Ólachán, cócaireacht, níochán, folcadh – is iomaí dóigh a n-úsáidimid uisce. Glacaimid amhuisce agus cuirimid faoi phróiseas casta cóireála é le gur féidir leat é a úsáid go sábháilte gach lá.
Bímid i mbun oibre i gcónaí chun do sheirbhísí uisce agus fuíolluisce a fheabhsú. Amharc ar ár léarscáil thíos chun na nuashonruithe seirbhíse agus soláthair uisce is déanaí atá á ndéanamh againn i do cheantar a fheiceáil.
Tá an t-ádh orainn in Éirinn go bhfuil foinsí sábháilte iontaofa fíor-amhuisce againn ar féidir linn é a chóireáil agus a úsáid mar uisce óil. Tá roinnt mhaith tosca difriúla ann a fhéadann dul i gcion ar cháilíocht ár n-uisce, áfach. Sa rannán seo, is féidir leat rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi cháilíocht an uisce óil i do cheantar.
Is é aidhm na scéime um Chéad Deisiú in Aisce an méid uisce a chuirtear amú trí ligean ar réadmhaoine custaiméirí a laghdú. Bíonn breis agus 39 milliún lítear uisce á sábháil againn gach lá ó dheisiú breis agus 9,000 ligean i leith.
Tá uisce ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn. Tá tionchar mór imeartha aige orthu seo: ár dtírdhreach a mhúnlú, láthair ár gcathracha a chinneadh, ár sláinte a chosaint agus ár bhforbairt gheilleagrach in Éirinn a spreagadh. Tá líonra uisce na hÉireann ag freastal go measartha maith orainn le fada an lá ach tá dúshláin mhóra roimhe anois.