Read what to do.

Works to be delivered for Donegal village ahead of December date

26 October 2022

Ní bheidh an bhliain seo thart sula ndéanfaidh Uisce Éireann 850 méadar de phríomhphíobán uisce, atá soghabhálach i leith pléascthaí, a athsholáthair do mhuintir an Luinnigh.

I gceann cúpla lá beidh foirne Uisce Éireann ar an láthair feadh stráice den bhóthar áitiúil, an L5363, chun sean-phíbobair a bhaint.

Mar chuid den Chlár Náisiúnta um Laghdú Ligin, tá ligean laghdaithe ag Uisce Éireann ar fud na tíre ó 46% in 2018 go 38% anuraidh agus cuideoidh an obair seo, atá an-ghar don Aigéan Atlantach, le ráta ligin náisiúnta de 25% a bhaint amach faoi dheireadh 2030.

Ach beidh muintir na háite sa Luinnigh sásta a chloisteáil go gcuirfear píbobair úr in ionad a sean-phíboibre iontaofa sula dtiocfaidh mí na Nollag isteach, rud a chuirfidh deireadh leis na pléascthaí a bhíonn an ó am go ham.

Tá a fhios againn an mhíchaoithiúlacht a bhíonn ann mar gheall ar phléascthaí agus ar chur isteach gan choinne ar thithe agus ar ghnólachtaí agus trí shean-phríomhlíonra uisce mar seo a athsholáthar sa Luinnigh, beimid ag laghdú an seans go gcuirfí isteach ar sholáthar an phobail,” a mhínigh Ceannaire Réigiúnach Líonraí Uisce Éireann, Declan Cawley.

Leis na hoibreacha seo fosta laghdófar an méid uisce cóireáilte a chailltear faoin talamh agus sábhálfar acmhainn luachmhar,” a deir Declan.

Beidh gá le dúnadh bóthair ar an L5363 ón acomhal leis an R257 agus an L5373 ar feadh thréimhse na n-oibreacha ach tig le muintir na háite a bheith cinnte de go gcoinneofar an trácht éigeandála agus áitiúil i gcónaí.

B’fhéidir go mbeadh gá le cur isteach gearrthéarmach uaireanta ar an soláthar uisce chomh maith, ach tabharfar fógra 48 uair an chloig ar a laghad roimh aon bhriseadh beartaithe.

Thar ceann Uisce Éireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpobal áitiúil roimh ré as a bhfoighne agus a gcomhoibriú de réir mar a théann an tionscadal chun cinn. Is mó na buntáistí fadtéarmacha ná míchaoithiúlacht ghearrthéarmach ar bith,” arsa Declan.

Is féidir le custaiméirí ag a bhfuil ceisteanna faoin tionscadal glao a chur ar Uisce Éireann ar 1800 278 278 nó teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare. Le haghaidh nuashonruithe breise féach suíomh gréasáin Uisce Éireann.

Ón mbliain 2018, tá os cionn €500 milliún infheistithe ag Uisce Éireann chun nuashonrú a dhéanamh ar an líonra uisce faoi thalamh ar fud na tíre tríd an gClár Náisiúnta um Laghdú Ligin a sholáthar. Tá €250 milliún sa bhreis á infheistiú againn gach bliain go dtí deireadh na bliana 2030 - chun sceitheadh a dheisiú agus píopaí a athsholáthar chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil. Chun tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar ár gClár um Laghdú Ligin.

This year won’t be out before Uisce Éireann replaces 850 metres of water main, susceptible to bursts, for the people of Lunniagh.

Within days Uisce Éireann crews will be on site along a stretch of the local road, the L5363, to remove old pipework.

As part of the National Leakage Reduction Programme, Uisce Éireann has reduced leaks nationally from 46% in 2018 to 38% last year and this work, only a stone’s throw from the Atlantic Ocean, will help achieve a national leakage rate of 25% by the end of 2030.

Now locals in Lunniagh will be happy to hear that before December creeps in their unreliable pipeline will be replaced putting an end to sporadic bursts.

We know the inconvenience bursts and unplanned interruptions have on homes and businesses and by replacing old water mains like these in Lunniagh, we are reducing the possibility of disruptions to the community’s supply,” explained Uisce Éireann’s Networks Regional Lead Declan Cawley.

These works also reduce the amount of treated water being lost underground and save a valuable resource,” added Declan.

A road closure on the L5363 from the junction with the R257 and the L5373 is required for the duration of the works but locals can be assured that emergency and local traffic will be maintained at all times.

Some short-term interruptions to the water supply may also be required, but a minimum of 48 hours’ notice will be given prior to any planned outages.

On behalf of Uisce Éireann, I’d like to thank the local community in advance for their patience and cooperation as the project progresses. The long-term benefits will outweigh any short-term inconvenience,” said Declan.

Customers with questions about the project can call Uisce Éireann on 1800 278 278 or contact us on Twitter @IWCare. For further updates please see the Uisce Éireann website.

Since 2018, Uisce Éireann has invested more than €500 million to upgrade the underground water network across the country through the delivery of the National Leakage Reduction Programme. We are investing a further €250 million every year up to the end of 2030 - fixing leaks and replacing pipes to provide a more reliable water supply. For more information, visit our National Leakage Reduction Programme page.