Read what to do.

Athsholáthar an phríomhlíonra uisce in Inis Oírr / Inis Oírr Water Mains Replacement

An Clár Laghdaithe Sceite / National Leakage Reduction Programme

Tá Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe, ag athsholáthar an phríomhlíonra uisce lena baineann fadhbanna agus atá ag dul in aois ar Inis Oírr chun soláthar uisce níos iontaofa a sholáthar agus chun ardleibhéil sceite a laghdú.

Uisce Éireann, in partnership with Galway County Council, has replaced ageing, problematic water mains in Inis Oírr to provide a more reliable water supply and reduce high levels of leakage.

Location
Galway
Status
Completed
Type
Leakage Reduction

Sonraí faoin tionscadal

Áirítear leis na hoibreacha píobáin nua chomhaimseartha a chur in ionad beagnach 1km de shean-phríomhlíonra uisce lena mbaineann fadhbanna.. Tosóidh an clár chun an príomhlíonra uisce ar Inis Oírr a athsholáthar ag deireadh Aibreán 2022. Tá na hoibreacha sin á gcur chun feidhme mar chuid de Chlár Laghdaithe Sceite Náisiúnta Uisce Éireann.

Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. Nuair a bhíonn na naisc seirbhíse reatha ar thaobh an phobail déanta de luaidhe, athsholáthrófar iad sin mar chuid den obair feabhsúcháin sin.

Is é Farrans Construction Ltd a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go gcuirfear i gcrích iad i Mí Iúil 2022.

Details of the project

The works involved the replacement of almost 1km of aged problematic water mains with new modern pipes. The programme to replace the water mains in Inis Oírr commenced at the end of April 2022. These works were carried out as part of Uisce Éireann’s National Leakage Reduction Programme.

The works also involved laying new water service connections from the public water main in the road to customers’ property boundaries and connecting it to the customers’ water supply. Where the existing service connections on the public side are lead these were replaced as part of this improvement work.

The works were carried out on behalf of Uisce Éireann by Farrans Construction.

Cad iad tairbhí na n-oibreacha?

Áirítear na nithe a leanas le tairbhí na n-oibreacha laghdaithe sceite:

  • Soláthar Uisce Iontaofa –Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse laghdófar na teagmhais de phíopaí pléasctha agus de bhristeacha sa soláthar uisce agus cinnteofar soláthar níos iontaofa uisce do chustaiméirí agus do ghnólachtaí áitiúla sa cheantar.
  • Ligin Laghdaithe – Trí athsholáthar an phríomhlíonra uisce agus na naisc seirbhíse cuirfear deireadh leis na ligin atá ann agus laghdófar méid an uisce óil a chailltear sa talamh.
  • Oibriú Feabhsaithe agus Cothabháil Fheabhsaithe – Soláthrófar coigilteas costais leis na hoibreacha sin trí oibriú feabhsaithe an líonra uisce óna dteastóidh cothabháil níos lú sa todhchaí.

What are the benefits of the works?

The benefits of the leakage reduction works include:

  • A Reliable Water Supply – Replacement of water mains and service connections will reduce the instances of bursts and water outages and will ensure a reliable supply of water to customers and local businesses in the area.
  • Reduced Leaks – Replacement of water mains and service connections will eliminate existing leaks and reduce the amount of clean drinking water lost into the ground.
  • Improved Operation and Maintenance – These works will deliver cost savings by providing improved water network operation that will require less maintenance in the future.

An rachaidh na hoibreacha i bhfeidhm ar chustaiméirí?

Déanfar limistéir na hoibre a theorannú do chodanna gairide d’fhonn an iarmhairt ar chustaiméirí a íoslaghdú. D’fhonn na hoibreacha a chur i gcrích ar bhonn sábháilte dúnfar bóthar, agus déanfar trácht áitiúil a atreorú feadh bóithre áitiúla, de réir mar a rachaidh na hoibreacha ar aghaidh. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí.

D’fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uaire ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe.

Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith mí-oiriúnach agus déanfaidh na buíonta oibreacha a seacht ndícheall chun aon chur isteach mar thoradh ar na hoibreacha riachtanacha sin a íoslaghdú.

Will customers be affected by the works?

Areas of work will be limited to short sections to minimise impact on customers. For the safe delivery of works, there will be a road closure, with local traffic diverted along local roads, as works progress. Local and emergency traffic will always be maintained.

The works may involve some short-term water interruptions and the project team will ensure that customers are given a minimum of 48 hours’ notice prior to any planned water interruptions.

We understand that this type of work can be inconvenient and works crews will make every effort to minimise any disruption these necessary works cause.