Táillí mura bhfuil méadar uisce agat:
Soláthar uisce teaghlaigh agus seirbhísí fuíolluisce Soláthar uisce nó seirbhísí fuíolluisce
1 duine fásta €160 sa bhliain €80 sa bhliain
2+ duine fásta €260 sa bhliain €130 sa bhliain
An táille má tá méadar uisce agat:
Bunaítear táillí méadraithe ar an méid uisce a chuirtear ar fáil duit. Tomhaistear an soláthar uisce i m3 (1 m3 = 1 mhéadar ciúbach = 1,000 lítear).
Uisce curtha ar fáil: €1.85 per m3 (1,000 lítear)
Fuíolluisce tugtha ar shiúl: €1.85 per m3 (1,000 lítear)
Má tá méadar uisce agat ní íocfaidh tú níos mó ná €160 de mhuirear caidhpeáilte i gcás teaghlach aon duine fásta agus €260 i gcás teaghlach ina bhfuil níos mó ná duine fásta amháin. Má chaomhnaíonn tú an t-uisce, seans nach n-íocfaidh tú an oiread sin.
An táille i gcás áiteanna cónaithe nach mbíonn áitithe i gcónaí:
I gcás réadmhaoine teaghlaigh nach mbíonn áitithe i gcónaí, gearrfar an muirear do thithe nach mbíonn in úsáid i gcónaí.
Deontas caomhnaithe uisce:
Íocfar €100 de dheontas caomhnaithe uisce gach bliain le custaiméirí a dhéanann iarratas chuig Uisce Éireann maidir leis an bpríomháit chónaithe. An Roinn Coimirce Sóisialai a íocfaidh an deontas leat.
Contact or call us on 1850 448 448