Read what to do.

Work to commence in Falcarragh with improved water supply by October

18 August 2022

Tiocfaidh foirne Uisce Éireann chuig An Fál Carrach ag deireadh na míosa agus lena dteacht beidh dóchas ann go mbeidh bristeacha níos lú sa soláthar uisce. 

Déanfaidh an fhoireann níos mó ná 300 méadar de shean-phríomhlíonra uisce a athsholáthar feadh an L-11131, Bóthar an tSeanbhaile, rud a laghdóidh pléascthaí go suntasach agus soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil do mhuintir na háite nuair a chríochnófar na hoibreacha faoi mhí Dheireadh Fómhair.. 

Trí phíopaí nua a leagan síos mar chuid de Chlár Laghdaithe Sceite Náisiúnta Uisce Éireann laghdófar méid an uisce óil a chailltear faoi thalamh. 

Tá Ceannasaí Réigiúnach Líonraí Uisce Éireann Declan Cawley ag súil le hobair a thosú in iarthuaisceart Co. Dhún na nGall. 

Agus sinne ag obair le Comhairle Contae Dhún na Gall, tugaimid tús áite d’oibreacha laghdaithe sceite sna limistéir is mó a dteastaíonn siad uathu. Trí seanphíopaí a bhaint ón líonra uisce phoiblí ag an bhFál Carrach soláthrófar tairbhí móra don soláthar sa cheantar.

D’fhonn soláthar sábháilte an tionscadail a éascú, tá sé riachtanach an L11131 a dhúnadh idir L1113 agus L11132 ón Luan an 29ú Lúnasa go dtí an Aoine an 16ú Meán Fómhair. Cuirfear trácht ar mhalairt slí ach éascófar rochtain áitiúil agus éigeandála i rith an ama. 

D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide do chustaiméirí Uisce Éireann mar gheall ar na hoibreacha, ach cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uaire ar a laghad do chustaiméirí roimh bhristeacha ar bith sa soláthar uisce atá beartaithe.

Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach do chónaitheoirí áitiúla agus déanfaidh na foirne oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú. Gabhaimid ár mbuíochas leis an bpobal as a chomhoibriú leanúnach agus as a chuid foighne,” mhínigh Declan.  

Is é Farrans Construction a chuirfidh an tionscadal i gcrích thar ceann Uisce Éireann. 

Is féidir le custaiméirí ag a bhfuil ceisteanna faoin tionscadal glao a chur ar Uisce Éireann ar 1800 278 278 nó teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare. Le haghaidh nuashonruithe breise féach suíomh gréasáin Uisce Éireann.

Tá Uisce Éireann ag obair le húdaráis áitiúla ar fud na tíre chun sceitheadh a laghdú agus soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil do chustaiméirí.  Bíonn castacht ag baint le ligin a dheisiú uaireanta, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. In 2018, b’ionann an ráta sceite náisiúnta agus 46%, faoi dheireadh 2021 b’ionann é agus 38% agus anois tá an chuma ar an scéal go mbeidh ráta sceite náisiúnta 25% bainte amach againn faoi 2030.

Ón mbliain 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd An Clár Laghdaithe Sceite a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú againn gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Laghdaithe Sceite tabhair cuairt ar www.water.ie/reducingleaks

Uisce Éireann crews will arrive in Falcarragh at the end of the month and bring with them the promise of fewer water outages. 

The team will replace more than 300 metres of old water mains along the L-11131 Oldtown Road, which will significantly reduce bursts and give locals a more reliable water supply when works are completed by October.

Laying new pipes as part of Uisce Éireann’s National Leakage Reduction Programme will also reduce the amount of treated drinking water lost underground. 

Uisce Éireann’s Networks Regional Lead Declan Cawley is looking forward to starting work in northwest Co Donegal. 

Working with Donegal County Council, we prioritise leakage reduction works in the areas that need it most. Removing old pipes from the public water network in Falcarragh will have major benefits for the supply in the area.

To facilitate the safe delivery of the project, it’s necessary to close the L11131 between L1113 and L11132 from Monday, 29 August to Friday, 16 September. Traffic will be diverted but local and emergency access will be accommodated at all times. 

Uisce Éireann customers may experience some short-term interruptions to their water supply, but the project team will ensure that customers are given a minimum of 48 hours’ notice prior to any planned interruption.

We understand that this type of work can be inconvenient for local residents but work crews will make every effort to minimise any disruptions these necessary works cause. We thank the community for their continued co-operation and patience,” explained Declan.  

Farrans Construction will deliver the project on behalf of Uisce Éireann. 

Customers with questions about the project can call Uisce Éireann on 1800 278 278 or contact us on Twitter @IWCare. For further updates please see the Uisce Éireann website.

Uisce Éireann is working with local authorities across the country to reduce leakage and provide customers with a more reliable water supply.  Fixing leaks can be complicated but we are making progress. In 2018 the rate of leakage nationally was 46%, by the end of 2021 it was 38% and now we are on track to achieve a national leakage rate of 25% by the end of 2030.

Since 2018, Uisce Éireann has invested more than €500 million to upgrade the underground water network across the country through the delivery of the Leakage Reduction Programme. We are investing a further €250 million every year up to the end of 2030 - fixing leaks and replacing pipes to provide a more reliable water supply.

For more information, vist our National Leakage Reduction Programme page.