Tá Uisce Éireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall ag bualadh le Teachtaí Dála agus Comhairleoirí Contae inniu chun eolas a roinnt leo maidir leis an scéim nuálach fuíolluisce atá beartaithe do Ghaoth Dobhair.

Tá córas aimsithe ag Uisce Éireann, córas atá tar éis a bheith in úsáid i roinnt tíortha eile, chun dul i ngleic le fadhbanna fuíolluisce an cheantair agus a chomhlíonann treoir Chóireáil um Fuíolluisce Uirbigh.

Tar éis tabhairt faoi taighde chuimsitheach sa cheantar, creideann Uisce Éireann nach n-oibreódh an gnáth cur chuige ó thaobh ionaid córála fuíolluisce mar gheall ar choinníollacha áirithe sa dromcla agus an dóigh ina bhfuil na tithe scartha amach óna chéile sa cheantar.

Tar éis do Uisce Éireann gach rogha a scrúdú go mion, tá sé beartaithe córas fuíoll-bhrú uisce a suiteáil san áit ina bhfuil an córas i láthair na huaire agus an córas sin a uasdhátú. Ciallaíonn an t-uasghrádú seo go mbeifear in ann gach teach agus gnó a cheangal leis an gcóras seo cibé áit a bhfuil siad lonnaithe.

Agus é ag caint inniu ag an seisiúin eolais, dúirt Mark O'Callaghan atá ina Chinnire Inbhuanaitheacht agus Nuálachas in Uisce Éireann go bhfuil "Gaoth Dobhair aitheanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh ar cheann do na háiteacha nach bhfuil ag comhlíonadh riachtanais maidir le bailiú agus cóiriú fuíolluisce mar is ceart." Deir sé go bhfuil an cur chuige fíor-dhúshlánach go teicniciúil agus ó thaobh costais dhe mar gheall ar an dóigh atá na tithe chomh scartha amach óna chéile agus ag cuir cúrsaí topagrafaíochta san áireamh freisin.

D'oibrigh Uisce Éireann leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtas Áitiúil chun an réiteach is fearr don phobal a aimsiú.

Ina theannta seo a deir an t-Uasal O'Callaghan, "is féidir an córas seo a mhéadú amach sa todhchaí más gá chun freastal a dhéanamh ar mhéadaithe pobail nó forbairtí eacnamaíochta."

Chun tús a chuir leis an gcóras, agus le comhoibriú ón bpobal áitiúil, cuirfidh Uisce Éireann idir scór agus 30 teach ar líonra an chórais ar feadh 8-12 mí ionas go bhfeicfidh muintir na háite agus Uisce Éireann an córas ag oibriú go praicticiúil. Déanfadh Uisce Éireann leathnú amach ar an scéim ina dhiaidh sin agus gach a bheidh le foghlaim sa gcéad thrémhse ag dul chun sochair don chóras iomlán ina dhiaidh sin.

Beidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag bualadh le muintir na háite agus grúpaí i dteagmháil le muintir na háite agus grúpaí ionadaíoch chun an plean a phlé agus ceist ar bith a fhreagairt.

Donegal

Back to the top