Read what to do.

Works continue to drive down leakage with water mains replacement works set to begin in Bunbeg

24 March 2022

Tá sí mar sprioc ríthábhachtach ag Uisce Éireann teacht ar sholáthar uisce i nDún na nGall agus oibreacha le tosú ag Cé an Bhuna Bhig agus Coshclady, An Bun Beag sna laethanta atá romhainn amach. 

Agus iad ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, déanfaidh Uisce Éireann 700 méadar de sheanphríomhphíobáin uisce a athsholáthar ar an R258 Bóthar an Chuain agus ag Coshclady ar an mBun Beag, Co Dhún na nGall le píobáin nua, chomhaimseartha a dhéanfaidh líon na bpléascanna agus na mbristeacha uisce a mbíonn tionchar acu ar chustaiméirí a laghdú.

Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhphíobán uisce poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí.

Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a laghdú. Beidh bainistiú sealadach tráchta i bhfeidhm chun soláthar sábháilte na n-oibreacha seo a éascú, leanfar ar aghaidh leis an rochtain áitiúil agus éigeandála áfach. 

D’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar sholáthairtí ar bhonn gearrthéarmach de bharr na n-oibreacha seo, agus tuigimid go gcruthódh sé seo trioblóid áirithe. Cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uaire an chloig ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe. Tá aiféala ar Uisce Éireann agus ar Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi thrioblóid ar bith a thiocfaidh chun cinn de bharr na n-oibreacha athsholáthair seo.

Ag labhairt dó faoi na hoibreacha, dúirt Declan Cawley, Ceann Réigiúnach Chlár Laghdaithe Sceite Náisiúnta Uisce Éireann: “Trí athsholáthar a dhéanamh ar na seanphíobáin agus na píobáin achrannacha seo ar an mBun Beag, laghdófar líon an uisce a chaillfear de bharr ligin agus cuirfear feabhas iomlán ar cháilíocht an uisce don phobal áitiúil. D’fhéadfadh bainistiú sealadach tráchta a bheith i bhfeidhm chun soláthar sábháilte na n-uasghráduithe seo a éascú, ach coimeádfar rochtain áitiúil agus éigeandála i bhfeidhm i gcónaí áfach. Tuigimid go bhféadfadh trioblóid a bheith ag baint leis na hoibreacha seo, ach déanfaidh ár gcriúnna gach iarracht an cur isteach ar phobail áitiúla a íoslaghdú agus feabhas á chur againn ar sholáthar an uisce i nDún na nGall agus An Clár Laghdaithe Sceite a chur chun cinn againn go leanúnach.

Is é Farrans Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go gcuirfear i gcrích iad faoi mhí an Mheithimh. 

Is sampla amháin den obair atá á déanamh againn i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall é an tionscadal sin chun ligin a laghdú gach lá. Bíonn castacht ag baint le ligin a dheisiú uaireanta, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Sa bhliain 2018, ba é 46% an ráta sceite náisiúnta, faoi dheireadh na bliana 2021 bhí sé íslithe go dtí 38%. Táimid ag súil go n-éireoidh linn ráta sceite náisiúnta de 32% a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2024. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar leathanach ár gClár Laghdaithe Sceite.

Tá líne chúram custaiméirí Uisce Éireann ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí a bhfuil ceisteanna ar bith acu dul i dteagmháil linn ar Twitter @IWCare. Le haghaidh nuashonruithe tabhair cuairt le bhur dtoil ar an roinn Nuashonruithe Soláthair Uisce ar shuíomh idirlín Uisce Éireann.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint.

Securing the water supply in Donegal remains a vital focus for Uisce Éireann with works due to begin at Bunbeg Pier and Coshclady, Bunbeg in the coming days. 

Working in partnership with Donegal County Council, Uisce Éireann will replace over 700 metres of old water mains along the R258 Harbour Road and at Coshclady in Bunbeg, Co Donegal with new, modern pipes which will reduce the number of bursts and water outages impacting customers.

The works will also involve laying new water service connections from the public water main in the road to the front of the customers’ property boundaries and connecting it to the customer’s water supply.

To minimise the impact on customers, areas of work will be limited to short sections. To facilitate the safe delivery of these works, temporary traffic management will be in place however, local and emergency access will be maintained. 

The works may involve some short-term supply interruptions which we understand may cause inconvenience. The project team will ensure that customers are given a minimum of 48 hours’ notice prior to any planned water interruptions. Uisce Éireann and Donegal County Council regret any inconvenience these improvement works may cause.

Speaking about the project Declan Cawley, Leakage Reduction Programme Regional Lead with Uisce Éireann said: “Replacing these old and problematic pipes in Bunbeg will reduce the amount of drinking water lost by leakage and will bring an all-round improvement in water quality for the local community. To facilitate the safe delivery of the upgrades, there may be some traffic management in place, however, local and emergency access will be maintained at all times. We understand that these works can be inconvenient, but our crews will make every effort to minimise disruption to local communities as we continue to improve the water supply in Donegal and progress the National Leakage Reduction Programme.”

The works will be carried out on behalf of Uisce Éireann by Farrans Construction and are expected to be completed in June. 

This project is one example of how Uisce Éireann is continuing to work in partnership with Donegal County Council to reduce leaks every day. Fixing leaks can be complicated but we are making progress. In 2018 the rate of leakage nationally was 46%, by the end of 2021 it was reduced to 38%. We are on track to achieve a national leakage rate of 32% by the end of 2024. For more information, please visit the National Leakage Reduction Programme section of our website.

The Uisce Éireann customer care helpline is open 24/7 on 1800 278 278 and customers can also contact us on Twitter @IWCare with any queries. For updates please visit the Supply and Service Updates section of our website.

Uisce Éireann is responsible for the delivery of all public water and wastewater services in Ireland. We are committed to continuously upgrading and developing critical infrastructure to support the growth needed in housing and across our economy, while protecting the environment and safeguarding water supplies.