shonraí Pearsanta do thríú páirtithe)), nó chun aon ceanglas reachtúil is infheidhme a chomhlíonadh.

Forchoimeádaimid an ceart againn féin an Fógra Príobháideachais seo a athrú aon uair is mian linn gan dul i gcomhairle roimh ré. Postáiltear aon athruithe ar an bhFógra Príobháideachais seo ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann le go mbeidh tú i gcónaí ar an eolas faoi na Sonraí Pearsanta a bhailímid, conas a úsáidimid iad, agus cad iad na himthosca, más ann dóibh, ina nochtaimid iad. Más rud é go gcinnimid ag am ar bith Sonraí Pearsanta a úsáid ar bhealach gur mór idir é agus an úsáid a luaitear san Fhógra

Má tá aon cheist agat faoin bhFógra Príobháideachais seo, is féidir an t-eolas thíos a úsáid chun teagmháil a dhéanamh linn:

Oifigeach Cosanta Sonraí
Uisce Éireann
Teach Colvill
24-26 Sráid Thalbóid
Baile Átha Cliath 1
dataprotection@water.ie

Tá sé de cheart agat gearán a chur isteach le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann.