15 May 2017 Go back to News
Ba mhaith Uisce Éireann, atá ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall a mbuíochas a chuir in iúl do mhuintir phobal Ghaoth Dobhair a tháinig chuig an lá eolais a bhí ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair Dé Máirt seo caite.
D’fhreastal suas le 200 duine ar an ócáid a bhí eagraithe chun an pobal a chuir ar an eolas faoin scéim séarachas nuálach atá beartaithe ag an bhfóntas náisiúnta don cheantar.
Ba mhaith le Uisce Éireann freisin a mbuíochas a chuir in iúl dona h-ionadaithe tofa agus an comharchumann áitiúil a léirigh tacacíocht do phleananna an fhóntais.
Tá córas aimsithe ag Uisce Éireann, córas atá tar éis a bheith in úsáid i roinnt tíortha eile timpeall na cruinne, chun dul i ngleic le fadhbanna fuíolluisce an cheantair agus a chomhlíonann treoir Chóireáil um Fuíolluisce Uirbigh.
Tar éis tabhairt faoi thaighde cuimsitheach sa cheantar, creideann Uisce Éireann nach n-oibreódh an gnáth cur chuige ó thaobh scéimeann séarachais mar gheall ar choinníollacha áirithe dromcla agus an dóigh ina bhfuil na tithe scartha amach óna chéile sa cheantar.
Tar éis do Uisce Éireann gach rogha a scrúdú go mion, tá sé beartaithe córas fuíoll-bhrú uisce a suiteáil agus an t-ionad chóireála a uasdhátú fosta. Ciallaíonn an t-uasghrádú seo go mbeifear in ann gach teach agus gnó a cheangal leis an gcóras seo cibé áit a bhfuil siad lonnaithe.
Dár le Mark O'Callaghan atá ina Chinnire Inbhuanaitheachta agus Nuálachas in Uisce Éireann “ón lá gur casadh orainn na h-ionadaithe tofa agus baill ón gcomharchumann áitiúil, is léir go raibh siad ar bís faoin tionscadal seo. Bhí sé ráite le muintir an cheantar seo go raibh scéimeanna áirithe ag teacht leis na cianta go mion minic agus tá muid féin agus Comhairle Contae Dhún na nGall rímeádach go mbeidh muid ag soláthar scéim séarachais sa deireadh thiar thall don cheantar. Bhí slua breá i láthair Dé Máirt. Theastaigh ón bpobal na pleananna don cheantar a fheiceáil lena súile féin agus beidh tionchar an-dearfach ag an tionscadal seo ar phobal Ghaoth Dobhair”
Chuir sé leis an méid sin ag rá go bhfuil “an ábaltacht ag an gcóras seo méadú amach chun freastal a dhéanamh ar fás daonra nó nascanna breise gnólachtaí más gá. Tacaíonn sé sin le fás ar bith a thagann chomh maith le cinntiú go bhfuil caighdeán agus cáilíocht uisce i mBa Ghaoth Dobhair cosanta agus feabhsaithe”.
Chun tús a chuir leis an gcóras, agus le comhoibriú ón bpobal áitiúil, cuirfidh Uisce Éireann idir scór agus 30 teach ar líonra an chórais ar feadh 8-12 mí ionas go bhfeicfidh muintir na háite agus Uisce Éireann an córas ag oibriú ar bhun praicticiúil de. Déanfadh Uisce Éireann leathnú amach ar an scéim ina dhiaidh sin agus gach a bheidh le foghlaim sa gcéad thrémhse ag dul chun sochair don chóras iomlán ina dhiaidh sin.