Ríomhphoist chalaoiseacha seolta chuig custaiméirí Uisce Éireann

Táimid curtha ar an eolas go bhfuil cuid dár gcustaiméirí ag fáil ríomhphost fioscaireachta calaoiseacha / gan iarraidh.  Is éard is ríomhphost fioscaireachta ann ná ríomhphost  a ligeann air bheith dlisteanach d’fhonn eolas pearsanta a fháil. Ag seo roinnt leideanna cabhraitheacha faoin rud is ceart duit a dhéanamh má fhaigheann tú ceann de na ríomhphoist seo.

An chaoi le leathanach oifigiúil de chuid Uisce Éireann a shainaithint

Tá na leathanaigh go léir ar www.water.ie criptithe. You can verify that the page address you are visiting is using https:// and look for the padlock icon in your browser.

Leis an íomhá glais fraincín taispeánfar tuilleadh eolais i dtaobh an naisc a bhfuil tú ag baint úsáide as chun amharc ar an suíomh idirlín agus déanfar deimhin de go bhfuil an nasc slán.  

Cliceáil ar an íomhá glais fraincín agus taispeánfar eolas i dtaobh an naisc leis an suíomh idirlín agat

An chaoi le ríomhphost fioscaireachta a shainaithint

Ná bíodh muinín agat as an ainm taispeána: Beart coitianta fioscaireachta é ainm cuideachta eile a úsáid in ainm taispeána ríomhphoist, i.e. an chuma a chur air gur ó Uisce Éireann a tháinig sé. Bíonn cuma dhlisteanach ar an ríomhphost calaoiseach seo, nuair a sheachadtar é, de bhrí nach léiríonn formhór na mboscaí isteach úsáideora ach an t-ainm taispeána agus é sin amháin.  Ná bíodh muinín uathoibríoch agat as an ainm taispeána ach, ina ionad sin, seiceáil an seoladh ríomhphoist atá á úsáid agus má bhíonn cuma amhrasach air, scrios an ríomhphost láithreach.

Amharc ach NÁ cliceáil: Ainligh an luchóg os cionn nasc ar bith atá san áireamh i gcorp an ríomhphoist.  Má bhíonn cuma neamhghnách ar sheoladh an naisc, NÁ cliceáil air. Más mian leat logáil isteach i do chuntas ar líne, clóscríobh seoladh an tsuímh idirlín go díreach isteach sa bharra seoltaí ach NÁ cliceáil ar an nasc ó ríomhphost gan iarraidh.

Ná tabhair amach aon eolas pearsanta: ní iarrfaidh Uisce Éireann eolas pearsanta ná airgeadais ort tríd an ríomhphost riamh. Má bhíonn eolas dá leithéid á iarraidh i ríomhphost is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil fioscaireachta é.

Samplaí de ríomhphoist fioscaireachta

Íomhá 1

  • Ní iarrfaidh Uisce Éireann ar úsáideoirí riamh 'perform annual maintenance'
  • Ní dhéanann Uisce Éireann aisíocaíochtaí cánach
  • Tá dhá bhotún litrithe in 'eligib! e' agus 'informat! ion'

Íomhá 2

  • Ní ó Uisce Éireann an seoladh ríomhphoist
  • Ní iarrfaidh Uisce Éireann ar úsáideoirí riamh 'perform annual maintenance'

Íomhá 3

  • Ní iarrfaidh Uisce Éireann ar úsáideoirí riamh 'download bill attached'

Má tá tuilleadh eolais uait nó má theastaíonn uait é seo a phlé a thuilleadh, déan teagmháil linn le do thoil ag 1850 448 448.

Back to the top