Agus an bosca méadair á shuiteáil, rud a d'fhéadfadh suas le dhá uair an chloig a thógáil, cuirfear isteach ar do sholáthar uisce ó am go chéile.

A fhad agus a bheidh do sholáthar uisce casta as, tabhair aird ar an méid seo a leanas le do thoil:

• Ná húsáid an sconna uisce fhuair sa chistin ná sconna ar bith eile a thugann uisce go díreach ón bpríomhphíopa, mar má dhéantar amhlaidh d'fhéadfadh an doirteal dul thar maoil má bhíonn an sconna fágtha air nuair a bheidh an soláthar uisce ar ais.
• Ná húsáid fearais tí cosúil le hinnill níocháin agus miasniteoirí, a bhíonn ag brath ar sholáthar leanúnach uisce.
• Ná húsáid gléasanna eile a dteastaíonn brú uisce príomhphíopa lena n-aghaidh.
• Mar is gnách, ná hól deoch uisce as an sconna te.

Nuair a bheidh do sholáthar uisce casta as, de ghnáth* is féidir leat:

• Sconnaí eile uisce fhuair nó uisce the a úsáid ar an ngnáthbhealach, .i. sconna seomra folctha chun do lámha a níochán.**
• An leithreas a shruthlú.
Nuair a bheidh an méadar suiteáilte agus an soláthar uisce ar ais, cas air an sconna fuar sa chistin ar feadh cúpla nóiméad chun a chinntiú go mbeidh aon iarmhar glanta as.

*Tabhair faoi deara nach mar an gcéanna gach córas pluiméireachta.

**Tabhair faoi deara nár cheart ach uisce a thagann ó sconna uisce fhuair atá ceangailte leis an bpríomhphíopa a úsáid le haghaidh óil. Níl uisce as an sconna te oiriúnach lena ól.
 

Back to the top