Read what to do.

Ráiteas Inrochtaineachta

Glacaimid bearta chun a chinntiú go mbíonn ar suíomh éasca le húsáid do chách. Foghlaim níos mó faoinár ngnéithe inrochtaineachta agus faoi na caighdeáin a chomhlíonaimid.

Táimid tiomanta dár suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana. Is é an cuspóir atá againn eispéireas so-úsáidte a chruthú do gach cuairteoir ar an suíomh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Chun ár suíomh a dhéanamh inrochtana, tá na bearta a leanas á nglacadh againn:

  • Caighdeáin reatha inrochtaineachta a chomhlíonadh
  • Gnéithe nua a thabhairt isteach trína dtacaítear le húsáideoirí faoi mhíchumas
  • Iniúchadh rialta a dhéanamh ar ár suíomh chun ábhar dorochtana a réiteach
  • Oiliúint a chur ar ár bhfoireann maidir le tábhacht na hinrochtaineachta
  • Foireann tacaíochta bhreise a cheapadh dóibh siúd óna bhfuil sí ag teastáil

Caighdeáin Inrochtaineachta

Lenár suíomh gréasáin comhlíontar agus coimeádtar Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhair Ghréasáin (WCAG). Tá trí leibhéal comhlíontachta i gceist le WCAG: Leibhéal A, Leibhéal AA agus Leibhéal AAA. Mar íosmhéid, forbraíodh na leathanaigh uile ar ár suíomh chun cloí le comhlíontacht Leibhéal AA. Cloíonn an suíomh gréasáin leis na treoirlínte a leanas freisin:

  • comhlíontar seicphointí thosaíocht 1 agus thosaíocht 2 uile
  • tá na leathanaigh uile bailíochtaithe mar XHTML 1.0 Strict

Bearta agus gnéithe inrochtaineachta

Cuireadh roinnt gnéithe i bhfeidhm chun inrochtaineacht a chinntiú. Áirítear leis na gnéithe sin:

Méid an téacs

Cinntímid nach mbíonn ár méideanna téacs róbheag agus go mbíonn siad éasca le léamh. Ach tá méid an téacs inchoigeartaithe ar fud an tsuímh, áfach. Bainimid úsáid as méideanna cló choibhneasta ionas go mbíonn sé éasca chun an téacs a mhéadú do dhaoine lagamhairc.

Is féidir an téacs a mhéadú nó a laghdú freisin agus socruithe brabhsála á n-úsáid:

Chun méid an téacs i Windows Internet Explorer a mhéadú roghnaigh: Amharc > Méid an Téacs > Níos Mó/Téacs Is Mó

Ligtear duit le Internet Explorer freisin zúmáil isteach ar leathanach gréasáin ag baint úsáid as: CTRL & + nó CTRL &

Chun méid an téacs a mhéadú i Firefox Opera agus Netscape roghnaigh: Amharc > Zúmáil > Zúmáil Isteach/Zúmáil Amach

Bileoga cascáideacha

Tá Stílbhileoga Cascáideacha (CSS) á n-úsáid againn maidir le leagan amach agus formáidiú amhairc Mura dtacaítear leis an socrú sin ar do bhrabhsálaí nó más mian leat é a chasadh as, tá na leathanaigh uile fós inléite agus éasca le húsáid. Cuirimid stílbhileog phriontála ar fáil freisin ionas nach gcuirtear ach faisnéis phriontála san áireamh san aschur.

Struchtúr na leathanach

Bainimid úsáid as clibeanna ceannteidil (h1, h2, h3) chun struchtúr iomasach a thabhairt dár leathanaigh. Leis sin, bíonn sé níos éasca ábhar tosaíochta a thuiscint agus cuidítear le faisnéis a scaradh.

Inléiteacht

Nuair is féidir, scríobhaimid i dteanga shimplí atá éasca le tuiscint. Déanaimid monatóireacht ar ár leibhéil léimh chun faisnéis thábhachtach a choinneáil inrochtana do chách.

Roghanna téacs eile

Cuirimid roghanna téacs eile ar fáil do mheáin chun tacú le daoine lagéisteachta nó lagamhairc Áirítear leis na roghanna téacs eile:

  • foscríbhinní do chomhaid físe agus fuaime
  • roghanna téacs eile d’íomhánna
  • roghanna téacs eile d’fhíseáin

Eochracha rochtana

Le heochracha rochtana cuidítear le daoine faoi mhíchumas luaile bogadh tríd an suíomh le haicearraí méarchláir. Tacaítear le húsáid aicearraí méarchláir ar ár leathanaigh uile.

  • Internet Explorer: ALT + [Eochair rochtana]...ansin Brúigh Iontráil
  • Firefox: ALT + SHIFT + [Eochair rochtana]
  • Google Chrome: ALT + [Eochair rochtana]

  • Google Chrome: CTRL + ALT + [Eochair rochtana]
  • Safari: CTRL + ALT + [Eochair rochtana]
  • Opera: CTRL + ALT + [Eochair rochtana]
  • Firefox: CTRL + ALT + [Eochair rochtana]

Bí ar an eolas go bhféadfadh na feidhmeochracha ar an méarchlár a bheith difriúil maidir le héagsúlacht de bhrabhsálaithe eile.

Tacaíocht le lagéisteacht

Bainimid úsáid as Seirbhís Athsheachadta Téacs na hÉireann (ITRS) chun tacú le daoine lagéisteachta. Leis an tseirbhís sin aistrítear téacs go guth agus aistrítear guth go téacs. Le ITRS cuidítear le daoine lagéisteachta glaonna a chur ar ár bhfoireann seirbhíse custaiméirí.

Chun an tseirbhís sin a úsáid, diailigh 1800 378 378 .

Is féidir le húsáideoirí Minicom an tseirbhís sin a rochtain go fóill leis an uimhir atá liostaithe thuas.

Teorainneacha

D’ainneoin ár n-iarrachtaí is fearr chun monatóireacht a dhéanamh ar inrochtaineacht, tá roinnt teorainneacha fós i gceist leis an suíomh. Áirítear leis na teorainneacha sin:

  • úsáid clónna aonleithid ar leathanaigh áirithe
  • airdí líne fhosaithe ar leathanaigh áirithe
  • téacs lomtha ar leathanaigh áirithe

Má fheiceann tú fadhbanna ar bith, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn. Bímid ag cuardach dóigheanna i gcónaí chun ár suíomh gréasáin a dhéanamh níos inrochtana.

Aiseolas agus tacaíocht

Táimid anseo chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh siúd óna bhféadfadh sí bheith ag teastáil. Tá Oifigeach Rochtana tiomnaithe againn atá in ann cúnamh nó treoir a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas.

Má tá cabhair de dhíth ort nó más mian leat aiseolas a thabhairt maidir le hinrochtaineacht ár suímh ghréasáin, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana.