Read what to do.

Tá deireadh láithreach bonn leis an srianadh ar úsáid uisce is t’oíche ar Inis Oírr

09 November 2023

Is mian le hUisce Éireann agus le Comhairle Contae na Gaillimhe custaiméirí ar Inis Oírr a chur ar an eolas go bhfuil deireadh láithreach bonn leis an srianadh ar úsáid uisce ón soláthar uisce phoiblí is t’oíche,

Bhí srianadh uisce i bhfeidhm ar an oileán gach uile oíche ó 11pm go 7am agus cuireadh an srianadh i bhfeidhm d’fhonn an méid beag uisce ar an Oileán a chaomhnú.

Dúirt Justin Doran ó Uisce Éireann ‘Bhí gá leis an srianadh uisce thar mhíonna an t-samhraidh chun a chinntiú go mbeadh soláthar uisce ar fáil, gan teip, gach uile lá chun freastal ar riachtanais phobal Inis Oírr agus ghnónna na háite. Méadaíodh soláthairtí uisce go mór trí uisce a thabhairt i dtír chuig Inis Oírr ó Ros an Mhíl le roinnt míonna anuas. Tá borradh ar an taisce uisce ar fáil ar an Oileán arís agus i láthair na huaire tá go leor uisce ann chun soláthar gan teip a chur ar fáil ar feadh thréimhse an gheimhridh. Leanfaidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe ar aghaidh le monatóireacht agus cothú an t-soláthair dár gcustaiméirí ar Inis Oírr.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le pobal Inis Oírr, le gnónna na háite agus le cuairteoirí chuig an oileán as a n-iarrachtaí an t-uisce a chaomhnú fad is a bhí an t-srianadh i bhfeidhm.

Tá eolas chun dáta ár fáil ag Water Supply Updates ar www.water.ie ar X (Twitter mar a bhí) @IWCare agus tríd an líne chabhrach do chustaiméirí a bhíonn ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278.

Tá fáilte roimh chustaiméirí gnó clárú le téacs-seirbhís Uisce Éireann agus seolfar eolas maidir le haon chur isteach ar sholáthar uisce a mhairfidh breis agus ceithre uair an chloig ag www.water.ie/business-updates. Más mian leat clárú mar chustaiméir leochaileach nó chun téagmháil a dhéanamh féach www.water.ie/vulnerablecustomer.  

Tá Uisce Éireann freagrach as uisce óil phoiblí agus seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil do Mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do leas pobal a dhéanamh trí uasghádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar a thacóidh le fás agus le forbairt inbhunaithe, de bhreis ar sin táimid tiomanta d’uisce óil sábháilte a sholáthar agus táimid tiomanta do leas na timpeallachta a dhéanamh.

Nuashonruithe roimhe seo

Ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe, tá Uisce Éireann ag moladh do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí in Inis Oírr uisce a chaomhnú de bharr titim ar an leibhéal uisce sa taiscumar. Beidh na srianta i bhfeidhm chuile oíche ón 11 go dtí an 7 ón 31 Bealtaine.  

Deir Eoin Hughes, Uisce Éireann go bhfuil;

Na srianta seo a bheas i bhfeidhm i rith na hoíche an-tábhachtach chun an gnáth sholáthar a chinntiú i rith an lae. Tá am na srianta uisce curtha i bhfeidhm mar atá ionas gur mbeidh éifeacht a bheag acu ar mhuintir an oileán. Tá muid ag impí ar phobal Inis Oírr a bheith ciallmhar agus iad ag úsáid a gcuid uisce óil. Is féidir 6 lítear uisce sa nóiméad a shábháil má chasann tú as an sconna agus tú ag níochán do chuid fiacla. Moltaí beaga praicticiúla mar sin atá muid ag moladh do dhaoine a ghlacadh san áireamh. Tá breis eolais ar an suíomh www.water.ie maidir le caomhnú uisce.”

Ba mhaith le hUisce Éireann agus le Comhairle Contae na Gaillimhe leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht agus ba mhaith leo buíochas a ghabháil leis an bpobal roimh ré as ucht a gcomhair. Coinneofar daoine ar an eolas faoi na leibhéil stórála uisce sna taiscumair agus tabharfar fógra do thomhaltóirí nuair a bheidh siad in ann filleadh ar a gcuid uisce a úsáid ar an ngnáthbhealach. 

Na Príomhleideanna a mholann Uisce Éireann maidir le caomhnú uisce:

  • Saor ó ligean: Seiceáil an bhfuil do theach saor ó ligean. Seiceáil an bhfuil aon róshreabhadh ann agus deisigh aon sconnaí, sistéil nó píobáin atá ag sileadh.
  • Ná fág an sconna ag rith: Má scuabann tú do chuid fiacla agus an sconna ag rith, úsáidfidh tú suas le 6 lítear in aghaidh an nóiméid - is méid uafásach é sin. Ní úsáidfidh tú ach 1 lítear uisce má scuabann tú do chuid fiacla agus an sconna curtha as.
  • Cithfholcadh vs. Folcadh: Úsáidtear 80 lítear uisce sa mheánfholcadh. I gcomparáid leis sin, ní úsáidtear ach 49 lítear sa mheán-chithfholcadh a mhaireann seacht nóiméad. Chun ollchoigilt uisce a dhéanamh, glac cithfholcadh seachas folcadh.
  • Níos lú ama: Toisc go n-úsáidtear 7 lítear uisce in aghaidh an nóiméid sa mheán-chithfholcadh, ní gá duit ach aon nóiméad amháin a ghearradh ó do chithfholcadh cúig nóiméad chun suas le 7 lítear a choigilt in aghaidh an lae!
  • Lódáilte go hiomlán: Déan cinnte de go mbíonn do mhiasniteoir agus do mheaisín níocháin lódáilte go hiomlán i gcónaí. Úsáideann meaisín níocháin nua-aimseartha thart ar 65 lítear uisce in aghaidh an chiogail. Úsáideann miasniteoir 20 lítear in aghaidh an chiogail. Má dhéanann tú cinnte de go mbíonn siad lódáilte go hiomlán, ní hé amháin go gcaomhnóidh tú uisce, ach laghdóidh tú do bhillí fuinnimh freisin.
  • Ná sruthlaigh an t-uisce ar fad ar shiúl: Sruthlaítear síos an leithreas aon trian den uisce ar fad a úsáidtear sa bhaile. Bíonn sistéil mhóra áirithe éifeachtach go fóill fiú amháin nuair a shruthlaítear go bog iad. Cuir gléas díláithriúcháin isteach sa sistéal (áit nach mbeidh sé sa bhealach ar pháirteanna gluaisteacha) chun uisce a choigilt.
  • Ná déan dearmad ar uisce a bhailiú: Sáracmhainn do do ghairdín is ea uisce báistí. Bailigh uisce báistí ó do gháitéir le buta uisce, ach déan cinnte de go mbíonn an coimeádán mór cumhdaithe go slán i gcónaí ar mhaithe le do shábháilteacht.