Read what to do.

Cineálacha Ceangail

Tá Uisce Éireann freagrach as forbair agus soláthar seirbhísí uisce agus fuíolluisce go tithe agus gnólachtaí ar fud na hÉireann mar aon le ceangail lenár líonra atá ann cheana a éascú. Éilítear san An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2007 go rachaidh aon duine nó eagraíocht a bhfuil ceangal nua nó modhnaithe á lorg acu isteach in Aontú Ceangail le hUisce Éireann.

Is féidir iarratas a dhéanamh go Uisce Éireann do cheangal (nua nó modhnaithe) le haghaidh áitreabh tí agus tráchtála araon sna cásanna seo a leanas:

  • Ceangal Tí Singil: Seo ceangal le háitreabh tí singil, mar shampla tógáil nua nó teach atá ann cheana.
  • Gnólacht: Seo ceangal le háitreabh gnólachta singil , mar shampla, siopa nó oifig.
  • Sealadach: Seo ceangal gnólachta a bhainfear níos déanaí, mar shampla, obair thógála sealadach nó imeacht.
  • Ceangal Ilúsáide/Ilchineálach: Seo ceangal le haghaidh úsáid comhcheangailte teach, gnólacht agus tráchtáil, mar shampla áitreabh atá úinéirí ina gcónaí os cionn a ngnólacht, óstáin le háit chónaithe nó cóiríocht do mhic léinn a bhfuil saoráidí miondíola ann.
  • Forbairt Tithíochta: Seo ceangal ilchneálach go dtí go leor áitribh tí, mar shampla, estáit tithíochta nó sraith bloc arasáin.

Treoirleabhair

Tá na treoirleabhair seo forbartha againn le míniú a thabhairt ar cén slí ar féidir leat ceangal nua nó modhnaithe a fháil. agus chun cuidiú leat tuiscint a fháil ar an méid atá ag teastáil uait chun cur isteach ar cheangal. Sonraítear sna treoirleabhair freisin na cineálacha sócmhainní ceangail éagsúla agus mínítear cén slí ar féidir leo iad a shuiteáil.