An Chéad Deisiú Gan Chostas
Is é aidhm An Chéad Deisiú gan Chostas ná an méid uisce a chailltear trí sceitheanna ar áitribh chustaiméirí a laghdú. Trí dheisiúchán a dhéanamh ar bheagnach 63,000 sceitheanna, tá níos mó ná 89 milliún lítear uisce sábháilte in aghaidh an lae (soláthar laethúil Chontae agus Cathair na Gaillimhe).
Más rud é go rabhamar i dteagmháil leat faoi sceith amhrasta ar do phíobán seachtrach soláthair uisce , tá seans ann go gcáilíonn tú don scéim. Cuirtear ar fáil:
- Fiosrúchán saor in aisce má thugann do mhéadar uisce le fios gur seans ann go bhfuil sceitheadh ar do phíobán seachtrach soláthair.
- Deisiúchán saor in aisce* den sceitheadh má aimsítear sceitheadh ar an bpíobán seachtrach soláthair.
Taispeánann an léaráid an áit ina bhfuil an píobán seachtrach soláthair uisce ar áitribh chustaiméirí.
*Ag brath ar théarmaí agus coinníollacha na scéime.
Cé atá incháilithe don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas?
Tá tú incháilithe don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas más custaiméir teaghlaigh thú le:
- Sceitheadh cinntithe ar do phíobán seachtrach soláthair
- Méadar uisce suiteáilte ar d’áitreabh
- Cuntas Uisce Éireann
- Comhla stoptha laistigh den áitreabh atá inrochtana agus ag feidhmiú
Cláraigh don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas ar líne
Próiseas An Chéad Deisiú gan Chostas
Beidh Uisce Éireann i dteagmháil leat tríd an bpost má thugann do mhéadar uisce le fios gur seans ann go bhfuil sceitheadh ar d’áitreabh.
Iarrfaimid ort ceithre sheiceáil shimplí a dhéanamh timpeall an tí. Cuireann sé seo fadhbanna inmheánacha pluiméireachta as an áireamh mar chúis an sceite.
Mura bhfaigheann tú aon fhadhbanna inmheánacha pluiméireachta, cuir glao ar 1850 278 278 le fiosrúchán sceite saor in aisce a iarradh nó líon amach an fhoirm clárúcháin ar líne. Beidh ort a bheith cláraithe le hUisce Éireann agus comhla stoptha atá inrochtana a bheith agat i do theach.
Tiocfaidh ár gconraitheoir chugat le coinne a dhéanamh d’fhiosrúchán sceite ag am oiriúnach. B’fhéidir nár mhiste leat ár dTreoirleabhar Bí Slán a léamh, treoirleabhar a thugann céimeanna sábháilteachta gur féidir leat a thógáil agus tú ag déileáil le cuairteoirí chuig do theach.
Déanfaidh ár gconraitheoir an fiosrúchán chun fáil amach an bhfuil sceitheadh ar an bpíobán seachtrach soláthair.
Is féidir leat ár bhfoirm clárúcháin don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas a líonadh amach anseo.
Ag seiceáil is ag deisiú sceitheanna uisce i do theach
Tá ceithre sheiceáil shimplí ann chun fáil amach an bhfuil fadhbanna inmheánacha pluiméireachta i do theach.
Má aimsíonn tú sceitheadh uisce laistigh de do theach, seachas ceann ar an bpíobán seachtrach soláthair, beidh ort do dheisiúchán féin a shocrú. Chomh maith le cothabháil teaghlaigh de shaghas ar bith, is tusa atá freagrach as na píobáin ar d’áitreabh agus laistigh de do theach. Tá Uisce Éireann freagrach as na píobáin ar an taobh poiblí.
Leagan amach tipiciúil de sholáthar uisce i dteach le méadar uisce
A = príomhphíobán uisce poiblí
B = méadar uisce agus comhla stoptha lasmuigh
C = píobán seachtrach soláthair
D = píobán inmheánach soláthair
E = comhla stoptha laistigh
F = píobán forsceite
Céard atá custaiméirí ag rá faoi scéim An Chéad Deisiú gan Chostas:
Seirbhís ghasta den chéad scoth. Bhí an criú oibre a dheisigh an sceitheadh lasmuigh de mo dhoras tosaigh dea-bhéasach, éifeachtúil agus cuimsitheach. Tá feabhas tagtha ar sheirbhís phoiblí na hÉireann.
An-chabhrach & cairdiúil. An-sásta leis an taithí agus an toradh.
Bhí an fhoireann ar fad proifisiúnta agus dea-mhúinte. Rinneadh an obair gan mórán cur isteach ar an ar an bpábháil sa ghairdín. Rinneadh seiceáil ar an obair cúpla lá tar éis í a chríochnú ar eagla go mbeadh sceitheanna ann. Jab proifisiúnta cuimsitheach amach is amach.
Déan ár gceithre sheiceáil shimplí chun fáil amach an bhfuil fadhb inmheánach pluiméireachta i do theach.
Tuairiscí Ráithiúla don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas
- Tuairisc Ráithe 3 2015
- Tuairisc Ráithe 4 2015
- Tuairisc Ráithe 1 2016
- Tuairisc Ráithe 2 2016
- Tuairisc Ráithe 3 2016
- Tuairisc Ráithe 4 2016
- Tuairisc Ráithe 1 2017
- Tuairisc Ráithe 2 2017
Cáipéis Pholasaí don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas