D’fhéadfá suas go dtí 19,000 lítear uisce sa bhliain a shábháil ach a sheiceáil an bhfuil ligean timpeall an tí agus an ligean sin a dheisiú.

Má dheisítear ligean, d’fhéadfaí fadhbanna amhail brú laghdaithe uisce agus briseadh sa soláthar uisce a chosc. Is fadhbanna iad sin a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do theach.



Seo iad roinnt seiceálacha simplí is féidir leat a dhéanamh i do theach chun a fháil amach an ann nó nach ann d’aon fhadhbanna pluiméireachta inmheánaí is cúis le ligean:

Seiceáil an leithreas

An féidir leat sreabhadh seasmhach uisce a chloisteáil i gceann ar bith de na sistéil leithris i do theach? Féach an bhfuil sreabhadh uisce ag rith laistigh den bhabhla leithris nó cuir píosa páipéir leithris ar chúl istigh an bhabhla leithris agus feic an ionsúfar uisce.

Seiceáil an t-umar stórála uisce

An féidir leat athlíonadh an umair stórála uisce (a bhíonn le fáil san áiléar de ghnáth) a chloisteáil nuair nach mbíonn fearais lena n-úsáidtear uisce in úsáid nó nuair nár sruthlaíodh leithreas le déanaí? Tá sé úsáideach an tseiceáil sin a dhéanamh san oíche nuair a bhíonn sé níos ciúine. Is féidir leat a sheiceáil freisin an bhfuil uisce ag teacht as na píobáin sceite ón umar stórála uisce. Is féidir iad a fheiceáil de ghnáth ar an mballa seachtrach ar thaobh an tí.

Seiceáil gach sconna

Seiceáil gach ceann de na sconnaí tí agus de na sconnaí seachtracha sa ghairdín chun a fháil amach an bhfuil siad ag sileadh. Is féidir le sconna atá ag sileadh níos mó ná 1,500 lítear uisce a chur amú gach bliain (méid uisce a fhéadann 20 folcadán a líonadh). Ní gá ach an leicneán a athrú chun é sin a dheisiú.

Seiceáil na fearais lena n-úsáidtear uisce

Seiceáil na fearais lena n-úsáidtear uisce, e.g. an meaisín níocháin agus an miasniteoir, chun a fháil amach an bhfuil aon lochtanna pluiméireachta orthu, mar shampla, ailt atá ag sileadh nó osáin soláthair atá ag ligean.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le pluiméir le haghaidh comhairle a fháil nó deisiúcháin ligin a dhéanamh i do theach más gá. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach ‘Ligean Uisce a Bhrath’ freisin le haghaidh treoracha céim ar chéim maidir le conas tástáil le haghaidh ligin ar phíobán seachtrach soláthar uisce do réadmhaoine ach do mhéadar uisce a úsáid.

Is in ionaid ‘déan féin é’ agus in ionaid gharraíodóireachta atá na gléasanna sin lena sábháiltear uisce ar fáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le pluiméir le haghaidh comhairle a fháil faoi na gléasanna lena sábháiltear uisce atá oiriúnach do do theach.

Back to the top